Foilsiú
Plean Straitéiseach na Cigireachta 2021-2024
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Forbraíodh an Plean Straitéiseach Cigireachta seo le linn tréimhse ina raibh athrú mór, dúshlán agus corraíl ann do pháistí agus do dhaoine óga in Éirinn. Bhí tionchar an-mhór ag an bpaindéim COVID-19 ar shaoránaigh uile na tíre seo agus spreag sé muid i dtreo bealaí nua chun smaoineamh, chun déileáil le rudaí agus chun forbairt – mar shochaí, mar pháistí, mar dhaoine óga, mar oideachasóirí agus mar chinntitheoirí agus mar thionscnóirí cáilíochta. Tugann na hoiriúnuithe nár mhór a dhéanamh don oideachas –an casadh i dtreo modhanna éagsúla teagaisc agus foghlama – deis dúinn uile tosaíochtaí a bheachtú agus a athfhócasú.