Leas a bhaint as Digitiú - Creat Digiteach na hÉireann
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Leas a Bhaint as Digitiú - Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn 2022
Leas a Bhaint as Digitiú - Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn 2023
Leas a Bhaint as Digitiú - Creat Digiteach na hÉireann
Sheol an Rialtas straitéis nua dhigiteach náisiúnta inniu, Leas a bhaint as Digitiú - Creat Digiteach na hÉireann, chun an t-aistriú digiteach ar fud gheilleagar agus sochaí na hÉireann a chur chun cinn agus é a chumasú.
Tá athrú tagtha ar go leor gnéithe den saol de bharr na paindéime, go háirithe an t-ardú mór atá tagtha ar an úsáid a bhaineann muid as gairis dhigiteacha. Tá i bhfad níos mó daoine ag obair ó chian nó ag foghlaim ar líne, agus tá siad ag siopadóireacht ar líne agus ag baint leas as seirbhísí poiblí digiteacha.
De réir mar atá Éire ag teacht chuici féin ón bpaindéim, tá an Rialtas ag iarraidh leas a bhaint as na gnéithe dearfacha a bhain leis an eispéireas seo ar bhealach meáite agus cothrom.
Tá muid ag iarraidh cur leis an éiceachóras eacnamaíochta ar leith atá ag Éirinn agus leis an rath a bhí ar Éirinn ina ceanncheathrú Eorpach do go leor cuideachtaí ilnáisiúnta ardteicneolaíochta.
Leagtar amach bealach sa chreat ardleibhéil seo chun tacú le huaillmhian na hÉireann a bheith ina ceannaire digiteach ag croílár forbairtí digiteacha san Eoraip agus ar fud an domhain; agus tá béim mhór ar ionchuimsitheacht, slándáil agus sábháilteacht atá mar bhonn agus mar thaca ag rialachas láidir agus ag creat rialála a bhfuil acmhainní cearta curtha ar fáil dó. Mar shampla, sa Bhille nua um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne cuideofar le saoránaigh na hÉireann a chosaint ó ábhar díobhálach a scaiptear ar líne.
Cuideofar i gCreat Digiteach na hÉireann cur le folláine mhuintir na hÉireann agus a ngnólachtaí ó cheann ceann na tíre. Cuideoidh sé linn buntáistí an chórais dhigitigh a thuiscint lena n-áirítear: obair níos solúbtha agus obair ó chian agus deiseanna nua oibre; margaí agus custaiméirí nua do ghnólachtaí; seirbhísí poiblí atá níos éifeachtúla agus níos éasca teacht orthu do gach uile dhuine; agus cumasú agus rogha mar a fhoghlaimíonn muid nó a ghlacann muid páirt i ngníomhaíochtaí sóisialta.
Cinnteoidh an Rialtas go mbaintear amach na buntáistí seo a leanas:
Tá an straitéis dhigiteach seo ag teacht le dhá thosaíocht an AE, faoin Deich mBliana Digiteacha, agus tosaíochtaí náisiúnta, faoi Phlean Téarnaimh Eacnamaíochta 2021 agus Plean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta na hÉireann. Cuireann sé go mór freisin le hobair s’againne maidir le spriocanna aeráide na hÉireann a bhaint amach, le huaillmhianta glasa agus digiteacha s’againne ag neartú a chéile.
Cuirtear béim ar leith sa Straitéis nua Dhigiteach Náisiúnta ar chibearshlándáil, agus tugtar gealltanas inti an Straitéis Chibearshlándála Náisiúnta a athbhreithniú sa bhliain 2022, aitheantas a thabhairt do dhul chun cinn atá déanta agus freagairt a thabhairt go héifeachtach ar thírdhreach atá ag athrú. Dírítear sa Straitéis Chibearshlándála Náisiúnta ar chosaint an Stáit, na daoine agus gnólachtaí, agus bonneagar náisiúnta criticiúil. De réir mar a chuirfidh muid an Straitéis i bhfeidhm, déanfar tuilleadh beart a mheas mar chuid den athbhreithniú chun cur chuige na hÉireann a fheabhsú agus a neartú.
Cuirfear ar chumas na ngrúpaí ar fad tairbhe a bhaint as deiseanna digiteacha faoi Chreat nua Digiteach na hÉireann. Déanfaidh an Rialtas cinnte go gcuirfear an straitéis ar fáil go héifeachtach, trí cheannaireacht láidir polaitíochta agus maoirseacht maidir le saincheisteanna digiteacha, agus struchtúir neartaithe rialachais; chomh maith le comhairliúchán gníomhach le páirtithe leasmhara. Beidh an phríomhpháirt maidir le saincheisteanna digiteacha agus rannpháirtíocht ghaolmhar ag an Tánaiste, agus beidh Airí Stáit cuí ag tacú leisean, lena chinntiú go gcuirtear na huaillmhianta atá leagtha amach sa straitéis seo ar fáil.
Le linn don Taoiseach fáilte a chur roimh an Straitéis, chuir sé béim ar an tábhacht a bhaineann le leas a bhaint as digitiú do gach duine, dúirt sé:
“De bharr na paindéime, tá athrú tagtha ar go leor gnéithe den saol, gan beann ar an athrú mór atá tagtha ar an leas a bhaineann muid as an idirlíon, ar obair ó chian, ar fhoghlaim agus siopadóireacht ar líne, nó ag teacht ar sheirbhísí poiblí digiteacha.
Tá sé mar aidhm ag an straitéis nua dhigiteach an córas ar líne a chur chun cinn chun cur le folláine mhuintir na hÉireann agus gnólachtaí beaga na tíre.
Tá muid ag iarraidh cur le rath na hÉireann, le deiseanna nua oibre agus gnó, seirbhísí rialtais atá níos éifeachtaí agus níos éasca teacht orthu, obair atá níos solúbtha, cothromaíocht oibre is saoil níos fearr, agus inbhuanaitheacht níos fearr.”
Leag an Taoiseach béim ar an tábhacht a bhaineann le digitiú do ghnóthais bheaga agus mheánmhéide agus na buntáistí móra do shaoránaigh:
“Beidh an córas digiteach mar chuid den chreatlach sa saol laethúil agus tá an rialtas ag iarraidh a chinntiú go bhfuil gach duine réitithe dó seo. Thaispeáin an méid a tharla sa phaindéim chomh tapa agus a bhí an t-athrú. Chuidigh an teicneolaíocht dhigiteach linn an clár vacsaíne a chur i bhfeidhm chomh maith le rianú teagmhála a dhéanamh. Ar fheirmeacha, is féidir linn anois sonraí a bhailiú agus anailís a dhéanamh orthu chun táirgeadh bainne, bainistiú féir agus patrúin aimsire a thomhas. Do go leor gnólachtaí Éireannacha, is mar gheall ar shiopadóireacht ar líne agus leas a bhaint as na meáin shóisialta chun custaiméirí nua a fháil a choinnigh i mbun gnó iad le linn na dianghlasála. Do shaoránaigh, tá i bhfad níos mó seirbhísí ar fáil acu ar líne - mar shampla, athnuachan a dhéanamh ar do phas nó tuairisceáin chánach a chomhdú. Tá rioscaí i gceist freisin, rud a chaitear a bhainistiú. Is éard atá i gceist leis an Straitéis seo ná tairbhe a bhaint as teicneolaíochtaí nua ar mhaithe le saoránaigh agus gnólachtaí uile.”
Chuir an tAire Stáit, Ossian Smyth TD, a bhfuil freagracht air maidir le Soláthar Phoiblí agus ríomh-Rialtais agus a bhfuil freagracht ar leith air maidir le Cumarsáid agus Geilleagar Ciorclach, béim ar an tábhacht a bhaineann leis an Rialtas mar áisitheoir do bhonneagar digiteach. Léirigh sé na naisc maidir le clár oibre inbhuanaitheachta na hÉireann, agus an fiúntas atá le cur chuige eiticiúil, agus dúirt sé:
“De réir mar a théann muid chun cinn in aistear digiteach na hÉireann, cinnteofar an méid sin sa Straitéis seo ar bhealach cuimsitheach atá bunaithe ar luachanna. Beidh tábhacht ar leith ag an aistriú digiteach atá cumasaithe ag nascacht uilíoch ardchaighdeáin d’aistriú dícharbónaithe s’againne, le teicneolaíochtaí digiteacha ag tacú leis an méid atá bainte amach i spriocanna aeráide s’againne, mar shampla barr feabhais a chur ar úsáid fuinnimh nó astaíochtaí a laghdú le níos lú timaistir.
Leagtar amach sa Straitéis creat soiléir chun maoirseacht a dhéanamh ar an méid daoine atá ag baint leas as teicneolaíochtaí digiteacha i ngach earnáil den gheilleagar agus sochaí. Beidh na spriocanna uaillmhianacha do nascacht dhigiteach mar áisitheoir lárnach chun an t-aistriú a bhaint amach agus tacóidh siad leis an rialtas chun an méid daoine a bhaineann leas as seirbhísí digiteacha rialtais a mhéadú agus chun an sprioc uaillmhianach maidir le 90% de na seirbhísí a úsáid ar líne a bhaint amach, agus an méid sin a dhéanamh ar bhealach ionchuimsitheach agus trédhearcach.”
Luaigh an tAire Stáit, Robert Troy TD, a bhfuil freagracht air maidir le Cur Chun Cinn na Trádála, Cúrsaí Digiteacha agus Rialú Cuideachtaí:
“Leagtar amach creat soiléir i Straitéis nua Dhigiteach Náisiúnta na hÉireann mar atá muid in ann glacadh leis na deiseanna a chuireann teicneolaíochtaí digiteacha i láthair agus chun féachaint chuige go seasfaidh an geilleagar an aimsir sna blianta amach romhainn. Mar a léiríodh le dhá bhliain anuas, tá digitiú ríthábhachtach do ghnólachtaí, má bhí siad ag stiúradh tréimhsí de srianta ina raibh an fhoireann ag obair ó chian nó má thosaigh siad ag trádáil ar líne den chéad uair.
Le seoladh na straitéise digití, tá muid ag leagan amach spriocanna uaillmhianacha don chéad chéim eile den digitiú in Éirinn ionas go mbeimis in ann leas a bhaint as na buntáistí a chuireann teicneolaíochtaí digiteacha ar fáil. Agus muid ag ullmhú do gheilleagar agus sochaí an lae amárach, ciallaíonn sé sin nach mór na deiseanna atá curtha ar fáil leis an teicneolaíochtaí digiteacha a thapú agus go mbeidh muid in ann cúrsa téarnaimh atá oscailte a leagan amach, cúrsa atá i gcomhar le forbairtí nua atá ar na bacáin agus a fhreagraíonn dóibh.”
Leas a bhaint as Digitiú - Tá Creat Digiteach na hÉireann ag iarraidh go mbeadh Éire ina ceannaire digiteach, ag cur claochlú digiteach chun cinn agus dá chumasú ar fud an gheilleagair agus na sochaí.
Tá sé leagtha amach thar ceithre ghné lárnacha, atá ar aon dul le ceithre phríomhaird Chompás Digiteach an AE: Aistriú Digiteach an Ghnó; Bonneagar Digiteach; Scileanna; agus Digitiú na Seirbhísí Poiblí, agus tá tacaíocht leis sin ó chreat rialála nua-aimseartha, comhtháite a bhfuil acmhainní cearta curtha ar fáil dó:
Áirítear sa Straitéis spriocanna soiléire, chomh maith le sruth oibre ar ardleibhéal agus táirgí insoláthartha gaolmhara. Is é an Coiste Comh-Aireachta um Théarnamh Geilleagair agus Infheistíocht, a bhfuil an Tánaiste ina chathaoirleach air, a chuirfidh an straitéis i bhfeidhm le tacaíocht ó fhostruchtúir atá faoi stiúir ag oifigigh. Cinnteoidh ceannaireacht láidir pholaitíochta agus maoirseacht ar shaincheisteanna digiteacha ar fud an rialtais, atá faoi stiúir an Tánaiste, agus rannpháirtíocht ghníomhaíoch ó pháirithe leasmhara go gcuifear cur chuige comhtháite agus uaillmhianta s’againne ar fáil go héifeachtach.
Chun tacú linn na huaillmhianta a bhaint amach, déanfaidh an Rialtas iad seo a leanas: