Tá an Ríocht Aontaithe ar tí imeacht as an Aontas Eorpach.
Is cuma más gnó áitiúil thú nó cuideachta ollmhór ilnáisiúnta, caithfidh tú déanamh cinnte go mbeidh tú féin, d’fhoireann agus do ghnó réidh don athrú thar cuimse seo.
Tá roinnt céimeanna tábhachtacha is féidir leat a ghlacadh anois le haghaidh do ghnó lena chinntiú go bhfuil tú Ag Fáil Réidh don Brexit.
Is tosaíocht don Rialtas é i ngach uile cás teorainn chrua a sheachaint ar an oileán seo. An bealach is fearr chun é sin a bhaint amach is ea an comhaontú aistarraingthe idir an AE-RA a bheidh idirbheartaithe. D’uireasa an chomhaontaithe sin, beidh sé níos dúshlánaí teorainn chrua a sheachaint agus beidh gá le plé níos sonraithe idir Éire agus an AE agus, sa deireadh thiar, leis an Ríocht Aontaithe. Sa chás sin, cuirfear an toradh, lena n-áirítear socruithe praiticiúla do ghnóthaí, go háirithe iad sin i limistéar na teorann agus iad sin atá i mbun trádála trasna na teorann, ar fáil go poiblí chomh luath agus is féidir.
Leanfaidh saoránaigh Éireannacha le saoránacht an AE a bheith acu pé áit a gcónaíonn siad. Leanfaidh siad le taitneamh a bhaint as an gceart chun taisteal agus cónaí agus oibriú áit ar bith san AE agus cosaint an AE a bheith acu in aghaidh idirdhealú. Ní gá do shaoránaigh Éireannacha dul i mbun aon ghnímh chun a saoránacht AE a chosaint.
Mar gheall ar an gComhlimistéar Taistil agus gnéithe eile den chomhoibriú Thuaidh-Theas, coinneofar rochtain thrasteorann ar sheirbhísí cosúil le sláinte agus oideachas.
Léiríonn Brexit dúshlán suntasach do ghnóthaí na hÉireann. Sin é an fáth ar thosaigh an Rialtas, agus é ag obair le comhlachtaí sa tionscal, agus le grúpaí gnó, ag ullmhú tacaíochtaí do ghnó ón gcéad uair ar tuigeadh go bhféadfadh Brexit tarlú.
Tugann Rialtas na hÉireann tús áite d’fhonn a chinntiú gur féidir le gnóthaí rioscaí a bhainistiú agus deiseanna fáis a uasmhéadú.
Tá raon láidir tacaíochtaí curtha le chéile chun cuidiú leat féin, le d’fhoireann agus le do ghnó. Baineann roinnt acu go sonrach leis an earnáil, baineann roinnt acu le gnóthaí beaga, agus baineann roinnt eile le gach gnó.
D’fhéadfadh nach mbeadh an cás soiléir nó go mbeidh sé ag teacht chun cinn ar feadh roinnt ama.
Mar sin bí ar an eolas maidir leis an nuacht is déanaí:
Cláraigh don Nuachtlitir ] leis an Scéal is Déanaí ar Brexit (Brexit Update Newsletter)
Téigh i dteagmháil le d’ionadaí áitiúil sa tionscal nó le comhlacht trádála
Bhí ról lárnach ag comhlachtaí agus ag grúpaí ionadaíocha gairmiúla sa tionscal ón tús ag cuidiú le hÉirinn fáil réidh don Brexit. Ba cheart duit dul i dteagmháil le do ghrúpa ionadaíoch le feiceáil cén fhaisnéis bhreise a d’fhéadfadh a bheith acu dod’ earnáil nó do réigiún.
Lean Getting Ireland Brexit Ready ar Twitter (Éire a Ullmhú i gcomhair an Bhreatimeachta)
Is é @BrexitReadyIRL príomhchuntas Twitter an Rialtais don nuacht is déanaí maidir leis Brexit.
Féach arís ar gov.ie/brexit
Táimid ag obair chun an suíomh gréasáin seo a choimeád suas chun dáta leis an bhfaisnéis is déanaí. Féach ar an suíomh go rialta toisc go dtugtar faisnéis chun dáta go minic.
An fios duit an méid atá á dhéanamh ag an AE le hullmhú?
Tá roinnt cinntí maidir leis Brexit a ghlacaimid lenár gcomhpháirtithe san Aontas Eorpach. Beidh sé áisiúil agat freisin féachaint ar a suíomh gréasáin chun an fhaisnéis is déanaí a fháil.