Ábhair thacaíochta foilsithe ag CNCM do mhúinteoirí bunscoile. Tá sé mar aidhm leis na hábhair tacú le múinteoirí chun OSPS agus OCG a ullmhú agus a theagasc ag úsáid Curaclam na Bunscoile
Clár um scileanna sábháilteachta pearsanta is ea an Clár Bí Sábháilte a dearadh le húsáid ag leanaí bunscoile ó Naíonáin Shóisearacha go rang a 6. Déantar iarracht sa chlár scileanna féinchosanta leanaí a fheabhsú trí rannpháirtíocht i gceachtanna maidir le cásanna sábháilte agus neamhshábháilte, bulaíocht, teagmháil mhíchuí, rúin, insint agus baol strainséirí.
Clár chun tacú le múinteoirí chun eolas agus scileanna pearsanta, mothúchánacha, sóisialta agus sláinte a fhorbairt. Tá sé mar aidhm leis freisin muinín astú féin a thabhairt do leanaí agus na scileanna agus an t-eolas a thabhairt dóibh chun roghanna sláintiúla a dhéanamh. Leagtar béim sa chlár ar chúnamh.
Cuireann seirbhís tacaíochta na Roinne Oideachais, Oide, tacaíochtaí forbartha ardchaighdeáin agus ábhartha leanúnacha ar fáil do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile, i raon réimsí oideolaíocha, curaclaim agus oideachais lena gcumasú chun riachtanais na bhfoghlaimeoirí uile a shásamh. Féadfaidh bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna rochtain a fháil ar thacaíocht don Fholláine atá oiriúnaithe agus curtha in oiriúint do riachtanais ar leith na scoile aonair. Déan teagmháil le Oide ag info@oide.ie .
Suíomh gréasáin náisiúnta is ea Tackle Bullying chun dul i ngleic le bulaíocht agus cibearbhulaíocht do dhaoine óga, tuismitheoirí agus múinteoirí. Tugtar faisnéis ar an suíomh gréasáin dóibh siúd dá ndéantar difear nó a bhfuil imní orthu maidir le heachtraí a bhaineann le Bulaíocht agus Cibearbhulaíocht.
D’fhorbair Ionad Frithbhulaíochta OCBÁC, ionad taighde in ollscoil náisiúnta atá suite in Institiúid Oideachais OCBÁC Clár Frithbhulaíochta agus Sábháilteachta ar Líne FUSE. Tá cáil dhomhanda ar an Ionad as a shármhaitheas taighde maidir le bulaíocht agus sábháilteacht ar líne.
Tá sé mar aidhm a FUSE acmhainneacht a thógáil i scoileanna chun dul i ngleic le bulaíocht agus saincheisteanna sábháilteachta ar líne agus chun leanaí agus daoine óga a chumasú chun a n-iompar féin a thuiscint, le bheith in ann bulaíocht agus rioscaí sábháilteachta ar líne a shainaithint agus a bheith muiníneach faoi conas tuairisciú a dhéanamh agus tacaíocht a lorg nuair is gá. Tá ceardlanna a dheartar go sonrach do bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna san áireamh in FUSE.
Tá Webwise mar chuid de Oide, an tseirbhís tacaíochta do mhúinteoirí agus ceannairí scoile. Arna mhaoiniú ag an Roinn Oideachais agus ag an gCoimisiún Eorpach, cuireann webwise.ie úsáid idirlín níos sábháilte agus níos fearr chun cinn trí thionscnaimh um ardú feasachta agus oideachais a dhírítear ar mhúinteoirí, leanaí, daoine óga agus tuismitheoirí.
Dearadh an Clár HTML Heroes do mhúinteoirí rang a 1 agus a 2 chun na chéad chéimeanna a chur faoi bhráid daltaí i ndáil le rochtain agus úsáid idirlín ar bhealach sábháilte agus freagrach. Tá cúig cheacht san acmhainn is féidir a fhiosrú ar leithligh nó a sholáthar mar aonad iomlán.
Fiosraítear sna ceachtanna conas an t-idirlíon a úsáid go sábháilte, cumarsáid a dhéanamh ar líne, spraoi agus foghlaim ar líne, cúnamh agus tacaíocht a fháil. Tá scéal gearr, maisithe, gníomhaíochtaí ceachta, agus faisnéis le tabhairt abhaile chuig tuismitheoirí/caomhnóirí i ngach ceacht. Críochnaíonn an clár le hamhrán beoite faoin gcód sábháilteachta ar líne.
Áirítear ar na topaicí a fhiosraítear cumarsáid mheasúil ar líne, príobháideachas, eolas a chuardach ar líne, folláine ar líne agus am scáileáin. Mar thacaíocht leis an gclár tá gníomhaíochtaí idirghníomhacha agus 4 bheochan ghearra ina bhfuil Ruby agus Archie, na HTML Heroes a thagann ina mbeatha nuair a fholmhaíonn an seomra ranga.
Arna fhorbairt ag Clár Bunscoileanna an Gharda Síochána i gcomhar le Webwise, dearadh acmhainní chun cur ar chumas daltaí rang a 3 agus a 4 tuiscint a fháil ar a bhfuil i gceist le cibearbhulaíocht, an chaoi ar féidir léi duine a ghortú agus conas í a chosc. Cuirtear chun cinn sna ceachtanna sa phacáiste seo cumarsáid mheasúil ar líne agus tá sé mar aidhm leo cúram agus meas do dhaoine eile ar líne a chothú. Tabharfar na scileanna do leanaí tríd an gclár seo chun déileáil go héifeachtach le cibearbhulaíocht.
Úsáidtear beochan agus gníomhaíochtaí i bPacáiste Frith-Chibearbhulaíochta Bunscoile Webwise chun deiseanna a thabhairt do leanaí rang a 5 agus a 6 comhbhá a bheith acu leo siúd a bhfuil tionchar aici orthu, na mothúcháin taobh thiar de a thuiscint agus iad a chumasú chun seasamh a ghlacadh.
Cosán foghlama do dhaoine 9-12 bhliain d’aois le bheith ina saoránaigh chliste dhigiteacha. Cabhraigh le daltaí coincheap na saoránachta digití a fhiosrú thar 10 dtéama sa leabhar gníomhaíochta DigiTown. Áirítear ar thopaicí feasacht tomhaltóra, cearta, folláine, meáin agus litearthacht eolais, eitic agus comhbhá, príobháideachas agus tuilleadh!
Treoir do Thuismitheoirí agus do Chumainn Tuismitheoirí ar mian leo dul i ngleic lena bpobal scoile maidir le sábháilteacht idirlín agus rochtain ar fhóin chliste do leanaí bunscoile.
Acmhainn ina bhfuil moltaí praiticiúla chun tacú le múinteoirí bunscoile chun aeráid scoile dearfach a chruthú ina gcoisctear bulaíocht homafóbach agus trasfhóbach agus óna gcothaítear meonta measúla
Ábhair seomra ranga do rang a 5 agus a 6 arna bhforbairt ag BeLonG To Youth Services agus Coláiste Naomh Pádraig (OCBÁC)
Acmhainní oideachais do scoileanna agus oiliúint ar líne do mhúinteoirí bunscoile arna chur ar fáil ag Comhairle um Inimircigh in Éirinn
Clár praiticiúil arna bhunú ag Gluaiseacht Taistealaithe na hÉireann a thacaíonn le bunscoileanna le bheith níos ionchuimsithí maidir le gach cultúr agus eitneacht, a cheiliúrann éagsúlacht agus a thugann
dúshlán don chiníochas agus don idirdhealú.
Soláthraíonn Oide, i gcomhar leis an Tionscnamh Forbartha don Óige (CDI), oiliúint speisialaithe RP do cheannairí scoile agus múinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile.
Áirítear i bhfócas na hoiliúna a tharlaíonn thar roinnt cuairteanna forbhreathnú ar chleachtas aisiríoch na scoile uile ar thairbhí RP, luachanna RP agus scileanna agus léargais chur chun feidhme. Áirítear ar sheisiúin idirghníomhacha ciorcail um réiteach fadhbanna, ceisteanna RP, úsáid teanga, ag díriú ar chumarsáid agus cothroime.
Beidh an clár oiliúna seo ar fáil mar rogha do bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna sa bhliain acadúil 2024/2025.
Níl roinn tiomanta ar shuíomh gréasáin Oide don chleachtas aisiríoch. Chun ábhair agus acmhainní tiomanta gairmiúla RP atá cothrom le dáta a fháil, tabhair cuairt ar:
I gcás ina bhfuil imní ar scoil maidir le scoláire ar leith, féadfaidh siad é a phlé lena síceolaí sannta. Ní féidir ach le príomhoide na scoile tosaíocht a thabhairt do scoláirí maidir le rannpháirtíocht SNSO.
Glactar le hiarratas maidir le rannpháirtíocht ó phríomhoide scoile i gcomhairle leis an síceolaí. I gcás ina bhfuil cinneadh á dhéanamh maidir le rannpháirtíocht le SNSO, breithníonn príomhoidí scoile na daltaí sin ag a bhfuil an riachtanas is mó, i gcomhthéacs na scoile áirithe sin.
Is féidir teagmháil a dhéanamh go réigiúnach le SNSO leis na sonraí teagmhála ag an nasc seo:
Contacts nó trí ríomhphost a sheoladh chuig neps@education.gov.ie ar féidir leo tú a chur ar aghaidh chuig an réigiún cuí maidir le do scoil
Tá liosta neamh-uileghabhálach doiciméad agus acmhainní sa Chatalóg Acmhainní a chuireann an Roinn Oideachais, a gníomhaireachtaí seirbhísí tacaíochta agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) ar fáil chun cabhrú le cur chun cinn na folláine feadh phobail scoile.
Catalóg Acmhainní Folláine Bunscoile ar fáil ag:
Is féidir teagmháil a dhéanamh le hoibrithe sóisialta Tusla chun aon eachtra a phlé i gcás ina dteastaíonn comhairle ó mhúinteoir nó ó scoil cibé ar cheart nó nár cheart tagairt de mar shaincheist um chosaint leanaí.
Tá sonraí teagmhála d’oibrithe sóisialta Tusla ar fáil ar shuíomh gréasáin Tusla thíos.