Áiteanna do Dhaoine - an Beartas Náisiúnta um Ailtireacht
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is é Áiteanna do Dhaoine beartas náisiúnta nua um ailtireacht na hÉireann. Leagtar amach ann bealaí chun caighdeán a chur chun cinn agus a leabú san ailtireacht agus sa timpeallacht thógtha agus nádúrtha sna blianta atá le teacht in Éirinn.
Tá mar aidhm le hÁiteanna do Dhaoine rannpháirtíocht phoiblí san ailtireacht a threisiú agus gairm na hailtireachta a chumasú, go mór mór laistigh den tseirbhís phoiblí. Tá mar aidhm leis freisin cur le caighdeán dearaidh agus feabhas a chur ar shonraí agus ar thaighde i leith na timpeallachta tógtha.
Tá creat gníomhartha praiticiúla sa bheartas chun cuidiú le hÉirinn an luach is mó a bhaint as ealaíon agus ceird na hailtireachta, chun foirgnimh phoiblí agus spásanna poiblí a chur ar fáil a oireann do chách. Cuideoidh na gníomhartha seo le háiteanna bríomhara, fáilteacha agus inbhuanaithe a dhéanamh as ceantair áitiúla, na ceantair sin a chothú agus a athghiniúint ina mbeidh pobail ábalta a bheith faoi bhláth.
Trí na céimeanna seo a ghlacadh beidh Áiteanna do Dhaoine ábalta cur le tosaíochtaí an Rialtais a chur i bhfeidhm, tosaíochtaí amhail Tionscadal Éireann 2040, Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide, 2021, Tithíocht do Chách, Oidhreacht Éireann 2030 agus Tús Áite do Lár an Bhaile.
Déanann Áiteanna do Dhaoine muid a cheangal le tionscnaimh thábhachtacha inbhuanaithe, athchóirithe agus chruthaitheacha atá anois ar bun san Eoraip mar chuid den Chomhaontú Glas. Tá tionscnamh Bauhaus Eorpach Nua ar cheann díobh sin. Is ionann é agus coincheap iontach agus nuálach, trína dtugtar daoine le chéile chun bealaí maireachtála a cheapadh don saol amach anseo trí leas a bhaint as comhshaothar idir ealaíon, cultúr, eolaíocht agus teicneolaíocht. Féach ar thuilleadh ábhair maidir le beartas Eorpach um ailtireacht thíos.
Postálfaimid nuashonraithe maidir le hÁiteanna do Dhaoine anseo agus ar chainéil meán sóisialta na Roinne. Seiceáil freisin i gcomhair nuashonraithe ar fhorbairt beartas Eorpach um ailtireacht - go háirithe nuacht ar an obair a dhéanann Éire chun an Bauhaus Eorpach Nua a chur chun feidhme.
Is féidir ceisteanna maidir le hÁiteanna do Dhaoine a chur ar aghaidh chuig architecture@housing.gov.ie.
Thosaigh an próiseas rannpháirtíochta poiblí i mí na Nollag 2019 le plécháipéis ag lorg ionchuir. Mar chuid den phróiseas comhairliúcháin bhí 11 ceardlann ildisciplíneacha agus suirbhé ar líne. Bhí 12 aighneacht ó 123 duine aonair agus eagraíochtaí mar thoradh ar an bpróiseas, a raibh moltaí fíormhionshonraithe agus fíorchuiditheacha i gcuid acu. Rinneadh anailís ar an ábhar sin chun eolas a dhéanamh do rogha cuspóirí agus gníomhartha sa bheartas.
Áiteanna do Dhaoine - an Beartas Náisiúnta um Ailtireacht
Consultation Report for the National Policy on Architecture
Draft Review Report for the Consultation on the National Policy on Architecture
Áiteanna do Dhaoine
Doiciméad plé ina n-iarrtar aighneachtaí ón bpobal i dtaca le Beartas Náisiúnta ar Ailtireacht atá beartaithe.