Cad é an tAcht um Fhaisnéis faoin Difríocht Pá idir na hInscní 2021?
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is í an difríocht pá idir na hinscní an difríocht idir meánphá in aghaidh na huaire d'fhir agus do mhná ar fud lucht saothair. Éilíonn an tAcht um Fhaisnéis faoin Difríocht Pá idir na hInscní 2021 ar eagraíochtaí tuairisc a thabhairt ar a ndifríocht pá in aghaidh na huaire thar raon méadrachtaí. Tá na Rialacháin, ina leagtar amach sonraí faoi phróiseas an áirimh,ar fáil ag an gceangal thíos:
(Níl leagan Gaeilge den eolas seo ar fáil fós)
Iarrtar ar eagraíochtaí ina bhfuil os cionn 250 fostaí tuairisc a thabhairt ar a nDifríocht Pá idir na hInscní den chéad uair in 2022.
Iarrtar ar eagraíochtaí dáta roghbhlúire a roghnú i mí an Mheithimh. Beidh a dtuairisciú bunaithe ar na fostaithe atá acu ar an dáta seo.
Beidh sé mhí ag eagraíochtaí ansin lena gcuid ríomhanna a ullmhú sula dtuairisceoidh siad sé mhí ina dhiaidh sin, le linn mhí na Nollag.
Ba chóir d'eagraíocht líon na ndaoine atá fostaithe acu ar dháta samplach a chomhaireamh, lena n-áirítear fostaithe nach bhfuil ar an uainchlár chun oibriú ar an dáta sin agus fostaithe ar saoire.
Iarrtar ar eagraíochtaí tuairisc a thabhairt ina dtugtar na sonraí seo a leanas:
(a) an difríocht idir an meán-luach saothair in aghaidh na huaire d'fhostaithe fireanna agus an meán-luach saothair in aghaidh na huaire d'fhostaithe baineanna léirithe mar chéatadán den mheán-luach saothair in aghaidh na huaire d'fhostaithe fireanna;
(b) an difríocht idir an luach saothair airmheánach in aghaidh na huaire d'fhostaithe fireanna agus an luach saothair airmheánach in aghaidh na huaire d'fhostaithe baineanna léirithe mar chéatadán den luach saothair airmheánach in aghaidh na huaire d'fhostaithe fireanna;
(c) an difríocht idir an meán-luach saothair bónais d'fhostaithe fireanna agus an meán-luach saothair bónais d'fhostaithe baineanna léirithe mar chéatadán den mheán-luach saothair bónais d'fhostaithe fireanna;
(d) an difríocht idir an luach saothair bónais airmheánach d'fhostaithe fireanna agus an luach saothair bónais airmheánach d'fhostaithe baineanna léirithe mar chéatadán den luach saothair bónais airmheánach d'fhostaithe fireanna;
(e) an difríocht idir an meán-luach saothair in aghaidh na huaire d'fhostaithe páirtaimseartha fireanna agus an meán-luach saothair in aghaidh na huaire d'fhostaithe páirtaimseartha baineanna léirithe mar chéatadán den mheán-luach saothair in aghaidh na huaire d'fhostaithe páirtaimseartha fireanna;
(f) an difríocht idir an luach saothair airmheánach in aghaidh na huaire d'fhostaithe páirtaimseartha fireanna agus an luach saothair airmheánach in aghaidh na huaire d'fhostaithe páirtaimseartha baineanna léirithe mar chéatadán den luach saothair airmheánach in aghaidh na huaire d'fhostaithe páirtaimseartha fireanna;
(g) céatadán na bhfostaithe uile fireanna ar íocadh luach saothair bónais leo agus céatadán na bhfostaithe uile baineanna ar íocadh an luach saothair sin leo;
(h) céatadán na bhfostaithe uile fireanna a fuair sochair chomhchineáil agus céatadán na bhfostaithe uile baineanna a fuair na sochair sin.
(i) An difríocht idir an meán-luach saothair in aghaidh na huaire d'fhostaithe fireanna ar chonarthaí sealadacha agus an meán-luach saothair in aghaidh na huaire d'fhostaithe baineanna ar chonarthaí sealadacha léirithe mar chéatadán den mheán-luach saothair in aghaidh na huaire d'fhostaithe fireanna;
(j) An difríocht idir an luach saothair airmheánach in aghaidh na huaire d'fhostaithe fireanna ar chonarthaí sealadacha agus an luach saothair airmheánach in aghaidh na huaire d'fhostaithe baineanna ar chonarthaí sealadacha léirithe mar chéatadán den luach saothair airmheánach in aghaidh na huaire d'fhostaithe fireanna;
(k) céatadáin faoi seach na bhfostaithe go léir a thagann faoi gach ceann díobh seo a leanas:
(i) an banda pá ceathairíleach luacha saothair íochtair,
(ii) an banda pá ceathairíleach luacha saothair lár íochtair
(iii) an banda pá ceathairíleach luacha saothair lár uachtair, nó
(iv) an banda pá ceathairíleach luacha saothair uachtair,
atá fireann agus baineann.
Ní mór don fhostóir iomchuí tuarascáil a fhoilsiú freisin ina leagtar amach —
(i) i dtuairim an fhostóra, na cúiseanna atá leis na difríochtaí sin i gcás an fhostóra sin, agus
(ii) na bearta (más ann) atá á ndéanamh, nó atá beartaithe ag an bhfostóir a dhéanamh, chun na difríochtaí i gcás an fhostóra sin a chealú nó a laghdú.
Ní mór an fhaisnéis faoin difríocht pá idir na hinscní a fhoilsiú ar láithreán gréasáin an fhostóra nó ar bhealach éigin eile a bhfuil rochtain ag a c(h)uid fostaithe go léir agus ag an bpobal air.