Mo Leabharlann Bheag
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá áthas ar an Aire Leanaí “Mo Leabharlann Bheag” a fhógairt. Tionscadal speisialta i gcomhair leanaí atá ag tosú ar scoil atá ann.
Leis an tionscnamh seo de chuid Na Chéad 5 beifear ag cur mála leabhar ar fáil do gach leanbh atá ceithre nó cúig bliana d’aois agus atá ag tosú ar scoil i mí Mheán Fómhair.
Gheobhaidh na leanaí cuireadh tríd a suíomh um fhoghlaim agus cúram na luathóige chun cuairt a thabhairt ar a leabharlann áitiúil, le mála leabhar a fháil agus le ballraíocht a ghlacadh sa leabharlann.
Leis an tionscnamh seo, tá súil againn go mbeidh leabhair scéalta ag gach leanbh sa bhaile agus go mbeidh gach leanbh ina bhall dá leabharlann áitiúil agus é/í ag tosú ar scoil i mí Mheán Fómhair 2022.
Má bhíonn do leanbh ag tosú ar scoil, agus mura mbíonn cuireadh faighte aici/aige fós, níl le déanamh ach téigh go dtí an leabharlann, agus cárta aitheantais agat. Tabhair dáta breithe do linbh don leabharlannaí agus beidh an mála leabhar agus an cárta speisialta leabharlainne réidh duit ón 4ú Aibreán amach.
Leabharlann Bheag Na Chéad 5 ag do Leabharlann Áitiúil
Tá réimse seirbhísí tacaíochta forbartha ag Leabharlann Éireann d’oideoirí luathbhlianta ag obair i bhfoghlaim agus cúram na luath-óige (ELC) agus cleachtóirí cúraim leanaí in aois scoile i gcúram aois scoile (SAC) agus feighlithe leanaí chun tacú leo leis an obair tábhachtach ar bun acu.
Chuirfidh an Ríomhbhullaitín Na Chéad 5 An Leabharlann Bheag ag do leabharlann áitiúla, tú ar an eolas faoin tacaíocht ar fáil ó Leabharlann Éireann i ngach leabharlann áitiúla d’oideoirí (ELC), cleachtóirí (SAC) agus feighlithe leanaí.