An Chairt um Fhostaíocht agus um Rannpháirtíocht na hÓige: Treoirlínte maidir le Gealltanais a Chur i bhFeidhm
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tugann an Chairt nua um Fhostaíocht agus um Rannpháirtíocht na hÓige deis iontach d’fhostóirí athrú dearfach a bhaint amach i saol cuardaitheora poist trí chabhrú leo dul i dtreo na fostaíochta.
Chun cabhrú le cuardaitheoirí poist atá níos faide i gcéin ón lucht saothair a roghanna infhostaitheachta a chur chun cinn, tugtar cuireadh d’fhostóirí cabhrú le cuardaitheoirí poist saol na hoibre a fhiosrú, le deiseanna nua chun a gcuid scileanna agus taithí a fhorbairt.
D’fhéadfadh dífhostaíocht tarlú mar gheall ar mhí-oiriúint scileanna do na róil atá ar fáil, uaireanta easpa muiníne de bharr dífhostaíochta, nó easpa eolais ar na bealaí is éifeachtaí chun obair a fháil. Teastaíonn tacaíochtaí agus idirghabhálacha breise ó roinnt cuardaitheoirí poist chun cabhrú leo post a fháil nó chun tuiscint a fháil ar cad a d’fhéadfadh a bheith i gceist le post in earnáil ar leith. Sa Chairt um Fhostaíocht agus um Rannpháirtíocht na hÓige, baintear leas as cumas agus toilteanas na bhfostóirí agus na n-eagraíochtaí a bheith ina gcrainn taca don athrú ar bhealach fostaíochta cuardaitheora poist trí ghníomhaíochtaí a chabhraíonn le heolas agus muinín a fhorbairt, a mhéadaíonn uaillmhianta agus spriocanna le haghaidh oibre agus a chuireann le líonraí oibre nua.
Clárú leis an gCairt chun cabhrú leis an timthriall ‘taithí ar bith, post ar bith; post ar bith, taithí ar bith’ a bhriseadh.
Bíonn fostóirí a gheallann don Chairt mar chuid de phobal níos leithne de ghnóthaí a aithníonn an luach a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh i ndaoine agus a d’fhéadfadh leas a bhaint as luach na tallainne nár baineadh leas aisti go fóill. Tá pobal na Cairte ar an eolas faoin gcaoi ar féidir leo tacú go dearfach le torthaí níos fearr do chuardaitheoirí poist agus ar an gcaoi a mbíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus pobail mar thoradh ar an tacaíocht sin. Tá an pobal seo comhdhéanta d’fhostóirí a bhfuil an dearcadh céanna acu agus a dhéanann na nithe seo a leanas:
Agus an méid sin á dhéanamh acu, baineann foireann na ngnóthaí sin tairbhe as a gcuid scileanna féin a fhorbairt amhail éisteacht ghníomhach agus cumarsáid éifeachtach agus foghlaimíonn siad na huirlisí chun daoine eile a spreagadh, a threorú agus a chumhachtú agus, ar an gcaoi sin, cuireann siad lena dtuiscint ar fholláine féin agus le sástacht feabhsaithe fostaithe. D’fhéadfadh a gcuid oibre le cuardaitheoirí poist a bheith mar chuid lárnach de do straitéis forbartha fórsa saothair.
Tá an deis ar fáil do gach fostóir agus eagraíocht a bheith ina Cuaradh Cairte, go háirithe iad siúd atá toilteanach cabhrú le cuardaitheoir poist a muinín agus a n-eolas a fhorbairt agus aon imní a shárú mura bhfuil scileanna ná post acu. Níl aon rud ag teastáil seachas dearcadh dearfach chun cabhrú le daoine eile.
Trí ghealltanas a thabhairt don Chairt, bíonn fostóirí mar chuid de phobal Curadh a aontaíonn tabhairt faoi dhá ghníomhaíocht, nó níos mó, a d’fhéadfadh tacú le cuardaitheoirí poist agus iad a spreagadh inár ngrúpaí tosaíochta.
Is iad cuardaitheoirí poist óga, faoi bhun 30 bliain d’aois, príomhfhócas na Cairte. Is amhlaidh atá toisc gur féidir leis an dífhostaíocht, go háirithe an dífhostaíocht fhadtéarmach, difear a dhéanamh d’fholláine phearsanta agus cuireann sí leis an mbaol a bhaineann le heisiamh sóisialta, agus ag an am céanna an dóchas faoin todhchaí a laghdú. Tá daoine óga nach ndéanann an t-aistriú chuig an bhfostaíocht i mbaol ‘díobhála’ fadtéarmaí. I bhfocail eile, is féidir le tréimhse fhada dífhostaíochta difear buan a dhéanamh dá dtorthaí saoil níos fadtéarmaí — tuilleamh, oideachas, sláinte, agus tithíocht. Agus an Chairt á síniú acu, tá fostóirí ag cur ceangail orthu féin dul i ngleic leis an díobháil fhadtéarmach sin agus rannpháirtíocht na hóige leis an lucht saothair a fheabhsú.
Freastalóidh an Chairt freisin ar ghrúpaí eile de chuardaitheoirí poist a d’fhéadfadh deacrachtaí a bheith acu agallamh a fháil, taithí oibre a bhaint amach nó bogadh isteach i saol na hoibre agus a bhfuil taithí acu ar na tionchair dhiúltacha a bhaineann leis an dífhostaíocht. I measc na ngrúpaí tosaíochta eile sin, tá:
Féadfaidh na grúpaí tosaíochta seo athrú agus d’fhéadfadh forluí a bheith ann idir na grúpaí éagsúla. Mar sin féin, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach mbeidh tacaíocht bhreise de dhíth orthu siúd go léir i ngach ceann de na grúpaí thuas agus go n-éireoidh le go leor díobh a gcuid deiseanna oibre féin a chur chun cinn go neamhspleách.
Beidh fonn foghlama ar na cuardaitheoirí poist a ghlacfaidh páirt sa Chairt. Is mian leo foghlaim conas poist a chuardach go héifeachtach, cad iad na scileanna atá ag teastáil agus conas agallaimh a dhéanamh go héifeachtach.
Tá sé ghealltanas sa Chairt. Tá na gealltanais sin bunaithe ar chomhairliúchán a rinneadh le daoine óga i gcomhar le Eagraíocht Náisiúnta na hÉireann do Dhaoine Dífhostaithe (INOU) Comhairle Náisiúnta na nÓg (NYCI) agus Cónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann (IBEC) agus suirbhé ar leith ar líne chun cur leis na fócasghrúpaí ar an láthair. Rinne foghrúpa Fostóirí Chomhairle Chomhairleach an Mhargaidh Saothair (LMAC) maoirseacht ar an obair. Léirigh na daoine óga a mian le haghaidh taithí oibre agus forbairt scileanna chun tacú le deiseanna fostaíochta. Dúirt siad gur mian leo ionchur a fháil ó fhostóirí maidir le taithí oibre a aimsiú, cur le chéile CVanna, meantóireacht agus tuiscint níos fearr a fhorbairt ar na róil. Réitigh na daoine óga go léir lena chéile, cibé acu ó cheantar atá níos mó mhíbhuntáistí nó céimithe coláistí.
Tá sé ghealltanas sa Chairt agus iarrtar ar shínitheoirí aghaidh a thabhairt ar chuid de na gealltanais nó orthu ar fad, ag brath ar mhéid agus ar chineál a n-eagraíochta. Mar a bheifeá ag súil leis, le himeacht ama agus ag brath ar an ngnó, beidh éagsúlacht ann maidir leis an gcaoi a ndéanann tú na gealltanais sin a chomhlíonadh (i.e. an scála, an rialtacht, nó na hacmhainní a chuirtear i bhfeidhm).
Is é an rud is tábhachtaí ná go ngeallann an t-urraitheoir do dhá ghníomhaíocht nó níos mó a chabhróidh le cuardaitheoir poist a mbealach chun fostaíochta a bhaint amach.
Tá sé ghealltanas léirithe thíos le roghnú astu, chomh maith le roinnt moltaí maidir le gníomhaíochtaí is féidir leat a dhéanamh. Trí chlárú leis an gCairt, geallann do ghnó go rachaidh sé i mbun dhá ghníomhaíocht thar an dá mhí dhéag ina dhiaidh sin.
Cabhróidh foireann um Chaidreamh Fostóirí na Roinne leat machnamh a dhéanamh ar conas is féidir leat cabhrú agus na socruithe riachtanacha go léir a chur i bhfeidhm a oireann i gcomhair do ghnó.
Chun a thaispeáint go bhfuil tú toilteanach deiseanna nua a chur ar fáil do chuardaitheoirí poist, téigh chuig www.gov.ie/Charter , áit ar féidir leat a chur in iúl go bhfuil tú ag iarraidh a bheith páirteach i bpobal na gCuradh Cairte. Beidh ball dár bhfoireann um Chaidreamh Fostóirí i dteagmháil leat go luath chun cabhrú leat na rudaí is fearr a oireann do do ghnó a aithint agus chun na socruithe riachtanacha a dhéanamh. Is é an ról atá acu ná cabhrú leat do thiomantas a chur i bhfeidhm ar an mbealach is oiriúnaí, is praiticiúla agus is insroichte do do chuideachta.
Is é luach an ghealltanais sin ná gur féidir le fostóirí tairbhe a bhaint as dreasachtaí airgeadais agus leas á bhaint acu as bealaí nua le haghaidh tallainne agus earcaíochta iarrthóirí. Is féidir leis an tiomantas sin cur le cuimsiú agus éagsúlacht a fhorbairt i do lucht saothair tríd an acmhainneacht d’iarrthóirí nua a leathnú; léirigh taighde go dtéann ionaid oibre chuimsitheacha chun tairbhe na heagraíochta agus na bhfostaithe eile sa ghnó.
Faigh tuilleadh eolais faoi na tacaíochtaí agus na scéimeanna a bhíonn mar luach saothair d’fhostóirí a chuireann cuardaitheoirí poist san áireamh agus iad ag earcú agus a earcaíonn cuardaitheoirí poist laistigh de na Grúpaí Tosaíochta um Thacaíocht. Ina measc sin tá:
Tá foireann náisiúnta ag Intreo atá ag obair ar fud na tíre chun cabhrú le do riachtanais earcaíochta. Má chláraíonn tú leis an tiomantas sin, is féidir le d’Oifigeach Caidrimh Fostóirí áitiúil cuidiú le tacaíochtaí earcaíochta a fhreastalaíonn ar do chuid riachtanas a choimeád le naisc dhíreacha le daoine a bhfuil post á lorg acu go gníomhach.
Déan teagmháil le d’fhoireann Caidrimh Fostaíochta Intreo chun eolas a fháil faoin raon tacaíochtaí breise atá ar fáil d’fhostóirí chun líon na n-iarrthóirí a mhéadú:
Léiríonn an tiomantas seo do ghealltanas cur go gníomhach le conair cuardaitheora poist chun na hoibre trí chabhrú leo tuiscint a fháil ar na scileanna is gá chun ullmhú d’iarratas ar phost nó d’agallamh poist. Beidh ort roinnt réamhphleanála a dhéanamh le ball d’fhoireann Intreo chun a chinntiú go mbeidh scóip agus scála d’uaillmhianta ag teacht le riachtanais cuardaitheoirí poist i do cheantar agus laistigh den tréimhse ama a oireann duit. Mar a bheifeá ag súil leis, le himeacht ama agus ag brath ar an ngnó, beidh éagsúlacht ann ina leith sin agus d’fhéadfá smaoineamh ar chomhoibriú le fostóirí eile atá i do cheantar agus sa ghníomhaíocht chéanna.
Comhoibriú le baill foirne Intreo chun cruinniú nó imeacht a bhunú (is féidir leat a roghnú oibriú le fostóirí eile i do cheantar):
Tá an tiomantas seo dírithe ar spreagadh a chothú. Is é an aidhm atá ann ná cuardaitheoirí poist a spreagadh chun machnamh a dhéanamh ar an raon leathan roghanna atá ar fáil agus chun tuiscint níos leithne a thabhairt do chuardaitheoirí poist ar na róil agus na hearnálacha éagsúla atá ar fáil dóibh. Trí fheasacht ar chonairí isteach sna poist sin a mhéadú, d’fhéadfadh sé cuardaitheoirí poist a spreagadh chun leas a bhaint as roghanna oideachais agus oiliúna chun rochtain a fháil ar na conairí sin. D’fhéadfadh fostaithe labhairt faoin gcaoi ar éirigh leo a bpost a fháil nó d’fhéadfadh fostóir machnamh a dhéanamh ar a dtaithí féin ar ghnó a thógáil chun na cuardaitheoirí poist a spreagadh chun na roghanna féinfhostaíochta a chur san áireamh agus post á lorg acu.
Comhoibriú le baill foirne Intreo chun deiseanna scáthfhoghlama a bhunú agus/nó deiseanna meantóireachta a chur ar fáil do chuardaitheoirí poist (b’fhéidir go roghnófá é sin a dhéanamh le fostóirí eile i do cheantar):
Tugann tiomantas don mheantóireacht deis don mheantóir agus don chuardaitheoir poist araon a bhfuil meantóireacht á déanamh orthu (meantaí) chun foghlaim agus fás comhroinnte a dhéanamh trí phróiseas struchtúrtha rannpháirtíochta. Tacaíonn meantóirí leis na meantaithe chun spriocanna a shainaithint, rochtain a fháil ar oiliúint agus forbairt ábhartha agus daoine a spreagadh chun dul chun cinn a dhéanamh ina ngairm bheatha. Leis sin, d’fhéadfadh fostaithe gnó scileanna buana a fhorbairt.
Cleachtais a chomhtháthú lena dtacaítear leis an bhfoghlaim agus forbairt laistigh den obair, idir fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil
Ós rud é go mbíonn tionchar díréireach ag an dífhostaíocht ar dhaoine óga, moltar d’fhostóirí aitheantas a thabhairt don tábhacht a bhaineann le taithí fostaíochta luath. Clúdaíonn an taithí sin tá an próiseas earcaíochta suas go dtí nósanna imeachta ionduchtaithe dearfacha agus infheistíocht in aiseolas dearfach, go háirithe sna céimeanna tosaigh de phost nua. Smaoinigh ar an tionchar a bhíonn ag do chleachtas orthu siúd atá níos faide i gcéin ón lucht saothair agus nach bhfuil mórán taithí acu ar shaol na hoibre roimhe seo.
Deiseanna a fhorbairt maidir le hearcaíocht dhearfach agus maidir le taithí choinneála;
o Machnamh a dhéanamh ar théarmaí agus coinníollacha fostaíochta a chur san áireamh ar fhógraí poist lena n-áirítear scála pá, uaireanta oibre, deiseanna d’obair chumaisc agus d’oiliúint.
o Aiseolas pras a thabhairt do chuardaitheoirí poist óga atá ag lorg iarrthóirí chun cabhrú leo foghlaim ón taithí earcaíochta. Infheistíocht a dhéanamh in oiliúint ionduchtúcháin agus machnamh a dhéanamh ar na buntáistí a bhaineann le cara oibre a shannadh do luathchéimeanna na fostaíochta.
o Aiseolas agus deiseanna chun plé a dhéanamh a chur ar fáil go rialta chun tallann a aithint agus chun an rath a cheiliúradh de réir mar a thagann sé chun cinn. Béim a leagan ar bhealach tairbheach ar réimsí chun scileanna agus inniúlachtaí nua a fhorbairt. Deiseanna cuí a chur ar fáil go réamhghníomhach le go n-éireoidh go maith leis na hearcaigh nua.
Tá go leor fostóirí gníomhach cheana féin maidir le tionscnaimh um chuimsiú sóisialta san ionad oibre a ghlacadh agus tá gealltanais sínithe acu chun an clár oibre sin a chur chun cinn. Tá an Chairt um Fhostaíocht agus um Rannpháirtíocht na hÓige ag teacht go díreach leis na gealltanais sin. Trí bheith ag obair le Intreo, bíonn nasc díreach agat le cuardaitheoirí poist cláraithe a dteastaíonn tuilleadh cabhrach uathu. Ina theannta sin, cuireann an Chairt uirlis bhreise ar fáil do chomhairleoirí pearsanta fostaíochta le haghaidh plean dul chun cinn pearsanta cuardaitheora poist.
Is féidir leis an gCairt um Fhostaíocht agus um Rannpháirtíocht na hÓige difear a dhéanamh do chuardaitheoirí poist. Cláraigh anois le bheith i do Churadh Cairte ag www.gov.ie/Charter nó déan teagmháil le ball den fhoireann Intreo um Chaidreamh Fostóirí is áitiúla duit.