Tá sé mar aidhm ag Straitéis na hÉireann maidir le Sábháilteacht ar bhóithre 2021-2030 sábháilteacht ar bhóithre in Éirinn a fheabhsú agus na bóithre a dhéanamh níos sábháilte, do gach úsáideoir bóithre. Tá an Straitéis ag díriú ar Fhís an Nialais a bhaint amach, gan aon bhás ar na bóithre nó aon drochghortuithe faoi 2050.
Tar éis blianta fada ag laghdú méid na mbásanna ar na bóithre, tá méadú tagtha ar an méid básanna agus drochghortuithe le déanaí.
Sa tréimhse idir 2006 agus 2021, bhí claonadh láidir anuas i méid na mbásanna ar na bóithre – ag titim ó 365 bás i 2006 go 132 i 2021, an bhliain is sábháilte go dtí seo. .
Ach an dhá bhliain ina dhiaidh sin mhéadaigh méid na mbásanna ó 132 i 2021 go dtí 180 i 2023 (+36%). Cé go léiríonn céad tuairiscí le haghaidh 2024 go raibh titim beag i méid na mbásanna i gcomparáid le 2023, tá an claonadh seo chun méadú ag spreagadh imní i dtaobh spriocanna Shábháilteachta ar Bhóithre an Rialtais.
Tá gach uile bás ar na bóithre ina thragóid do mhuintir, cairde, agus pobal an duine a cailleadh. Téann drochghortú i bhfeidhm go tubaisteach ní hamháin ar shaol an duine gortaithe ach ar a mhuintir freisin.
Tá sábháilteacht ar na bóithre mar phríomhthosaíocht don Rialtas, agus tá an t-ísliú seo ar luasteorainneacha ag iarraidh an claonadh seo a shrianadh agus líon na mbásanna agus na ndrochghortuithe ar bhóithre na hÉireann a laghdú.
Tá luasteorainneacha á laghdú ar an-chuid bóithre in Éirinn i 2025.
Tiocfaidh an chéad cheann de na hathruithe seo i bhfeidhm Dé hAoine 7ú Feabhra 2025, nuair a laghdófar luasteorainneacha ar bhóithre tuaithe áitiúla ó 80 ciliméadar go 60 ciliméadar san uair. Cuirfear comharthaí bóithre luasteorainneacha nua in ionad na comharthaí atá ann cheana féin chun an t-athrú seo a léiriú. Athrófar freisin an bhrí atá leis an gcomhartha do Luasteorainn Tuaithe (ciorcal bán le trí línte dhubha fhiarthrasna) ó 80 ciliméadar go 60 ciliméadar.
Níos déanaí i 2025, beidh an luasteorainn i gcroíláir uirbeacha, limistéir fhoirgnithe san áireamh, chomh maith le heastáit tithíochta agus láirbhailte, ag ísliú go dtí 30cm/u. Freisin, beidh an luasteorainn ar bhóithre náisiúnta den dara grád á ísliú ó 100cm/u go dtí 80cm/u.
Cuirfidh luasteorainneacha níos comhsheasmhaí agus níos oiriúnaí, le sábháilteacht ar bhóithre in Éirinn.
Tá na hathruithe seo á ndéanamh faoin Acht um Thráchta ar Bhóithre 2024. Leanann an tAcht roinnt moltaí ón Athbhreithniú ar Luasteorainneacha, a rinne an Roinn i 2023.
Comhlíonann an t-Athbhreithniú ar Luasteorainneacha 2023 tiomantas an Rialtais agus gníomh a leagadh amach sa Straitéis na hÉireann maidir le Sábháilteacht ar bhóithre 2021-2030.
Rinneadh maoirseacht ar an Athbhreithniú ag grúpa oibre a raibh an Roinn Iompair mar chomh-chathaoirleach air, agus a raibh ionadaithe ón nGarda Síochána, ón Údarás Náisiúnta Iompair, Bonneagar Iompair Éireann agus Cumann Bainistíochta Contae agus Cathrach.
Bunaithe ar shamhail agus taighde ar chleachtadh idirnáisiúnta, moltar san Athbhreithniú luasteorainneacha ar bhóithre uirbeacha, áitiúla, agus náisiúnta den dara grád a laghdú.
Tá moltaí ón Athbhreithniú corpraithe san Acht um Thrácht ar Bhóithre 2024, a chuireann ar fáil an bonn reachtaíochta do na hathruithe atá le teacht do hathruithe réamhshocraithe.
Tuilleadh eolais ar an Athbhreithniú ar Luasteorainneacha ag gov.ie - Speed Limit Review
Leanann Straitéis na hÉireann maidir le Sábháilteacht ar bhóithre 2021-2030 an Córas Shábháilte do bhainistíocht ar shábháilteacht ar bhóithre. Tá sé mar aidhm ag Cur Chuige an Chórais Shábháilte an dealraitheacht go dtarlóidh imbhualadh a laghdú, agus má tharlaíonn a leithéid, a chinntiú nach gcaillfear nó nach ngortófar go tromchúiseach na húsáideoirí bóthair lena bhaineann.
Tá cur chuige an Chórais Shábháilte aitheanta mar dhea-chleachtas idirnáisiúnta agus tá sé ríthábhachtach chun laghdú a bhaint amach ar líon na mbásanna ar na bóithre mar aon le gortuithe tromchúiseacha.
Tá Luasanna Sábháilte mar ghné lárnach de chur chuige an Chórais Shábháilte. Is é an cuspóir atá leis ná na luasanna a laghdú go dtí leibhéil shábháilte, atá oiriúnach do na bóithre atá in úsáid, agus do na húsáideoirí bóithre atá orthu.
Bíonn corp an duine leochaileach nuair a tharlaíonn imbhuailtí nó timpistí ar ard luas, fiú agus tú ag taistil i mótarfheithicil. Tá rothaithe, coisithe agus gluaisrothaithe níos leochailí fós, agus fiú ag luasanna níos moille.
Don chuid is mó d’úsáideoirí bóthair neamhchosanta, ar nós coisithe agus rothaithe, ní thagann siad slán ó imbhuailtí ach amháin nuair atá siad ag taisteal ag 30 ciliméadar san uair nó níos moille. Féadfaidh gluaisteán nua-aoiseach paisinéirí a chosaint suas go 50 ciliméadar san uair in imbhualadh ón dtaobh, agus is féidir le gluaisteán sábháilte paisinéirí a chosaint suas go 70 ciliméadar san uair in imbhualadh in éadan a chéile. Bíonn an baol báis nó drochghortú i bhfad níos mó nuair a tharlaíonn imbhuailtí faoi luasanna níos airde.
In Éireann, tharla beagnach trí as ceathair de bhásanna ar bhóithre (73%) i 2020-2024 ar bhóthar tuaithe le luasteorann de 80 ciliméadar nó níos airde. Tharla beagnach leath (47%) de ghortaithe tromchúiseacha na tíre ar na bóithre seo.