An Tascfhórsa um Fhorbairt Leictreachais In-athnuaite a Luathú
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Faoin bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023 agus faoin bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 a tháinig ina dhiaidh, shocraigh an Rialtas sprioc uaillmhianach go soláthrófaí sciar 80% de ghiniúint leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite faoin mbliain 2030 chun córas fuinnimh a bheidh níos inbhuanaithe agus níos athléimní don todhchaí a chruthú. Chun an sprioc a bhaint amach, ghabh an Rialtas air féin 9 GW d’fhuinneamh gaoithe ar talamh, 8 GW d’fhuinneamh ó ghrianphainéil fhótavoltacha agus 500 MW d’fhuinneamh pobail a sholáthar thar an tréimhse chéanna.
Ceann amháin de na bearta is tábhachtaí sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023 ("an Tascfhórsa") ba ea an Tascfhórsa um Fhorbairt Leictreachais In-athnuaite a Luathú a bhunú. Is é ról an Tascfhórsa sainaithint agus comhordú a dhéanamh ar na beartais is gá chun imscaradh na giniúna leictreachais in-athnuaite ar talamh agus na dteicneolaíochtaí tacaíochta a bhrostú agus a mhéadú, agus na beartais sin a chur in ord tosaíochta, agus a chinntiú go mbainfear na bacainní ar chur chun feidhme na mbeartas sin nó go n-íoslaghdófar iad a mhéid is féidir, chun na spriocanna sin don bhliain 2030 de chuid an Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide a chomhlíonadh.
Tá an Tascfhórsa faoi chathaoirleacht ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, agus cuimsíonn a chomhaltas oifigigh shinsearacha ó roinnt ranna rialtais agus gníomhaireachtaí stáit.
Gheobhaidh an Tascfhórsa tacaíocht ó naoi nGrúpa Oibre atá roinnte ina dtrí cholún de sholáthar foinsí fuinnimh in-athnuaite:
D’ullmhaigh an Tascfhórsa clár oibre, mar atá Plean Cur Chun Feidhme an Tascfhórsa, ina leagtar amach na cuspóirí agus garspriocanna tosaigh chun na foinsí fuinnimh in-athnuaite ar talamh agus an bonneagar tacaíochta is gá a sholáthar chun tacú leis an sprioc go soláthrófaí 80% de leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite faoin mbliain 2030.
Straitéis agus plean tionscadail de chuid an Tascfhórsa uile is ea an Plean Cur Chun Feidhme, áit a leagtar amach an treochlár le haghaidh na ngníomhaíochtaí a sainaithníodh a bheith riachtanach chun ár spriocanna le haghaidh foinsí fuinnimh in-athnuaite ar talamh don bhliain 2030 a chomhlíonadh (mar atá 9 GW d’fhuinneamh gaoithe ar talamh agus 8 GW d’fhuinneamh ó ghrianphainéil fhótavoltacha a sholáthar). Tabharfar an Plean Cur Chun Feidhme sin cothrom le dáta ar bhonn tréimhsiúil, agus aird á tabhairt ar leaganacha amach anseo den Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide agus ar an mbeartas rialtais.