Treoir maidir le Leibhéal 5 de Phlean an Rialtais maidir le Maireachtáil le COVID-19
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire ar an eolas faoin tionchar mór a bhí agus atá fós ag géarchéim COVID-19 ar na hearnálacha a dtacaíonn a Roinn leo. Leis an bhfógra a rinneadh le gairid maidir leis an athrú go Leibhéal 5 de Phlean an Rialtais maidir le Maireachtáil le COVID-19, fágann sin nach mbeidh go leor de na hearnálacha a thagann faoi choimirce na Roinne i mbun oibre ar feadh na sé seachtaine a bhaineann le leibhéal 5. Is amhlaidh an cás mar go meastar go bhfuil gá mar gheall ar an riosca sláinte poiblí comhairle a chur ar dhaoine fanacht sa bhaile seachas oibrithe riachtanacha, nó leanaí agus múinteoirí agus iad ag dul ar scoil.
Tá sé seo riachtanach d'fhonn srian a chur ar an líon daoine a mbíonn caidreamh againn leo agus chun daoine ag teacht le chéile a sheachaint agus is iad seo a leanas na cúiseanna atá leis sin:
Bíonn lucht spéise agus daoine ag teacht le chéile i gceist de ghnáth le gníomhaíochtaí Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Spóirt agus Gaeltachta. Sin é díreach a bhfuil an Rialtas ag iarraidh a laghdú, ní mór dúinn an líon daoine atá ag teacht le chéile a laghdú ar fud réimse suíomhanna d'fhonn scaipeadh an víris a laghdú. Dá mhéad a n-oibríonn muid le chéile chun leibhéal scaipthe an víris a laghdú, is mó gníomhaíochta a bheimid ábalta a dhéanamh sa phobal.
Is príomhphrionsabal é seo atá ina bhunthaca faoi 5 leibhéal Phlean an Rialtais maidir le Maireachtáil le COVID-19.
Dá bhrí sin, tá na socruithe seo a leanas i bhfeidhm faoi shrianta Leibhéal 5 a fógraíodh an 19 Deireadh Fómhair:
Leagtar amach sa tábla seo a leanas cur síos níos mionsonraithe ar na coinníollacha faoi Leibhéal 5 den Phlean.
Níor cheart go dtarlódh aon teacht le chéile eagraithe faoi dhíon.
Timpeallachtaí rialaithe iad seo a bhfuil duine ainmnithe ina bhfeighil, dála eagraí imeachtaí, úinéir nó bainisteoir.
Mar shampla: gnó, imeachtaí oiliúna, comhdhálacha, imeachtaí in amharclanna nó i bpictiúrlanna nó imeachtaí ealaíon eile (gan spórt a bheith san áireamh).
Níor cheart go dtarlódh aon teacht le chéile eagraithe faoin aer.
Timpeallachtaí rialaithe iad seo a bhfuil duine ainmnithe ina bhfeighil, dála eagraí imeachtaí, úinéir nó bainisteoir.
Mar shampla: imeachtaí Ealaíon taobh amuigh, imeachtaí traenála.
Suas le 25 aoi ag searmanas agus ag fáiltiú (gan an fhoireann a chur san áireamh).
Suas le 25 caointeoir.
Daoine aonair amháin le bheith i mbun traenála. Gan aon ranganna aclaíochta ná damhsa.
Is féidir leanúint le traenáil eagraithe neamhtheagmhála lasmuigh do leanaí in aois scoile i ngrúpaí de 15.
Is féidir le leanaí taisteal lasmuigh dá raon 5km chun freastal ar "thraenáil eagraithe" rud a shainmhínítear mar:
Níor chóir aon chluichí ná imeachtaí spóirt eile a reáchtáil, ach amháin spórt ar leibhéal gairmiúil agus sárchéime agus cluichí Gaelacha idir contaetha, rásaíocht chapall agus rásaí con a cheadaítear gan aon lucht féachana i láthair.
Ionaid aclaíochta, ionaid fóillíochta agus linnte snámha dúnta.
Beidh na hionaid ar fad dúnta.
Áirítear mar chuid de sin, Institiúidí Náisiúnta Cultúir, Gailearaithe Ealaíne, Músaeim, Ceolárais, Amharclanna, Áiteanna a tharraingíonn turasóirí etc.
Seirbhísí ar líne ar fáil.
Bia le breith leat nó a thugtar chuig an doras chugat.
Tá bialanna foirne agus óstáin ina bhfuil daoine ag fanacht san áitreabh díolmhaithe.
Ábhar le breith leat nó a thugtar chuig an doras chugat agus sin amháin.
Fanfaidh tithe ósta i mBaile Átha Cliath nach gcuirtear bia ar fáil iontu dúnta.
Dúnta.
Oscailte dóibh siúd amháin a bhfuil cúis bhunriachtanach acu le lóistín nach mbaineann le cúrsaí sóisialta ná turasóireachta.
Siopaí miondíolacháin agus seirbhísí bunriachtanacha amháin. Ní mór cumhdach éadain a chaitheamh.
Gach ionad miondíolacháin agus seirbhísí pearsanta eile dúnta.
Oibriú ón mbaile murar obair bhunriachtanach maidir le sláinte, cúram sóisialta, nó seirbhís bhunriachtanach eile agus nach féidir í a dhéanamh ón mbaile atá i gceist.
Leagtar amach réimse leathan treoir earnála sa tábla seo a leanas.
Tá réimse leathan treoracha ullmhaithe ag Spórt Éireann chun tacú le NGBanna agus le heagraíochtaí spóirt. Áirítear orthu sin:
Tá tuilleadh treoracha á bhforbairt ag an Sainghrúpa Comhairleach Spóirt.
Tá réimse treoracha atá sainiúil don earnáil ullmhaithe ag Fáilte Ireland d'óstáin, B&Banna, bialanna, beáir etc. https://covid19.failteireland.ie/
Tá treoir maidir le tionóil lucht féachana a bhainistiú forbartha ag Theatre Forum d'Amharclanna agus Ionaid Ealaíon Faoi Dhíon. https://www.theatreforum.ie/forum-notice/reopening-arts-centres-guidelines/
Tá an Chomhairle Ealaíon ag obair i comhar le Fáilte Ireland d'fhonn tuilleadh treoracha a fhorbairt don earnáil ealaíon agus cultúir.
Tá treoir maidir le seirbhísí oibre don ógra forbartha ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige.
Ba chóir a thabhairt ar aird go ndéantar obair don ógra a shainmhíniú mar chlár pleanáilte oideachais atá leagtha amach d'fhonn forbairt phearsanta agus shóisialta daoine óga a chothú agus a fheabhsú trína rannpháirtíocht dheonach, agus cuireann sin lena n-oideachas foirmeálta, acadúil nó gairmoideachas nó oiliúint fhoirimiúil, acadúil nó gairmoiliúint a chuireann eagraíochtaí deonacha oibre don ógra ar fáil go príomha. Cé go bhféadfadh an sainmhíniú seo ealaíon, cultúr agus gníomhaíochtaí spóirt a chuimsiú, ba cheart do sholáthróirí a chinntiú go gcomhlíonann siad riachtanais an tsainmhínithe seo agus iad ag cur na dtreoirlínte i bhfeidhm.
Áirítear sna príomhbhearta a tugadh isteach go dtí seo chun tacú leis na hearnálacha turasóireachta, ealaíon agus spóirt:
Bhí na tacaíochtaí uilíocha ioncaim PUP agus an scéim fóirdheontais pá ríthábhachtach chun tacú leis na hearnálacha le linn na géarchéime seo; thug síneadh ar an dá scéim sin cinnteacht, ní a bhí ag teastáil go géar.
Mar chuid den leithroinnt buiséid is mó riamh, leithroinnt breis is €1 billiún, tá na bearta seo a leanas fógartha ag an Aire:
Mar chuid den fhógra maidir le srianta Leibhéal 5, d'fhógair an Rialtas na hathruithe seo a leanas a bhaineann leis an PUP agus EWSS. Seo a leanas an struchtúr nua íocaíochta maidir le PUP, leis an ráta €350 á thabhairt ar ais dóibh siúd a raibh níos mó ná €400 in aghaidh na seachtaine á shaothrú acu:
Saothrú na Seachtaine Roimh Ré (Olliomlán) | Íocaíocht PUP |
<€200 | €203 |
€200 - €299.99 | €250 |
€300 - €399.99 | €300 |
>€400 | €350 |
Beidh an t-athrú seo ar na rátaí íocaíochta i bhfeidhm maidir le híocaíochtaí a eisítear ó Dé Máirt, an 27 Deireadh Fómhair amach (íoctar PUP gach seachtain ar an Máirt) i ndáil leis na hiarratasóirí reatha agus leis na hiarratasóirí nua ar fad.
Tá leasú á dhéanamh freisin maidir le EWSS d'fhonn a thabhairt leis an leasú maidir le PUP. Ciallaíonn sin go mbeidh 5 ráta/sraith íocaíochta i gceist mar seo a leanas:
Is í an príomhchuspóir atá leis an scéim seo go gcinnteofaí, oiread agus is féidir, go gcoinníonn an fostaí an ceangal leis an bhfostóir in ionad a bheith dífhostaithe. Beidh an scéim leasaithe seo i bhfeidhm go dtí deireadh mhí Eanáir 2021.
Ba chóir do lucht miondíolacháin in ionaid ina dtairgtear réimsí éagsúla earraí i spásanna faoi leith maidir le miondíolachán bunriachtanach agus miondíolachán nach bhfuil bunriachtanach a shocrú go ndéantar deighilt idir na spásanna éagsúla.
1. Ionaid ina ndíoltar bia nó deochanna le tabhairt leo ag an gcustaiméir nó nuachtáin, más mórdhíolachán nó miondíolachán atá i gceist agus más ionad sainspeisialta atá i gceist nó nach ea.
2. Margaí inar bia amháin atá le díol nó inar bia den chuid is mó atá le díol.
3. Ionaid ina ndíoltar earraí atá riachtanach maidir le cothabháil riachtanach agus feidhmiú árais cónaithe agus gnó, más mórdhíolachán nó miondíolachán atá i gceist.
4. Cógaslanna, siopaí poitigéara agus ionaid mórdhíolacháin nó miondíolacháin ina gcuirtear cógais nó seirbhísí cógaisíochta agus dáileacháin ar fáil, más mórdhíolachán nó miondíolachán atá i gceist.
5. Ionaid ina ndíoltar earraí sláinte, leighis agus ortaipéidice, más mórdhíolachán nó miondíolachán atá i gceist.
6. Stáisiúin breosla agus soláthraithe breosla teasa.
7. Ionaid ina ndíoltar earraí bunriachtanacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe (lena n-áirítear bia ainmhithe agus earraí leighis tréidliachta, bia peataí, ábhar easrach agus soláthairtí d'ainmhithe), más mórdhíolachán nó miondíolachán atá i gceist.
8. Neachtlanna agus ionaid tirimghlanta.
9. Bainc, oifigí an phoist agus comhair chreidmheasa.
10. Ionaid ina ndíoltar soláthairtí sábháilteachta (lena n-áirítear feisteas oibre, coisbhearta agus trealamh cosanta pearsanta), más mórdhíolachán nó miondíolachán atá i gceist.
11. Ionaid crua-earraí, earraí tógála agus ionaid ina gcuirtear ar fáil, más maidir le mórdhíolachán nó miondíolachán é -
(a) táirgí crua-earra atá riachtanach maidir le hobair chothabhála ar áras cónaithe nó ionad gnó nó le hobair thógála agus forbraíochta,
(b) trealamh sláinteachais agus trealamh feirme, nó
(c) soláthairtí agus trealamh atá riachtanach don fheirmeoireacht agus don talmhaíocht.
12 Ionaid ina ndéantar soláthar d'obair deisiúcháin agus cothabhála ar fheithiclí faoi thiomáint innill nó ar rothair agus saoráidí gaolmhara de chineál ar bith (díolachán agus deisiú boinn san áireamh).
13. Na hionaid seo a leanas, chomh mór agus gur ar bhonn éigeandála amháin a chuirtear seirbhís ar fáil:
(a) Ionaid radharceolaí agus ionaid optaiméadraí.
(b) Ionaid ina gcuirtear tástáil éisteachta ar fáil nó ina ndíoltar deiseanna éisteachta agus fearas éisteachta.
(c) Ionaid ina ndíoltar earraí oifige agus seirbhísí do ghnólachtaí nó do dhaoine atá ag obair ón áit cónaithe, más mórdhíolachán nó miondíolachán atá i gceist.
(d) Ionaid ina gcuirtear seirbhísí díolacháin, deisiúcháin agus cothabhála ar fáil d'ionaid cónaithe agus d'ionaid gnó maidir le cúrsaí leictreachais, teicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide agus cúrsaí teileafóin.
14. Ionad miondíolacháin ar bith eile ag a bhfuil córas ar líne nó córas cianda eile ar bun maidir le hearraí a ordú ionas gur féidir iad a bhailiú ag an ionad miondíolacháin.
15. Ionaid ina bhfuil bia nó deochanna ar díol más mórdhíolachán nó miondíolachán atá i gceist agus más ionad sainspeisialta atá i gceist nó nach ea -
(a) chomh fada agus gur le breith leis ag an gcustaiméir agus le caitheamh in áit seachas áitreabh a dhíolta an bia nó na deochanna,
(b) chomh fada agus gur bialann foirne atá i gceist atá á oibriú do na daoine atá ag obair in, nó ar, áitreabh faoi leith agus do na daoine sin amháin, nó
(c) faoi réir ag alt 8 de Chuid 2, óstáin nó ionaid lóistín den chineál céanna chomh fada agus gur le daoine atá ag fanacht san áitreabh a dhíoltar bia agus deochanna le caitheamh san áitreabh.
Ní cheadaítear freastal ar an ionad oibre ach amháin sa chás go bhfuil seirbhís de na seirbhísí seo a leanas á cur ar fáil ag duine, gur ar an láthair amháin is féidir an tseirbhís a chur ar fáil agus nach féidir a dhéanamh go cianda. Ní thugtar san áireamh obair riaracháin agus obair taca eile i ndáil le gnóthaí agus seirbhísí den sórt sin mura luaitear sin go sonrach faoi alt 13 agus gá leis an oibrí féin a bheith i láthair san ionad oibre.
7. Na seirbhísí seo a leanas maidir le cúrsaí iompair, stórála agus cumarsáide:
(a) seirbhísí iompair ar dhroim talún a chur ar fáil, seirbhísí bus, iarnróid agus tacsaí san áireamh;
(b) seirbhísí lastais ar na bóithre, ar iarnród, ar muir agus san aer;
(c) seirbhísí paisinéirí ar muir agus san aer;
(d) calafoirt, cuanta agus aerfoirt a oibriú;
(e) tithe solais a oibriú;
(f) tithe stórála agus bearta taca (lena n-áirítear láimhseáil lastais, obair poist agus teachtaireachta) maidir le hiompar earraí;
(g) rialú agus obair chothabhála bhuntábhachtach ar an gcóras bonneagair iompair (lena n-áirítear bóithre);
(h) seirbhís ar bith is gá ionas gur féidir seirbhís a luaitear i bhfo-ailt (a) go dtí (g) a chur ar fáil go sábháilte.
8. Na seirbhísí seo a leanas maidir le cóiríocht agus seirbhísí bia a chur ar fáil:
(a) seirbhísí óstáin nó seirbhísí lóistín den chineál céanna do dhaoine atá ag fanacht san óstán nó san áras lóistín ar an 21 Deireadh Fómhair 2020 go dtí an dáta a bhfágann siad;
(b) seirbhísí óstáin nó seirbhísí lóistín den chineál céanna do dhaoine atá ag taisteal ar chúiseanna nach mbaineann le cúrsaí sóisialta, caitheamh aimsire, cultúir nó turasóireachta;
(c) seirbhísí óstáin nó seirbhísí lóistín den chineál céanna a chur ar fáil sa chás gur cóiríocht bhunriachtanach atá á cur ar fáil (lena n-áirítear cóiríocht do dhaoine gan dídean agus do dhaoine a bhfuil soláthar díreach á dhéanamh dóibh, daoine nach féidir leo cónaí ina ngnátháit chónaithe mar gheall ar scaipeadh Covid-19 nó eile) agus seirbhísí gaolmhara;
(d) seirbhís bia nó dí maidir lena soláthar do ghnólacht ag a bhfuil seirbhís bhunriachtanach á dhéanamh;
(e) seirbhísí bia nó dí atá le bailiú ón ionad ag an gcustaiméir nó le tabhairt chuig ionad an chustaiméara
9. Na seirbhísí seo a leanas maidir le cúrsaí faisnéise agus cumarsáide:
(a) nuachtáin, irisí agus tréimhseacháin a chur le chéile agus a fhoilsiú agus na foilseacháin sin a dháileadh más i bhfoirm cruachóipe nó i bhfoirm dhigiteach sin;
(b) cláracha teilifíse agus raidió, ábhar físeáin, fuaime, digiteach nó leictreonach a léiriú agus sin a chraoladh nó a fhoilsiú don phobal nó do sciar den phobal;
(c) seirbhísí a chur ar fáil a bhfuil gá leo maidir le seirbhísí teileachumarsáide ar sreang agus seirbhísí teileachumarsáide ar satailít agus seirbhísí cumarsáide eile (lena n-áirítear soláthraithe idirlín agus néalríomhaireachta) a chur ar fáil;
(d) seirbhísí ionaid sonraí agus seirbhísí gaolmhara a chur ar fáil.