Ailíniú na scoile ar na marcanna Céim 2
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sa chéim sin den phróiseas, déanfaidh na múinteoirí ábhair le chéile athbhreithniú ar na marcanna céatadáin measta do scoláirí a bhfuil an t-ábhar sin á dhéanamh acu. I ndiaidh na gnéithe sin den phróiseas ailínithe, tabharfaidh gach múinteoir na marcanna céatadáin measta chun críche. Mura bhfuil ach múinteoir amháin sa scoil a bhfuil rang Ardteistiméireachta aige nó aici san ábhar sin, reáchtálfaidh an múinteoir ábhair an próiseas ailínithe ionscoile in éineacht le Príomhoide Tánaisteach na scoile nó le múinteoir eile don ábhar céanna sa scoil, nach bhfuil rang Ardteistiméireachta aige nó aici in 2021, faoi réir chomhaontú Phríomhoide na Scoile.
Tá sé mar chuspóir le hailíniú marcanna na scoile a chinntiú:
Roimh an bpróiseas ailínithe, dréachtaíonn gach múinteoir ábhair i rang-ghrúpa Ardteistiméireachta na marcanna céatadáin measta do gach duine dá c(h)uid scoláirí agus rang-ghrúpaí.
Ní mór go léireodh múinteoirí nach bhfuil aon bheirt scoláirí á gcur ar an marc céatadáin measta céanna. I gcás go bhfuil breis agus comhpháirt scrúdaithe amháin san ábhar, cuirfidh múinteoirí an ghné scríofa agus an chomhpháirt /na comhpháirteanna measúnaithe breise san áireamh. D'fhéadfadh suas le dhá ionad de dheachúlacha a bheith sna marcanna céatadáin, i.e. 83.22%, 83.33%, etc. Léireoidh múinteoirí nach bhfuil aon bheirt scoláirí, ag gach leibhéal (Ardleibhéal, Gnáthleibhéal agus Bonnleibhéal) á gcur ar an marc céatadáin measta céanna.
Déanfar an próiseas ailínithe in 2021 a reáchtáil in dhá chéim.
Cuirtear rannpháirtíocht chomhairleach i bhfeidhm ina bhfuil na múinteoirí ábhartha go léir a bhfuil an t-ábhar á theagasc acu do scoláirí Ardteistiméireachta in 2021 páirteach. Ba cheart an próiseas ailínithe a cheapadh ar bhealach a chumasaíonn na múinteoirí in ábhar ar leith (an grúpa ailínithe ábhair) chun machnamh grúpa agus plé a dhéanamh agus iad dírithe ar a chinntiú gur cuireadh an próiseas chun teacht ar mharcanna measta i bhfeidhm go comhsheasmhach agus i gceart i gcás na scoláirí go léir san ábhar.
Cad é an chéad chéim eile sa phróiseas ailínithe?
I ndiaidh na rannpháirtíochta comhairlí, déanann gach múinteoir athbhreithniú ar thacar sonraí a rang-ghrúpa féin (i.e. na marcanna céatadáin measta), déanann sé/sí iad a choigeartú más gá, agus tugann sé/sí foirm um marc measta agus í comhlánaithe chun críche do gach scoláire sa rang-ghrúpa. Ansin, cuirtear na foirmeacha scoláire aonair sin faoi bhráid phríomhoide na scoile tríd an ngrúpa ailínithe ábhair mar thoradh ar an bpróiseas ailínithe ábhair.
Ba cheart a lua nach ceadmhach ach don mhúinteoir ranga an marc measta do scoláire/scoláirí ina rang-ghrúpa(í) a athrú le linn an phróisis.