Ag Breathnú ar Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte: Dréacht-Treoir Bunscoile
Is féidir leat d’aiseolas a sheoladh chuig sse@education.gov.ie
Léiríonn an seimineár gréasáin seo torthaí na suirbhéanna ar fhéinmheastóireacht scoile a riaradh i mí an Mhárta 2022 agus déantar plé ar roinnt de na príomhréimsí ó na torthaí sin a chuidigh le treoir a sholáthar don chéad chéim eile de FMS ó 2022 go 2026
Féin-Mheastóireacht Scoile Faisnéis do dhaltaí bunscoile
Féin-Mheastóireacht Scoile Faisnéis do dhaltaí bunscoile
Liosta Tagairtí Riachtanais reachtaíochta agus rialacháin le haghaidh bunscoileanna agus scoileanna speisialta
Is próiseas comhoibríoch, cuimsitheach agus athmhachnamhach é an fhéinmheastóireacht scoile (FMS) trína ndéantar athbhreithniú inmheánach ar scoil. Le linn na féinmheastóireachta, tagann an príomhoide, an leas-phríomhoide agus múinteoirí le chéile faoi threoir an bhoird bainistíochta agus an phátrúin agus déantar fiosrú machnamhach ar obair na scoile, i gcomhairle leis na tuismitheoirí agus na daltaí.
Is cur chuige bunaithe ar fhianaise é, ina mbailítear fianaise ó fhoinsí éagsúla agus ina ndéantar breithiúnais ar mhaithe le feabhsúcháin a dhéanamh ar fhoghlaim na ndaltaí. Le linn féinmheastóireachta, is gá don scoil na príomhcheisteanna seo a leanas i dtaobh gné nó gnéithe d’obair na scoile a chur agus a fhreagairt:
Treoir do na scoileanna agus do na boird bhainistíochta is ea Imlitir 0039/2016 agus FMS Treoirlínte do Bhunscoileanna don mhéid is gá a dhéanamh sa dara timthriall FMS. Gheofar na doiciméid sin le híoslódáil in FMS 2016 – 2020. Tá sé socraithe ag boird bhainistíochta áirithe Féinmheastóireacht Scoile a bheith mar bhuanmhír den chlár oibre ag gach cruinniú den bhord.
Níor chóir don FMS díriú ar an obair scríofa thar aon ní eile. Mar sin féin, ní mór don scoil tuarascáil féinmheastóireachta agus plean feabhsúcháin scoile gonta a chur i dtoll a chéile gach bliain. I gcéim a haon den FMS, ó 2012-2016, iarradh ar na scoileanna dhá dhoiciméad – Tuarascáil Féinmheastóireachta agus Plean Feabhsúcháin – a chur i dtoll a chéile. Ach i gcéim a dó, féadfaidh an scoil an dá dhoiciméad sin a chumasc in aon doiciméad amháin nach faide ná trí leathanach.
Leagtar amach go soiléir sa tuarascáil féinmheastóireachta agus sa phlean feabhsúcháin scoile an méid is gá a dhéanamh chun obair na scoile a fheabhsú. Ba cheart na focail sna pleananna a bheith soiléir sothuigthe. An tuarascáil a bhíonn sa chéad roinn agus an plean feabhsúcháin sa dara roinn.
Teimpléad den tuarascáil féinmheastóireachta agus plean feabhsúcháin scoile
Féinmheastóireachta Scoile