Oifigeach Logainmneacha
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá iarratais á lorg ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ó iarrthóirí oirúnacha chun folúntais a d’fhéadfadh teacht chun cinn a líonadh do phost on Oifigigh Logainmneacha, a bheadh lonnaithe i mBaile Átha Cliath.
Ról an Bhrainse Logainmneacha
Tá an Brainse Logainmneacha mar chuid den Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus tá sé lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Déanann an Brainse Logainmneacha taighde ar logainmneacha na hÉireann (mar a mhínítear i gcuid 5, alt 31, 32 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (2003)) chun leaganacha údarásacha Gaeilge de na logainmneacha sin a sholáthar d’úsáid oifigiúil agus phoiblí. Tugann sé tacaíocht freisin don Choiste Logainmneacha. Is í an Ghaeilge teanga oibre an Bhrainse Logainmneacha.
Oifigeach Logainmneacha
Féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith i bhfreagrachtaí an ghráid seo:
• Tacú le foireann an Bhrainse Logainmneacha chun foirmeacha údarásacha Gaeilge na logainmneacha a chinneadh.
• Déan taighde ar dhoiciméid lámhscríofa agus fhoilsithe chun teacht ar leaganacha luatha de logainmneacha agus cuir an t-ábhar seo go cruinn i mbunachar sonraí na hoifige.
• Bailigh eolas faoi chúlra stairiúil, teangeolaíoch nó tíreolaíoch na logainmneacha chun cabhrú le cinntí a dhéanamh ar na leaganacha cearta Gaeilge.
• An t-eolas a bhailítear faoi logainmneacha a eagrú go córasach agus é seo a phlé le baill eile den fhoireann ar mhaithe le cinneadh a dhéanamh faoi na leaganacha Gaeilge.
• Obair allamuigh a chríochnú nuair is gá.
• Cuir ábhar isteach agus ceartaigh é ar Logainm.ie
• Seirbhís ardchaighdeáin a sholáthar do chustaiméirí, trí fhreagraí pras a eisiúint ar iarratais ar fhaisnéis faoi logainmneacha agus trí chomhfhreagras ilghnéitheach a fhreagairt.
• Oidhreacht logainmneacha na hÉireann, agus polasaí agus ról an stáit maidir le foirmeacha Gaeilge a chur chun cinn, trí ailt bunaithe ar thaighde a fhoilsiú go rialta agus freastal ar chomhdhálacha mar is cuí.
Conas Iarratas a Dhéanamh
Ba cheart d’iarratasóirí foirm iarratais chomhlánaithe a chur isteach chuig personnel@tcagsm.gov.ie by faoi 3.00 i.n. Déardaoin, 11 lúil 2024
Leabhrán Faisnéise
Íoslódáil an Leabhrán Faisnéise faoi iamh chun tuilleadh eolais a fháil ar incháilitheacht agus ar riachtanais.
Leabhrán Faisnéise d'Iarrthóirí
Aguisín 1
Foirm Iarratais
If you would like to apply for the Placenames Officer position, download the attached application form.
Ráiteas Príobháideachais
Féach an ráiteas príobháideachais faoi iamh maidir le sonraí pearsanta a chuirtear ar fáil i dtaca leis an gcomórtas seo.