Toircheas agus Tuismitheoirí Nua
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé tábhachtach ar mhaithe leat féin agus do naíonán go mbíonn do stíl mhaireachtála sláintiúil i rith do thoirchis. D’fhéadadh go mbeadh go leor ceisteanna á gcur agat i rith na tréimhse seo freisin. Anseo thíos gheobhaidh tú acmhainní a chabhróidh leat ullmhú do bhabaí a bheith agat.
Tá eolas agus treoir maidir le toircheas forbartha ag FSS atá le fáil ag HSE/mychild.ie.
Cabhraíonn ranganna réamhbhreithe leat ullmhú don tinneas clainne, breith agus a bheith i do thuismitheoir. Tá eolas úsáideach agus acmhainní ar líne le fáil ag HSE/antenatalclasses. Tá eolas agus comhairle maidir le toircheas agus COVID-19 le fáil ag HSE/COVID-19 and pregnancy.
Tá sé tábhachtach a bheith airdeallach air agus go mbeadh cóir leighis ar fáil d’fhadhbanna meabhairshláinte chomh maith le fadhbanna leis an tsláinte fhisiciúil i rith toirchis. Tá eolas maidir le cúrsaí meabhairshláinte i rith toirchis agus an Clár Náisiúnta um Sheirbhísí Meabhairshláinte Imbhreithe Speisialaithe le fáil ag HSE.ie.
Tá breis is tríocha gearrfhíseán ar fáil, atá forbartha ag Aonad Sláinte an Lucht Siúil in FSS, do Mhná Torracha den Lucht Siúil, ar fáil anseo.
Tá tuilleadh eolais maidir le conas breith a chlárú le fáil ag gov.ie/registerabirth.
Is féidir le gach leanbh atá faoi 6 bhliain d’aois atá ina c(h)ónaí in Éirinn cárta cuairte Dochtúra a fháil. Tá tuilleadh eolais le fáil ag HSE.ie/under 6 GP Card.
Is íocaíocht mhíosúil é an Sochar Linbh a íoctar le tuismitheoirí nó caomhnóirí leanaí atá faoi 16 bhliain d’aois, nó 18 mbliana d’aois má tá siad ag tabhairt faoi chúrsaí oideachais lánaimseartha. Nuair a chláraítear breith linbh, cuirfidh DEASP tús le héileamh sochair duit agus seolfar foirm chugat ionas gur féidir an próiseas a chur i gcrích. Tá tuilleadh eolais le fáil ag Gov.ie.
Tá comhairle agus tacaíocht chuimsitheach do thuismitheoirí leanaí óga le fáil ó mychild.ie.
Is líne Shaorghlao FSS é My Options (1800 828 010 ) a sholáthraíonn faisnéis agus comhairleoireacht saor in aisce agus rúnda do dhaoine atá ag déileáil le toirchis neamhphleanáilte. Tá tuilleadh eolais le fáil ag HSE.ie/MyOptions.