Tuarascáil ar an Anailís ar Scileanna le haghaidh Foirgníochta Cónaithe agus Iarfheistithe, 2023 go 2030
Ó An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is iad SOLAS – Údarás Breisoideachais agus Oiliúna na hÉireann agus an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta (RBATNE) araon a choimisiúnaigh an tuarascáil seo. Is éard is cuspóir leis ná na scileanna tógála breise a bheidh ag teastáil chun spriocanna an Rialtais maidir le tithíocht nua a bhaint amach agus chun 446,300 teach a iarfheistiú sa tréimhse 2023-2030 (Cé go bhfuil sprioc an Rialtais maidir le 500,000 teach a aisfheistiú go B2 BER, tá roinnt acu atá críochnaithe cheana féin).
In Tithíocht do Chách, leagtar amach fís agus plean gníomhaíochta don tréimhse naoi mbliana i ndáil le gach Roinn agus Gníomhaireacht Rialtais iomchuí. Sa chéad athbhreithniú bliantúil, a ndearnadh i mí Dheireadh Fómhair 2022, leagadh amach conas atá an Rialtas ag freagairt d’fhorbairtí le déanaí agus ag cinntiú go bhfanann fócas ar sheachadadh. Is gníomh ardtosaíochta é an tuarascáil seo a fhoilsiú faoin leagan athbhreithnithe den phlean Tithíocht do Chách, chun cabhrú le dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta, trí dearbhú a dheánamh go bhfuil na héilimh scileanna againn chun ár spriocanna iarfheistithe tithíochta agus tí a bhaint amach.
Tá an tuarascáil dírithe ar na scileanna tógála uile – is é sin le rá scileanna a fhreagraíonn do gach leibhéal cáilíochta ar Chreatoibre Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann (NFQ). Is iad na gairmscileanna a chlúdaítear ná iad siúd i ngrúpaí gairm 1-digit SOC 1,2,3, 5 agus 8.
Go ginearálta, maoiníonn SOLAS oideachas agus oiliúint daoine ar leibhéil 1-6, agus tá sé Bhord Oideachais agus Oiliúna déag (BOOanna) seachadta aige freisin. I gcodarsnacht leis sin, is iad na forais ardoideachais a chuireann oideachas agus oiliúint cáilíochtaí os cionn leibhéal 6 ar fáil do dhaoine den chuid is mó.
Tá trí réamhaisnéis dhifriúla atá curtha i láthair sa tuarascáil:
Trí réamhaisnéis ar leith a chur i láthair ionas gur féidir le lucht ceaptha beartais an tionchar a bheidh ag aon athrú ar an sceideal gníomhaíochta in aon cheann de na trí fho-earnáil chónaithe seo ar infhaighteacht oibrithe scileanna don dá fho-earnáil eile a aithint (m.sh. moilliú ar luas an iarfheistithe. scaoilfidh gníomhaíocht oibrithe oilte chun tithe nua a thógáil).
Úsáidtear an bhliain 2019 mar bhonnbhliain don tréimhse réamhaisnéise toisc gurb í an bhliain is déanaí í nár chuir an paindéim isteach ar an ngníomhaíocht tógála agus a bhfuil faisnéis ar fhostaíocht agus ar chaiteachas tógála ar fáil ina leith. Tá an meastachán maidir leis an líon fostaíochta i ngach slí bheatha tógála ar leith in 2019 bunaithe ar theaglaim foinsí lena n-áirítear Suirbhéanna 2017 agus Suirbhéanna ar an bhFórsa Saothair (LFS) 2019 agus Daonáireamh 2016 agus i gcás oibrithe gairmiúla, ballraíocht na gcomhlachtaí gairmiúla ábhartha.
Úsáidtear LFS 2017 toisc go bhfuil ceist ann faoin méid atá ceardaithe agus oibritheoirí tógála fostaithe san earnáil chónaithe. An Freagraí ar an gceist sin, cruthaítear figiúirí fostaíochta do go leor ceirdeanna foirgníochta atá i bhfad níos airde ná na figiúirí comhfhreagracha arna tuairisciú i dtuarascálacha le déanaí. Go háirithe, tá meastachán 2019 maidir le fostaíocht sna trádálacha ainmnithe níos airde ná na figiúirí comhfhreagracha i dtuarascáil le déanaí ó shainchomhairleoirí AECOM a bhain úsáid as an gcur chuige ionchuir/aschuir.
Tá tionchar láidir ag an mbealach a bhfuiltear ag súil leis de ghníomhaíocht tógála ar mhéid na bearna idir éileamh agus soláthar scileanna tógála do thithíocht, iarfheistiú agus deisiú agus cothabháil ghinearálta. Sa sceideal tógála tithe a chuirtear i láthair anseo, baintear amach an sprioc de 34,500 teach a chríochnú in 2025. I gcodarsnacht leis sin, meastar go dtarlóidh an t-iarfheistiú beagnach ar fad ar thithe go caighdeán B2 nó a choibhéis thar an tréimhse 2026-2030, agus na blianta sin san áireamh.
I gcás tithe nua a thógáil, socraítear an sceideal ag leibhéal na dtosaithe agus na gceadanna pleanála arna n-eisiúint le blianta beaga anuas. Bhí an toirt maidir leis an dá cheann sin eisceachtúil as cuimse in 2021, agus tá an chuma ar an scéal go mbeidh thart ar 27,000 teach críochnaithe in 2022.
I gcás iarfheistiú 446,300 teach, samhlaítear sa sceidealgníomhaíochta a comhaontaíodh idir an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide (DECC) agus Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) go ndéanfar thart ar 25% de na tithe a iarfheistiú faoi 2025, agus go ndéanfar 75 díobh a aisfheistiú idir 2026 agus 2030.
Glactar leis go leanfaidh an leibhéal deisiúcháin agus cothabhála ginearálta a tharla in 2019 ar aghaidh ar feadh gach bliain de thréimhse na réamhaisnéise.
Tá ceithre fhoinse fhéideartha ann maidir le soláthar oibrithe tógála gairmiúla, teicniúla, oilte agus leathoilte in Éirinn. Is iad sin na hollscoileanna teicneolaíochta agus na hinstitiúidí teicneolaíochta; an córas printíseachta; an Scéim Deimhnithe Scileanna Foirgníochta (CSCS) agus raon leathan de chúrsaí gairmoiliúna réasúnta gearr.
Ina theannta sin, tá dhá fhoinse soláthair scileanna ann ó lasmuigh d’Éirinn. Ar an gcéad dul síos, tá líon suntasach oibrithe oilte fostaithe sa tionscal tógála a tháinig go hÉirinn ó thír eile laistigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE). Ar an dara dul síos, tá líon suntasach oibrithe oilte a rugadh lasmuigh den LEE agus atá fostaithe sa tionscal, tar éis dóibh leas a bhaint as an scéim ceada oibre.
Chun spriocanna an Rialtais maidir le tithíocht agus iarfheistiú a bhaint amach agus chun leanúint ar aghaidh ag gabháil do dheisiú agus cothabháil ghinearálta, meastar go gcaithfear 50,831 iontrálaí nua a earcú i slite beatha bainistíochta, gairmiúla, oilte agus leathoilte thar an tréimhse 2023-2030. D’fhéadfadh na hiontrálaithe nua seo a bheith ina meascán d’oibrithe atá fostaithe sa tionscal faoi láthair agus atá ag iarraidh breisoiliúint a fháil, nó cuardaitheoirí poist ar mian leo gairm bheatha a ghlacadh i dtógáil nó in iarfheistiú.
Bliain | 2019 | 2023-2030 | ||
Gach scil | Bonnbhliain | Earcaíocht riachtanach (breise) | ||
Fostaithe | Leathnú | Athsholáthar | Earcaíocht | |
Tithe nua a thógáil | 29,969 | 10,675 | 13,511 | 24,186 |
Scéim iarfheistithe (B2) | 3,870 | 18,180 | 4,598 | 22,779 |
RMI eile | 13,916 | 0 | 3,866 | 3,866 |
Iomlán | 47,755 | 28,855 | 21,975 | 50,831 |
Chun riachtanais oiliúna agus oideachais iontrálaithe nua a thuiscint, déantar na hiontrálaithe nua a shannadh ar dhualgais bunaithe ar a gcáilíochtaí, ag idirdhealú idir oibrithe bainistíochta, gairmiúla, teicniúla agus ceardaíochta, oibrithe trádála neamhainmnithe agus oibrithe.
Cineálacha cáilíochtaí | Iontrálaithe nua is gá |
Gairmiúil/teicniúil | 3,184 |
Ceardaíocht | 15,300 |
Ceirdeanna eile | 3,009 |
Oibrithe | 2,692 |
Iomlán tithe a thógáil | 24,186 |
Gairmiúil/teicniúil | 2,369 |
Ceardaíocht | 12,266 |
Ceirdeanna eile | 8,142 |
Oibrithe | 0 |
Iarfheistiú iomlán | 22,779 |
Gairmiúil/teicniúil | 440 |
Ceardaíocht | 2,448 |
Ceirdeanna Eile | 456 |
Oibrithe | 512 |
Deisiúchán agus cothabháil iomlán | 3,866 |
Móriomlán | 50,831 |
Baineann an dúshlán is mó le líon na n-iontrálaithe nua is gá i ndáil le cáilíochtaí gairmiúla, teicniúla agus ceardaíochta an toisc go dtógann sé roinnt blianta chun cáilíochtaí den sórt sin a bhaint amach. I gcodarsnacht leis sin, is féidir le hiontrálaithe nua a dteastaíonn cáilíocht oibriúcháin nó cáilíocht eile trádála uathu cáilíocht den sórt sin a bhaint amach sách tapa trí pháirt a ghlacadh i gclár oiliúna teastais tógála iomchuí nó i gceann de raon de chláir ghearrscileanna gairmoideachais.
Maidir leis an raon sin de chláir, áirítear raon leathan de chúrsaí gairmoiliúna i ngach gné d’iarfheistiú áitribh tí, lena n-áirítear an t-insliú, an aerdhíonacht, agus suiteáil córas téimh, aeraithe agus grianchórais. Áirítear go leor clár breisoiliúna leis freisin atá dírithe go sonrach ar oibrithe ceirde i gcuid de na ceirdeanna reatha go háirithe brící, siúinéireacht, leictreachas agus pluiméireacht. Is éard is aidhm le cúrsaí breisoiliúna den sórt sin na scileanna a sholáthar dóibh siúd a fuair oiliúint sa chóras printíseachta traidisiúnta chun cur le foirgníocht Foirgnimh Nach Mór Neodrach Ó Thaobh Fuinnimh (NZEB).
Áirítear ar na cúrsaí seo freisin ceirdeanna neamh-ainmnithe cosúil leis an gloiniú, díonta agus an cruach-tógáil, agus an phrintíseacht nua sa scafalra. Níl an scafalra mar chuid den chóras printíseachta réamh-2016 agus tá struchtúr difriúil ag gabháil leis.
Mar sin féin, cé nach bhfuil aon deacracht i bprionsabal leis na scileanna a bhaineann le hoibrithe nó le ceirdeanna neamh-ainmnithe a sheachadadh, beidh méadú suntasach ar chumas reatha an chórais gairmoiliúna ag teastáil chun cúrsaí breisoiliúna a sholáthar do líon chomh mór sin fostaithe agus cuardaitheoirí poist.
Cruthaíonn sceideal na gníomhaíochta tógála dúshláin toisc go dtarlaíonn an chuid is mó den tógáil tithe i mblianta tosaigh na tréimhse réamhaisnéise. Go deimhin, sroicheann an fhoirgníocht tithe a bhuaicphointe de 34,500 in aghaidh na bliana faoi 2025. Ar ndóigh, d’fhéadfadh go rachadh buaic na gníomhaíochta tógála tithe os cionn 34,500, ach sin atá ag teastáil chun meánlíon de 33,000 teach a sheachadadh idir 2022-2030. Mar atá le feiceáil i dTáblaí 3E agus 4E thíos, tá bearna idir an riachtanas d’iontrálaithe nua agus an soláthar ón gcóras tríú leibhéal agus an córas printíseachta – tá an bhearna suntasach, go háirithe i gcás an dara leibhéal.
Gairmeacha | Iontrálaithe nua is gá | Soláthar bliantúil reatha bunaithe ar 2019 | ||||
Bliain | 2023 | 2024 | 2025 | Leibhéal 7 | Leibhéal 8+ | Iomlán |
Bainisteoirí diúscartha dramhaíola | 58 | 48 | 33 | 0 | 0 | 0 |
Bainisteoirí tógála | 221 | 226 | 149 | 63 | 137 | 200 |
Bainisteoirí tionscadail | 165 | 135 | 100 | 68 | 68 | 136 |
Innealtóirí struchtúracha | 121 | 111 | 76 | 0 | 104 | 104 |
Ailtirí | 172 | 152 | 102 | 0 | 271 | 271 |
Cainníocht, suirbhéirí tógála | 87 | 76 | 52 | 50 | 173 | 223 |
Pleanálaithe | 45 | 37 | 26 | 0 | 47 | 47 |
Teicneolaithe ailtireachta | 27 | 27 | 20 | 0 | 0 | 0 |
Gairmithe caomhnaithe | 37 | 30 | 27 | 0 | 12 | 12 |
Gairmithe comhshaoil | 69 | 61 | 42 | 0 | 31 | 31 |
Teicneoirí ailtireachta | 96 | 83 | 61 | 23 | 47 | 70 |
Iomlán | 1,098 | 981 | 681 | 204 | 890 | 1,094 |
Cé is moite de bhainisteoirí diúscartha dramhaíola, is cosúil go bhfuil an soláthar bliantúil de chéimithe ón gcóras oideachais tríú leibhéal ag teacht leis an éileamh atá réamh-mheasta, go bunúsach. Leis sin, tá tabhairt isteach cúrsaí nua san ailtireacht agus sa suirbhé cainníochta le blianta beaga anuas le brath.
Tá cúpla sainréimse ann inar cheart breathnú ar mhéadú ar sholáthar oideachais agus oiliúna. Ar an gcéad dul síos, d’fhéadfadh go mbeadh gá le cúrsa breise i suirbhéireacht foirgneamh mar gheall ar an méadú suntasach a bhfuiltear ag súil leis ar thógáil tithe agus ar iarfheistiú. Moltar don Údarás um Ard-Oideachas athbhreithniú a dhéanamh ar leibhéal an tsoláthair de chláir iarchéime sa réimse scileanna seo.
Ar an dara dul síos, tá bearna i scileanna bainistíochta tionscadail go sonrach chun ceardaithe agus ceirdeanna oilte eile a mhaoirsiú. Ní mór dul i ngleic leis an easnamh scileanna seo de réir mar a bhíonn obair na gceirdeanna oilte ag éirí níos casta mar gheall ar an mbéim atá leagtha ar inbhuanaitheacht agus toisc go bhfuil tionchar mór ag an teicneolaíocht agus ábhair nua ar theicnící foirgníochta traidisiúnta.
Tugann an méadú ar chastacht an phróisis tógála le tuiscint freisin go mbeadh athbhreithniú ar na cúrsaí bainistíochta tionscadail iarchéime atá ann cheana féin oiriúnach lena chinntiú go léiríonn na curaclaim agus an struchtúr modhanna agus ábhair nua-aimseartha tógála - lena n-áirítear déantúsaíocht as-láthair agus slabhraí soláthair níos forleithne.
Gairmeacha | Iontrálaithe nua is gá | Cláraithe 4 bliana roimhe sin | ||||
Bliain | 2023 | 2024 | 2025 | 2023 | 2024 | 2025 |
Leictreoirí | 902 | 698 | 522 | 1,949 | 1,740 | 2,748 |
Oirtheoirí píopaí | 20 | 21 | 14 | 76 | 52 | 98 |
Bríceadóirí | 360 | 368 | 258 | 80 | 56 | 148 |
Pluiméirí | 988 | 812 | 613 | 628 | 560 | 875 |
Siúinéirí | 1,325 | 1,311 | 918 | 597 | 563 | 847 |
Plástróirí/tíleoirí balla | 742 | 678 | 489 | 36 | 20 | 38 |
Péintéirí | 720 | 656 | 475 | 31 | 24 | 41 |
Iomlán | 5,057 | 4,544 | 3,289 | 3,397 | 3,015 | 4,797 |
Tacaíonn torthaí na tuarascála seo leis an gcinneadh atá déanta le déanaí méadú suntasach ar líon na bpleanálaithe gairmiúla a cheadú freisin. Tá méadú de 200 aontaithe ag an Rialtas ar líon na bpleanálaithe gairmiúla.
Ní mholtar an leibhéal reatha soláthair oideachais d'ailtirí ná do shuirbhéirí cainníochta a mhéadú. Tá dhá chúis leis sin. Ar an gcéad dul síos, tá méaduithe ar an soláthar oideachais don dá dhisciplín seo le blianta beaga anuas. Ar an dara dul síos, tá dearcadh diúltach i dtionscal tógála na hÉireann maidir le forbairt tráchtála agus innealtóirí sibhialta le míonna beaga anuas agus dá bhrí sin níl údar le méadú den sórt sin faoi láthair. Is féidir féachaint ar an tsaincheist seo arís i leaganacha nuashonraithe den tuarascáil seo.
Tá an scéal maidir le soláthar printíseachta casta. Ar an gcéad dul síos, tá éagsúlacht mhór le blianta beaga anuas ó thaobh an líon daoine a chríochnaíonn printíseachtaí i mblianta éagsúla. Go ginearálta, má tá na hionchais fostaíochta sa tionscal go maith, tá an ráta sách ard agus a mhalairt. Mar sin féin, is annamh a bhíonn an ráta críochnaithe os cionn 75%.
Ar an dara dul síos, bhí tréimhsí ina raibh an córas oideachais agus oiliúna agus an tionscal tógála é féin dúnta in 2020 agus in 2021 mar gheall ar an bpaindéim. Toisc go bhfuil 7 gcéim i gceist le printíseacht, a chomhcheanglaíonn oiliúint ar an láthair agus as an láthair araon, chruthaigh na dúnadh seo moill shuntasach don chóras oideachais agus oiliúna maidir le próiseáil na bprintíseach trí gach ceann de na céimeanna. Tá plé leanúnach ar siúl idir na páirtithe leasmhara ábhartha maidir leis an mbealach is fearr chun an próiseas seo a bhrostú agus ní féidir réamh-mheastacháin chruinne a dhéanamh go fóill ar an tionchar a bheidh ag na dúnta seo ar an ráta críochnaithe.
Tá sé tugtha le fios sna figiúirí i dTábla 4E go bhféadfadh ganntanais a bheith i roinnt ceirdeanna mura ndéantar beart chun an cás sin a sheachaint. Is mó imní ná cuid eile de na ganntanais ionchasacha seo. Tá an líon atá ag clárú don phrintíseacht péintéireachta agus maisiúcháin agus don phrintíseacht phlástrála agus tíleála an-íseal le blianta fada anuas. Ní cosúil gur cuireadh srian ar an leibhéal tógála tithe nua leis an leibhéal íseal clárúcháin atá ann le blianta beaga anuas, agus níltear ag súil go mbeidh an leibhéal íseal clárúcháin seo sna ceirdeanna ina bhac ar sheachadadh na spriocanna tithíochta nua.
D’fhéadfadh an díláithriú teicneolaíochta saothair a bheith ar cheann de na fachtóirí a chuireann le laghdú ar an leibhéal clárúcháin sna ceirdeanna seo – go háirithe sa phlástráil. D'fhéadfadh úsáid fhorleathan na tirimlíneála agus leibhéil arda adhmaid agus gloinithe araon, atá ag éirí níos airde, i bhfabraic an fhoirgnimh a bheith ina dtosca freisin.
Ar an dóigh chéanna, beidh impleachtaí ag baint le sciar méadaitheach den stoc tithíochta anois ag árasáin E an éileamh ar bhríceadóirí. Úsáidtear an choincréit réamhtheilgthe seachas bloic nó brící coincréite in a lán árasáin chun na ballaí a thógáil agus tá laghdú tagtha ar an éileamh ar scileanna an bhrícíora mar gheall ar an gcleachtas seo. Ar an drochuair, toisc nach bhfuil ach sciar suntasach den fhorbairt chónaithe tagtha chun cinn ag tógáil árasáin le blianta beaga anuas, níl go leor sonraí ar fáil chun tionchar foirgneamh na n-árasán ar an éileamh ar bríceadóirí a mheas go cruinn.
Tá cás den chineál céanna i gceist i gcás siúinéirí. Tá fianaise ag méadú ó láithreáin tógála go bhfuil níos mó tóir ag baint le tógáil frámaí adhmaid lasmuigh den láthair. Mar shampla, le haghaidh tógáil eastáit mhóra, is minic a bhíonn frámaí dín á seachadadh chuig an láithreán atá tógtha go hiomlán, agus tógtar go leor den fhráma tithe adhmaid lasmuigh den láthair. Tá méadú tagtha le blianta beaga anuas ar urraíocht na bprintíseach sa trádáil déantúsaíochta agus críochnú adhmaid agus d’fhéadfadh na forbairtí seo a bheith ina gcúis leo.
Is fachtóir mór é an leibhéal táirgiúlachta chun líon na n-oibrithe tógála oilte a theastaíochta agus críochnú adhmaid agus d’fhéadfadh na fnn chun candam ar leith de ghníomhaíocht tógála a sheachadadh. Glacann an réamhaisnéis sa tuarascáil seo leis go leanann an leibhéal táirgiúlachta a bhí i réim in 2019 thar thréimhse na réamhaisnéise. Tá gá le tuilleadh taighde, áfach, le fáil amach an bhfuil an toimhde seo réalaíoch. Pléitear an cheist ar bhealach níos mine i gcaibidil a cúig den tuarascáil.