Baineann go leor de na beartais a dhéanann an tAontas Eorpach (AE) le saincheisteanna inmheánacha a mbíonn tionchar díreach acu ar shaol an duine ó lá go lá. Tugtar comhbheartais orthu freisin mar go mbíonn tionchar acu ar gach ballstát den AE agus bíonn baint mhór ag Éirinn lena bhforbairt agus lena bhfeidhmiú.
Is dócha gurb é an Margadh Aonair an beartas inmheánach is suntasaí den AE. Ceadaítear do mhuintir na hÉireann agus d'earraí agus do sheirbhísí gluaiseacht go saor idir 27 ballstát eile den AE agus tá rochtain mar thoradh air sin ag Éirinn ar bhreis agus 500 milliún duine.
Is earnáil thábhachtach an talmhaíocht de gheilleagar na hÉireann agus mar sin is beartas suntasach AE d'Éirinn an Comhbheartas Talmhaíochta (CBT). Tá sé mar aidhm leis an CBT a chinntiú go bhfaigheann feirmeoirí praghas cóir ar a dtáirgí agus go gcinnteodh siad féin go bhfuil a gcuid táirgí ar chaighdeán ard cáilíochta, sláinteachais agus sábháilteachta de réir mar atá leagtha síos ag an AE.
- Dóthain bia ar ardchaighdeán a tháirgeadh do thomhaltóirí
- Cuidiú le forbairt cheantair faoin tuath
- Caighdeáin arda comhshaoil agus leasa ainmhithe a choimeád
Tá sé mar aidhm ag an AE leibhéal ard fostaíochta, agus cearta sóisialta agus coinníollacha d’oibrithe fud fad an Aontais a bhaint amach.
Tá an AE ar thús cadhnaíochta ó thaobh cosaint comhshaoil domhanda agus ó thaobh dul i ngleic le hathrú aeráide. Mar thoradh ar a gcuid iarrachtaí, tá roinnt de na cosaintí comhshaoil is láidre sa domhan ag an Eoraip.
Tá gá níos mó ná riamh le comhoibriú idir bhallstáit maidir le hinimirce agus saincheisteanna dlí agus ord. Tugtar aghaidh le beartais ghnóthaí baile an AE ar na saincheisteanna seo agus oibrítear chun sábháilteacht agus slándáil saoránaigh an AE agus na teorainneacha a chinntiú.
Cé go mbíonn Éire rannpháirteach ó thaobh póilíneacht agus comhoibriú breithiúnach, níl Éire ina páirtí do chomhaontú ar dheireadh a chur le rialúcháin teorann.