Airgeadas Rialtais Áitiúil
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó thaobh cúrsaí Airgeadais Rialtais Áitiúil, tá an Roinn fócasaithe ar fholláine, ar bhainistíocht éifeachtach agus ar chuntasacht na n-údarás áitiúil ó thaobh cúrsaí airgeadais, agus ar phrionsabail maidir le leis an luach ar airgead a chur chun cinn san earnáil.
Caiteachas Caipitil is ea caiteachas lena bhfágtar go gcruthaítear sócmhainn a mhaireann níos faide ná an bhliain inar soláthraíodh an tsócmhainn sin m.sh. tithe, linn snámha, leabharlann srl. Déantar mórchuid an chaiteachais a airgeadú le deontais Stáit agus an iarmhéid á maoiniú le tobhaigh fhorbartha agus iasachtaí agus acmhainní inmheánacha an údaráis féin agus díolacháin mhaoine. I gcás roinnt tionscadal (m.sh. oifigí rialtais áitiúil), féadfar iad a bheith mhaoinithe le hacmhainní agus iasachtaí an údaráis áitiúil féin amháin.
Ullmhaíonn agus cuireann Príomhfheidhmeannach an Údaráis áitúil tuairisc faoi bhráid na gcomhaltaí tofa lena dtugtar le fios clár na dtionscadal caipitil atá á moladh ag an údarás áitiúil don bhliain atá le teacht agus don dá bhliain ina diaidh sin. Áirítear caiteachas leis an gclár caipitil ar shócmhainní seasta, ar thionscadail bhonneagair, ar obair atá fós idir lámha agus ar speansais tosaigh.
Soláthraítear mionsonraí i Ráiteas Airgeadais Bliantúil (RAB) an údaráis áitiúil ar Ioncaim & ar Chaiteachas an Chuntais Chaipitil agus ar an Iarmhéid Chaipitil fhoriomlán.
Léirítear caiteachas reatha (dá ngairtear caiteachas ioncaim uaireanta) le buiséad bliantúil údaráis lena gcuimsítear reáchtáil laethúil an údaráis áitiúil (lena n‑áirítear tuarastail foirne, cothabháil tithe, pinsin, costais oibriúcháin srl.). Glacann an chomhairle thofa an buiséad bliantúil ag a chruinniú faoin mbuiséad.
Soláthraítear an bonn reachtaíochta do phróiseas bhuiséid an rialtais áitiúil leis an Acht Rialtais Áitiúil 2001, faoi mar a leasaíodh leis an Acht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil 2014. Déantar an buiséad a fhorbairt trí phróiseas céimnithe lena mbaineann ionchur ón bPríomhfheidhmeannach, ó chomhaltaí an Cheantair Bhardasaigh agus ó Ghrúpa an Bheartais Chorparáidigh. Is faoi gach údaráis áitiúil a bhíonn sé a thosaíochtaí caiteachais féin a chinneadh i gcomhthéacs an phróisis bhuiséidigh bhliantúil agus aird á tabhairt ar riachtanais atá sonraithe go háitiúil agus ar acmhainní a bhíonn ar fáil. Bíonn freagracht dhíreach ag comhaltaí tofa údaráis áitiúil sa dlí as gach feidhm fhorchoimeádta de chuid an údaráis, lena n-áirítear an buiséad bliantúil a ghlacadh, agus bíonn siad cuntasach tríd an gcóras daonlathach as an gcaiteachas ar fad a dhéanann an t-údarás áitiúil.
Bíonn buiséid údaráis áitiúil aonair ar fáil ó rannán airgeadais na comhairle agus foilsítear iad ar shuíomh idirlín na n-údarás i gcoitinne. Bíonn sonraí comhdhlúite maidir le buiséid bhliantúla do na húdaráis áitiúla ar fad, arna dtiomsú ag an Roinn, ar fáil ag Local Authority Budgets.
Maoinítear an caiteachas reatha as foinsí éagsúla, faoi mar a leagtar amach thíos, cé go bhféadfaidh ranníocaíocht shonrach an ioncaim as na foinsí difriúla a bheith éagsúil idir údaráis.
Bíonn cumhachtaí ag údaráis áitiúla le muirir a ghearradh ar sheirbhísí a sholáthraíonn siad, mar shampla, cíosa tithíochta, muirir dhramhaíola, muirir pháirceála, táillí ar iarratais phleanála. I bhformhór na gcásanna, socraítear an muirear nó an táille go háitiúil cé go socraítear muirir nó táillí áirithe ar leibhéal náisiúnta.
Bíonn údaráis áitiúla faoi oibleagáid reachtúil rátaí a ghearradh ar aon mhaoin a úsáidtear chun críocha tráchtála, de réir na mionsonraí a cuireadh isteach sna liostaí luachála arna n-ullmhú ag Tailte Éireann faoin Acht Luachála 2001 to 2020.
Is faoin údarás áitiúil aonair a bhíonn cúrsaí maidir le rátaí a ghearradh agus a bhailiú. Cineann an Tailte Éireann an Ráta Bliantúil ar Luacháil (ARV), a fheidhmítear i leith luacháil gach maoine chun an tsuim is iníoctha i rátaí a fháil. Cinneann comhaltaí tofa gach údaráis áitiuil na rátaí sin ina mbuiséad bliantúil agus bíonn an obair sin ina feidhm fhorcoimeádta ag údarás áitiúil.
Íocann ranna éagsúla rialtais deontais shonracha le húdaráis áitiúla i leith seirbhísí agus scéimeanna áirithe, mar shampla, tithíocht agus cothabháil na mbóithre.
Bunaíodh an Ciste Rialtais Áitiúil (CRÁ) in 1999 agus úsáidtear é chun údaráis áitiúla a mhaoiniú, go príomha trí leithdháiltí ó Cháin Mhaoine Áitiúil (CMÁ). CMÁ, chomh maith le rannchuidiú suntasach ón státchiste atá in ioncam CRÁ. Cinneann an Rialtas an caiteachas ón gCiste Rialtais Áitiúil gach bliain mar chuid den phróiseas buiséadach. Le blianta beaga anuas, áirítear le caiteachas;
Is cáin bhliantúil í an Cháin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) a ghearrtar ar luach margaidh maoine cónaithe áirithe sa Stát. Tugadh an cháin isteach den chéad uair in 2013 agus bailíonn na Coimisinéirí Ioncaim go lárnach í. Aistrítear na fáltais ón CMÁ ina dhiaidh sin chuig an gCiste Rialtais Áitiúil lena ndáileadh ar aghaidh chuig údaráis áitiúla de réir bheartais an Rialtais ar leithdháiltí maoinithe. Is é cuspóir foriomlán an CMÁ foinse chobhsaí agus inbhuanaithe maoinithe a chur ar fáil d’údaráis áitiúla.
Cuireann leithdháiltí bliantúla CMÁ tacaíocht airgeadais ar fáil d’údaráis áitiúla aonair ionas gur féidir leo leanúint dá n-iarrachtaí chun buiséid chomhardaithe a bhaint amach. Cabhraíonn sé le maoiniú a chur ar fáil do sheirbhísí áitiúla tábhachtacha amhail páirceanna, leabharlanna, áiseanna fóillíochta, seirbhísí dóiteáin agus éigeandála, sráideanna agus soilsiú sráide a chothabháil agus a ghlanadh - rud a théann chun tairbhe na saoránach go díreach. Forlíonann an leithdháileadh bliantúil CMÁ ioncam údaráis áitiúil ó fhoinsí eile, mar shampla, rátaí tráchtála, ioncam áitiúil ó sholáthar earraí agus seirbhísí agus deontais agus fóirdheontais Rialtais. Faigheann gach údarás áitiúil íosleibhéal maoinithe, beag beann ar an toradh CMÁ ina cheantar, lena chinntiú go bhfuil na hacmhainní riachtanacha aige chun seirbhísí riachtanacha a sholáthar ina cheantar.
Féadfaidh údaráis áitiúla an ráta CMÁ ina limistéar riaracháin a athrú suas le 15% de bhunráta na Cánach. Ní mór an cinneadh maidir le hathrú a dhéanamh le rún ón gComhairle. Cuireann an chumhacht chun rátaí CMÁ a athrú ar chumas comhaltaí tofa tionchar díreach a imirt ar leibhéal an ioncaim CMÁ atá acu chun a riachtanais chaiteachais a chomhlíonadh.
Thug meitheal oibre athbhreithniú ar Bhonnlínte CMÁ chun críche in 2023.
Coigeartaíodh bonnlínte le haghaidh 2024 i gcomhréir leis na moltaí ón meitheal sin, agus thairis sin, fuair gach údarás méadú €1.5m ar a laghad ar mhaoiniú bonnlíne. Dá réir sin, tá na bonnlínte CMÁ iomlána Údarás Áitiúil méadaithe ó €353m go €428.4m in 2024.
Leagtar amach sa Tuarascáil Achomair ar Athbhreithniú ar Bhonnlínte Cánach Maoine Áitiúla 2023 próiseas, torthaí agus moltaí an athbhreithnithe sin.
Ceanglaítear ar gach údarás áitiúil Ráiteas Airgeadais Bliantúil (RAB) a ullmhú faoi dheireadh an Mhárta tar éis dheireadh na bliana agus é a fhoilsiú faoi dheireadh an Mheithimh.
Déanann Seirbhís Iniúchóireachta an Rialtais Áitiúil sa Roinn iniúchóireacht ar na ráitis bhliantúla seo.
Nuair a bhíonn na hIniúchóireachtaí ar fad curtha i gcrích, foilsíonn an Roinn foilseachán comhdhlúite Annual Financial Statement thiomsú ó na Ráitis Airgeadais Iniúchta arna bhfoilsiú ag gach údarás áitiúil.
Ba cheart ceisteanna i ndáil leis na ráitis aonair a sheoladh chuig an údarás áitiúil ábhartha.