An Bille um Rialáil Sábháilteachta agus Meán Ar Líne
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ar an 9 Eanáir 2020 cheadaigh an Rialtas an Scéim Ghinearálta maidir leis an mBille um Sábháilteacht ar Líne agus Rialúchán Meán agus foilsíodh ina dhiaidh sin é ar an 10 Eanáir 2020. Cheadaigh an Rialtas chomh maith dréachtú mionsonraithe an Bhille atá molta ag Oifig an Ard-Aighne.
De bharr dhíscaoileadh na Dála agus na gCoistí i mí Eanáir, cuireadh moill ar scrúdú réamh-reachtach. Tá dréachtú mionsonraithe an AGO ar an mBille ag leanúint ar aghaidh.
Tar éis don Rialtas forálacha breise a cheadú ar an 24 Samhain 2020, d’fhoilsigh an Rialtas an Scéim Ghinearálta chríochnaithe. Seoladh an Scéim Ghinearálta chríochnaithe chuig Oifig an Ard-Aighne ionas go mbeidh siad ábalta leanúint ar aghaidh le dréachtú mionsonraithe an Bhille. Cuireadh an Scéim Ghinearálta chríochnaithe faoi bhráid Chomhchoiste an Oireachtais do scrúdú réamh-reachtach.
Bhí an t-ionchur agus plé le páirtithe leasmhara ríthábhachtach, más duine den phobal, baill de chuideachtaí, NGOanna nó eagraíochtaí Rialtais iad, d’fhonn forbairt maidir le forbairt an Bhille um Sábháilteacht agus Rialúchán Meán. Fanfaidh sé sin amhlaidh amach anseo.
Áirithe sna samplaí de phlé pháirtithe leasmhara a glacadh maidir le forbairt na Scéime Ginearálta tá:
Tá creataí rialála agus dlíthiúla suntasacha ann cheana féin maidir le go leor ceisteanna ar líne, lena n-áirítear freagraí maidir le cosaint sonraí agus ceartas coiriúil i ndáil le gníomhaíochtaí coiriúla ar líne. Ina dhiaidh sin féin, tá bearna shuntasach go hidirnáisiúnta agus in Éirinn araon chomh fada is a bhaineann le dul i ngleic le hábhar dainséarach ar líne. Gheobhaidh an dlí nua seo réidh leis an mbearna dhlíthiúil agus cuirfidh sé creat rialála láidir ar bun chun dul i ngleic le scaipeadh ábhair dhainséarach ar líne.
Déanann an Bille foráil maidir le Coimisinéir don tSábháilteachta ar Líne a cheapadh mar chuid de Choimisiún na Meán níos leithne d’fhonn creat nua rialála maidir le sábháilteacht ar Líne a mhaoirsiú. Déanfaidh an Coimisinéir an creat nua sin a rialú trí cheangal a dhéanamh idir cóid sábháilteachta ar líne agus comhlíonadh láidir, cur i bhfeidhm agus cumhachtaí maidir le smachtbhannaí.
Déileálfaidh cóid sábháilteachta ar líne le réimse leathan ceisteanna, bearta atá le cur i bhfeidhm ag seirbhísí ar líne san áireamh chun dul i ngleic le hinfhaighteacht ábhair dhainséarach ar líne, mar shampla ábhar a bhaineann le cíbearbhulaíocht, ar a gcuid seirbhísí.
Déanfaidh an Bille an Treoir athbhreithnithe maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc a thrasuí i ndlí na hÉireann. Cuirfidh sé rialáil maidir le seirbhísí meán closamhairc ag brath ar éileamh ar bhonn reachtúil agus déanfaidh sé an rialáil ar a leithéid de sheirbhísí a ailíniú le seirbhísí craoltóireachta teilifíse.
Cuirfidh an Bille maoirseacht níos éifeachtaí ar bun agus rialáil chuí maidir le seirbhísí meán closamhairc atá bunaithe in Éirinn. Beidh sé riachtanach go gcláródh seirbhísí meán closamhairc ag brath ar éileamh le Coimisiún na Meán.
San áireamh sa Bhille beidh foráil maidir le tobhach a ghearradh ar sheirbhísí craoltóireachta teilifíse agus seirbhísí físeán ag brath ar éileamh in Éirinn chun táirgeadh ábhar closamhairc in Éirinn a mhaoiniú, faoi réir tuilleadh taighde agus moltaí ó Choimisiún na Meán agus ordú um thosach feidhme ón Aire.
Go ginearálta, féachann an Bille atá molta le foráil a dhéanamh:
Dualgas a bheith ar sheirbhísí proifisiúnta físeán ag brath ar éileamh ábhar nuachta agus cúrsaí reatha a chur ar fáil chun na caighdeáin iriseoireachta chéanna a éilíonn craoltóirí teilifíse a bhaint amach.
Online Safety and Media Regulation Act 2022
Audiovisual Media Services Directive and OSMR correlation table