Is féidir treoracha agus eolas maidir le do ghnó a ullmhú a fháil anseo: Sé Chéim atá le glacadh le bheith ullamh don Bhreatimeacht
D'fhág an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach an 31 Eanáir 2020 nuair a thug an dá thaobh Comhaontú um Tharraingt Siar chun críche d'fhonn imeacht ordúil a éascú.
Rinneadh foráil sa Chomhaontú um Tharraingt Siar d’idirthréimhse, agus tháinig deireadh leis an tréimhse sin an 31 Nollaig 2020.
Níl an RA i Margadh Aonair ná in Aontas Custam an AE a thuilleadh. Ciallaíonn sé sin go bhfuil gnó ar bith a aistríonn earraí ón Ríocht Aontaithe, chuig an Ríocht Aontaithe nó tríthi, faoi réir réimse nua foirmiúlachtaí custaim agus ceanglais rialála eile anois, beag beann ar cé chomh mór nó chomh beag is atá an gnó sin.
Tá sé tábhachtach a thabhairt ar aird nach mbainfidh na hathruithe seo le trádáil earraí idir Éire agus Tuaisceart Éireann. Beidh an Prótacal maidir le hÉirinn agus Tuaisceart Éireann i bhfeidhm ón 1 Eanáir agus foráiltear ann go leanfaidh Cód Custam an Aontais de bheith i bhfeidhm i ndáil le Tuaisceart Éireann agus i dTuaisceart Éireann.
Tá réimse tacaíochtaí gnó curtha ar fáil ag an Rialtas, lena n-áirítear tacaíochtaí comhairleacha, airgeadais agus uasoiliúna chun ullmhú don Bhreatimeacht.
Cibé más gnó áitiúil nó gnó mór ilnáisiúnta atá ionat, tá roinnt céimeanna ann nach mór duit a ghlacadh má bhíonn tú ag iompar earraí chuig an RA, ón RA agus tríd an RA (gan Tuaisceart Éireann san áireamh).
Tá sé tábhachtach a thabhairt ar aird nach mbainfidh na hathruithe seo le trádáil earraí idir Éire agus Tuaisceart Éireann. Beidh an Prótacal maidir le hÉirinn agus Tuaisceart Éireann i bhfeidhm ón 1 Eanáir agus foráiltear ann go leanfaidh Cód Custam an Aontais de bheith i bhfeidhm i ndáil le Tuaisceart Éireann agus i dTuaisceart Éireann.
De bharr go mbeidh an RA ag imeacht as an AE, tiocfaidh athruithe móra i bhfeidhm ar an 1 Eanáir. Tá go leor comhairle ar fáil ar gov.ie. Maidir le cásanna a bhfuil cúnamh práinneach agus láithreach ag teastáil ina leith, tá roinnt acmhainní curtha ar fáil ag ranna agus gníomhaireachtaí Rialtais chun cuidiú le gnólachtaí agus saoránaigh. Tá sonraí teagmhála do roinnt de na príomhsheirbhísí sin le fáil anseo agus anseo,
Le bheith ar an eolas faoin nuacht is déanaí: