Tascfhórsa Saineolaithe chun tacú le leathnú ról na gcógaiseoirí in Éirinn
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ar an 23ú Iúil 2023, bhunaigh an tAire Sláinte Stephen Donnelly TD Tascfhórsa Saineolaithe chun tacú le leathnú ról na gcógaiseoirí in Éirinn. Is é sainchúram an Tascfhórsa ná sainaithint agus tacú le seachadadh cuspóirí sonracha, a fhreastalóidh chun seirbhísí agus cleachtais is féidir le cógaiseoirí agus cógaslanna a sholáthar a ailíniú le riachtanais na seirbhíse sláinte agus na n-othar.
Cuimsíonn an Tascfhórsa 13 duine aonair a thabharfaidh an saineolas sonrach, an pheirspictíocht agus an inniúlacht ar leith a theastaíonn chun forbhreathnú iomlánaíoch a sholáthar ar na gníomhartha is gá chun an leathnú is fearr ar sholáthar na seirbhíse sláinte trí chógaisíocht agus cógaiseoirí. Thar aon ní eile, déanann siad ionadaíocht ar go leor de na príomhgheallsealbhóirí, agus mar sin is cuid dhílis d’obair an Tascfhórsa comhairliúchán le geallsealbhóirí. Tá an Grúpa comhdhéanta de:
Tháinig an Tascfhórsa le chéile den chéad uair an 29 Lúnasa 2023 agus táthar ag súil go dtiocfaidh siad le chéile gach coicís agus chomh minic agus a chomhairlíonn an Cathaoirleach. Táthar ag súil le céad mholtaí an Tascfhórsa don Aire faoi dheireadh mhí Dheireadh Fómhair 2023
Tascfhórsa Saineolaithe chun Tacú le Leathnú Ról na Cógaisíochta
Más mian leat dul i dteagmháil le Rúnaíocht an Tascfhórsa, déan é sin le do thoil ag PharmacyTaskforce@health.gov.ie
Tá Comhairliúchán Poiblí ar siúl ag an Tascfhórsa Saineolaithe faoi láthair maidir le leathnú féideartha na seirbhísí ar féidir le Cógaiseoirí iad a sholáthar i suíomhanna Cógaisíochta. Is éard atá sa chomhairliúchán seo ná suirbhé ar líne a lorgaíonn tuairimí agus barúlacha ó lia-chleachtóirí cláraithe in Éirinn, ó ghairmithe gaolmhara sláinte agus cúram sóisialta, ó eagraíochtaí agus ó bhaill den phobal chun an spéis agus an tacaíocht maidir le leathnú na seirbhísí sin a mheas. Beidh an Comhairliúchán Poiblí ar oscailt ón Déardaoin 16 Bealtaine go dtí Dé hAoine 28 Meitheamh 2024. Faigh tuilleadh eolais ag gov.ie/An-Tascfhorsa-Cogaisiochta-Comhairliuchan-Poibli-2024