Ábhair thacaíochta foilsithe ag CNCM do mhúinteoirí iar-bhunscoile. Tá sé mar aidhm leis na hábhair tacú le múinteoirí chun OSPS agus OCG a ullmhú agus a theagasc ag úsáid curaclam na Sraithe Sóisearaí agus Sinsearaí ag leibhéal na hiar-bhunscoile.
Foireann uirlisí OCG don tSraith Shóisearach Iar-bhunscoile
Foireann uirlisí OCG don tSraith Shinsearach Iar-bhunscoile
Cuireann seirbhís tacaíochta na Roinne Oideachais, Oide, tacaíochtaí forbartha ardchaighdeáin agus ábhartha leanúnacha ar fáil do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile, i raon réimsí oideolaíocha, curaclaim agus oideachais lena gcumasú chun riachtanais na bhfoghlaimeoirí uile a shásamh. Féadfaidh bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna rochtain a fháil ar thacaíocht don Fholláine atá oiriúnaithe agus curtha in oiriúint do riachtanais ar leith na scoile aonair. Déan teagmháil le Oide ag info@oide.ie .
Suíomh gréasáin náisiúnta is ea Tackle Bullying chun dul i ngleic le bulaíocht agus cibearbhulaíocht do dhaoine óga, tuismitheoirí agus múinteoirí. Tugtar faisnéis ar an suíomh gréasáin dóibh siúd dá ndéantar difear nó a bhfuil imní orthu maidir le heachtraí a bhaineann le Bulaíocht agus Cibearbhulaíocht.
D’fhorbair Ionad Frithbhulaíochta OCBÁC, ionad taighde in ollscoil náisiúnta atá suite in Institiúid Oideachais OCBÁC Clár Frithbhulaíochta agus Sábháilteachta ar Líne FUSE. Tá cáil dhomhanda ar an Ionad as a shármhaitheas taighde maidir le bulaíocht agus sábháilteacht ar líne.
Tá sé mar aidhm ag FUSE acmhainneacht a thógáil i scoileanna chun dul i ngleic le bulaíocht agus saincheisteanna sábháilteachta ar líne agus chun leanaí agus daoine óga a chumasú chun a n-iompar féin a thuiscint, le bheith in ann bulaíocht agus rioscaí sábháilteachta ar líne a shainaithint agus a bheith muiníneach maidir le conas tuairisciú a dhéanamh agus tacaíocht a lorg nuair is gá. Tá ceardlanna a dheartar go sonrach do bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna san áireamh in FUSE.
Arna chruthú i gcomhar leis an nGarda Síochána, tugann Bí in Ctrl aghaidh ar chomhéigean agus sracaireacht ar líne agus cuireann sé cumarsáid shábháilte ar líne chun cinn. Acmhainn don tSraith Shóisearach san Iar-bhunscoil é seo.
Deartha go sonrach do mhúinteoirí an Ghearrchúrsa i Litearthacht na Meán Sóisialta sa tSraith Shóisearach ar mian leo Folláine ar Líne, Nuacht, Faisnéis agus Fadhbanna an faisnéise bréagaí, Sonraí Móra agus an Geilleagar Sonraí, agus Mo Chearta ar Líne a iniúchadh. Tá ceachtanna breise ar fáil anois maidir le dearadh áititheach agus aghaidh-aithint.
Acmhainn faisnéise agus oideachais OSPS is ea Taisceadáin chun cabhrú le scoileanna déileáil le cosc a chur ar roinnt íomhánna féinghinte gáirsiúla de mhionaoisigh.
Tuiscint a fháil ar an Acht um Chiapadh, Cumarsáid Dhochrach agus Cionta Gaolmhara, 2020 agus na hiarmhairtí dlíthiúla do dhaoine óga.
Cabhróidh an ceacht seo le scoláirí na príomhchionta a aithint faoin Acht um Chiapadh, Cumarsáid Dhochrach agus Cionta Gaolmhara, 2020. Tuigfidh daltaí go bhfuil iarmhairtí ag baint lena ngníomhaíochtaí ar líne dóibh féin agus do dhaoine eile agus go bhfuil siad cuntasach as a ngníomhaíochtaí. Braithfidh daltaí gur féidir leo labhairt amach faoin gciapadh gnéasach ar líne agus cá rachaidh siad chun cúnamh a fháil má tharlaíonn sé.
Aonad Foghlama nua sa tSraith Shóisearach; The Respect Effect maidir le nascadh agus cumarsáid ar líne. Tá 8 gceacht OSPS san aonad foghlama ailínithe leis an gcuraclam nuashonraithe agus fiosraítear ann ábhar caolchúiseach na bulaíochta ar líne, comhbhá a fhorbairt agus meas agus cuimsitheacht ar líne a chur chun cinn.
Arna fhorbairt i gcomhar leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM), dearadh na cúig cheacht san aonad ‘Mo shaol ar líne’ le tacú le múinteoirí foghlaim agus teagasc a phleanáil do scoláirí na chéad bhliana. Fiosraítear i gceachtanna cumarsáid mheasúil ar líne, roinnt íomhánna agus tairbhí agus dúshláin a bhaineann le nascadh agus cumarsáid ar líne.
Arna fhorbairt i gcomhar leis an nGarda Síochána, téitear i ngleic le hábhar na cibearbhulaíochta, agus tá sé mar aidhm leis iarracht a dhéanamh an iompraíocht seo a chosc ó tharlú agus daltaí a chumasú chun freagairt go héifeachtúil má tharlaíonn cibearbhulaíocht agus ciapadh. Dearadh an ceacht chun cabhrú le daltaí tuiscint a fháil ar thionchar a ngníomhaíochtaí agus gurbh fhéidir gur cibearbhulaíocht agus ciapadh ar líne a bheadh i gceist leis.
Acmhainn d’iar-bhunscoileanna chun bulaíocht homafóbach agus trasfhóbach a chosc in iar-bhunscoileanna agus tacú le daltaí LADT. Arna fhoilsiú ag GLEN (Líonra Comhionannais do Dhaoine Aeracha agus Leispiacha)
Seachtain bhliantúil frithbhulaíochta LADT+ is ea Seachtain Feasachta Seas Suas arna éascú ag Belong To a ritheann feadh scoileanna dara leibhéal, ionaid Ógtheagmhála agus seirbhísí óige ar fud na hÉireann gach Samhain. Am tiomanta is ea Seachtain Feasachta Seas Suas ní hamháin chun aird a tharraingt ar dhíobhálacha na bulaíochta LADT+, ach chun ceiliúradh a dhéanamh ar óige agus éagsúlacht LADT+. Do mhúinteoirí, soláthraíonn sé am sainithe san fhéilire chun oideachas a thabhairt maidir le daoine óga LADT+ agus daoine óga nach LADT+ iad agus tacú leo. Maidir le scoláirí, tugann Seachtain Feasachta Seas Suas deis dóibh iad féin a chur in iúl, iniúchadh agus foghlaim a dhéanamh i dtimpeallacht thacúil.
Sheol Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ábhair nua don seomra ranga agus modúil oiliúna a bhfuil sé mar aidhm leo dul i ngleic le steiréitíopa inscne, bulaíocht inscne-bhunaithe agus foréigean inscne-bhunaithe i mbunscoileanna agus iar-bhunscoileanna.
Cur chuige iomlánaíoch is ea tionscnamh um Marc Cáilíochta LADT+ i leith cuimsiú i scoileanna agus ionaid mhalartacha oideachais a bhaineann le pobal uile na scoile. Tá samhail Mharc Cáilíochta LADT+ bunaithe ar cheithre phríomhréimse um Chur Chun Cinn Folláine a leagtar amach i Ráiteas Polasaí agus Creat Cleachtais Folláine na Roinne Oideachais. Le linn 18 mí, tacaítear le scoileanna agus ionaid chun gníomhaíochtaí fianaise-bhunaithe a chur i bhfeidhm thar roinnt príomhréimsí, ina léiríonn taighde go bhfeabhsaítear folláine agus sábháilteacht scoláirí LADT+.
Tacaíonn an ríomh-acmhainn agus an leabhair oibre lena ngabhann arna bhforbairt ag Ollscoil Luimnigh le foirne scoileanna dara leibhéal foghlaim maidir le féiniúlacht inscne agus léiriú inscne agus chun a chinntiú go réamhghníomhach go bhfuil scoileanna cuimsitheach maidir le daoine óga atá trasghnéasach agus éagsúil ó thaobh inscne de.
Tá tionscadal GEGAME ó Ionad Frithbhulaíochta OCBÁC dírithe ar scoláirí (14-16 bliana) san oideachas dara leibhéal, agus dearadh é do mhúinteoirí a sholáthraíonn ábhair a bhaineann le saincheisteanna na forbartha pearsanta, na sábháilteachta digití, an chomhionannais inscne agus an oideachais caidrimh agus gnéasachta.
Acmhainní oideachais do scoileanna agus oiliúint ar líne do mhúinteoirí bunscoile arna chur ar fáil ag Comhairle um Inimircigh in Éirinn
Clár praiticiúil arna bhunú ag Gluaiseacht Taistealaithe na hÉireann a thacaíonn le bunscoileanna le bheith níos ionchuimsithí maidir le gach cultúr agus eitneacht, a cheiliúrann éagsúlacht agus a thugann dúshlán don chiníochas agus don idirdhealú.
Soláthraíonn Oide, i gcomhar leis an Tionscnamh Forbartha don Óige (CDI), oiliúint speisialaithe RP do cheannairí scoile agus múinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile.
Áirítear i bhfócas na hoiliúna a tharlaíonn thar roinnt cuairteanna forbhreathnú ar chleachtas aisiríoch na scoile uile ar thairbhí RP, luachanna RP agus scileanna agus léargais chur chun feidhme. Áirítear ar sheisiúin idirghníomhacha ciorcail um réiteach fadhbanna, ceisteanna RP, úsáid teanga, ag díriú ar chumarsáid agus cothroime.
Beidh an clár oiliúna seo ar fáil mar rogha do bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna sa bhliain acadúil 2024/2025.
Níl roinn tiomanta ar shuíomh gréasáin Oide don chleachtas aisiríoch. Chun ábhair agus acmhainní tiomanta gairmiúla RP atá cothrom le dáta a fháil, tabhair cuairt ar:
I gcás ina bhfuil imní ar scoil maidir le scoláire ar leith, féadfaidh siad é a phlé lena síceolaí sannta. Ní féidir ach le príomhoide na scoile tosaíocht a thabhairt do scoláirí maidir le rannpháirtíocht SNSO.
Glactar le hiarratas maidir le rannpháirtíocht ó phríomhoide scoile i gcomhairle leis an síceolaí. I gcás ina bhfuil cinneadh á dhéanamh maidir le rannpháirtíocht le SNSO, breithníonn príomhoidí scoile na daltaí sin ag a bhfuil an riachtanas is mó, i gcomhthéacs na scoile áirithe sin.
Is féidir teagmháil a dhéanamh go réigiúnach le SNSO leis na sonraí teagmhála ag an nasc seo:
nó trí ríomhphost a sheoladh chuig neps@education.gov.ie ar féidir leo tú a chur ar aghaidh chuig an réigiún cuí maidir le do scoil
Tá liosta neamh-uileghabhálach doiciméad agus acmhainní sa Chatalóg Acmhainní a chuireann an Roinn Oideachais, a gníomhaireachtaí seirbhísí tacaíochta agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) ar fáil chun cabhrú le cur chun cinn na folláine feadh phobail scoile.
Catalóg Acmhainní Folláine Iar-bhunscoile ar fáil ag:
Is féidir teagmháil a dhéanamh le hoibrithe sóisialta Tusla chun aon eachtra a phlé i gcás ina dteastaíonn comhairle ó mhúinteoir nó ó scoil cibé ar cheart nó nár cheart tagairt de mar shaincheist um chosaint leanaí.
Tá sonraí teagmhála d’oibrithe sóisialta Tusla ar fáil ar shuíomh gréasáin Tusla thíos.