Cúram Ceart, Áit Cheart, Am Ceart - Conairí Malartacha
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ar an 25 Márta 2021, reáchtáil Sláintecare an 8ú Seimineár Gréasáin - Cúram Ceart, Áit Cheart, Am Ceart - ‘‘Conairí Malartacha”
I rith an tSeimineáir Ghréasáin seo labhair Martin Dunne, Stiúrthóir na Seirbhíse Náisiúnta Otharcharranna faoi chonairí malartacha atá á soláthar ag an tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna, ar mhaithe le níos mó cúraim a chur ar fáil sa phobal.
I rith an tseimineáir ghréasáin seo roinneadh scéalta maidir le tionscadail atá á maoiniú ag Sláintecare atá ag soláthar conairí malartacha cúraim d’othair. Tá na tionscadail seo ag cabhrú le daoine cúram a fháil lasmuigh den ospidéal agus eispéireas daoine a úsáideann ár seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta a fheabhsú.
Cúram Comhtháite do Shamhail Daoine Scothaosta chun titim a chosc agus a bhainistiú (ID an Tionscadail 173)
Tá sé mar aidhm leis an tionscadal seo Samhail Chomhtháite chun Titim a Chosc agus a Bhainistiú a chur chun feidhme in Eagraíocht Cúraim Sláinte Pobail (ECP) 1. Is comhfhiontar comhtháite é seo idir ECP 1 agus Ospidéal Ollscoile Shligigh (SUH) i nGrúpa Ospidéil SAOLTA.
Is é nádúr nuálach an tionscadail seo go bhfuiltear ag glacadh le cur chuige iomlánaíoch maidir le cosc agus bainistíocht titime, a bhfuil foireann ildisciplíneach d’Fhisiteiripeoir sinsearach agus beirt chúntóirí teiripe, Altraspeisialtóir Cliniciúil agus tacaíocht chléireachais páirteach ann agus tá ceannaireacht chliniciúil á soláthar ag Geiriatraí atá ceaptha cheana féin, ardchleachtóir altranais (ACA) agus foireann cúraim chomhtháite do dhaoine scothaosta. Soláthróidh an fhoireann seo rochtain thapa ar sheirbhísí speisialaithe titime geirinteolaíochta le haghaidh dochtúirí teaghlaigh agus gairmithe sláinte cúraim phríomhúil. Beidh sé mar aidhm leis tinreamh éigeandála ar ospidéal géarmhíochaine a laghdú trí sheirbhís speisialaithe a sholáthar sa phobal agus an fad fanachta a laghdú trí chonair atreoraithe a sholáthar.
Tionscadal Cúraim Chomhtháite COPD (ID an Tionscadail 164)
Tá sé mar aidhm leis an Tionscadal Cúraim Chomhtháite COPD seo déileáil le bearnaí seirbhíse tosaíochta aitheanta in Seirbhísí Riospráide / COPD i bPort Láirge lena n-áirítear an gá atá le cur chuige pobalbhunaithe comhtháite i ndáil le cúram. Tá sé mar aidhm leis an tionscadal caighdeán saoil othar le COPD a fheabhsú laistigh de chur chuige soláthar seirbhíse comhtháite, trí chúram sláinte agus tacaíocht atá tráthúil, éifeachtúil agus inrochtana a sholáthar d’othair COPD, i suíomh oiriúnach cúraim phríomhúil agus cuairt chuig an ospidéal a sheachaint agus tacaíocht a sholáthar sa bhaile trí straitéis aistrithe saincheaptha agus cúram leantach.
Seirbhís Oinceolaíochta Pobail Chathair agus Chontae Bhaile Átha Cliath Thuaidh CIT (ID an Tionscadail 247)
Soláthróidh an tionscadal seo sainchúram d’othair ailse lasmuigh den suíomh ospidéil. Cumasóidh sé seo leathnú Fhoireann Idirghabhála Pobail (CIT) na Seirbhíse Oinceolaíochta Pobail chun cur leis an líon agus leis an gcineál cóireálacha is féidir a chur ar fáil d’othair sa chlinic CIT, i gcomhar le hOspidéal Ollscoile an Mater Misericordiae (MMUH). Laghdóidh sé seo an brú ar sheirbhísí ospidéal géarmhíochaine na Stiúrthóireachta um Chúram Ailse. Is é an aidhm atá leis an tionscadal seo sainchúram a sholáthar d’othair ailse lasmuigh den suíomh ospidéil.
Cúram comhtháite othar i mBaile Átha Cliath Theas, Cill Dara agus Cill Mhantáin Thiar ag a bhfuil othrais choise (Project ID 375)
Bunóidh an tionscadal seo seirbhís chomhoibritheach chun clinicí othras coise a éascú in ionaid cúraim phríomhúil, atá á threorú ag Ospidéal Ollscoile Thamhlachta i gcomhar le Cúram Sláinte Pobail Bhaile Átha Cliath Theas, Chill Dara agus Chill Mhantáin Thiar. Cumasóidh an tseirbhís seo cúram comhtháite idir an pobal agus ospidéal a fhorbairt tuilleadh chun an cúram a chuirtear ar fáil d’othair ag a bhfuil othrais choise a fheabhsú.
Ba é seo an t-ochtú seimineár gréasáin i sraith seimineár gréasáin atá á reáchtáil ag Sláintecare i gcomhpháirt le FSS agus IFIC Éireann.