An Chomhairle Neamhspleách um Shábháilteacht Othar
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cheap an tAire Sláinte, Simon Harris an Chomhairle Neamhspleách um Shábháilteacht Othar agus bhí a cruinniú tionscnaimh tionólta ar an 27 Eanáir 2020. Ceapadh an Chomhairle chun comhairle agus treoir a sholáthar don Aire Sláinte ó raon leathan peirspictíochtaí ar fhorbairt beartas sábháilteachta othar. Is tosaíocht sláinte domhanda agus Éireannach í sábháilteacht othar. Tá sé mar aidhm ag Sábháilteacht Othar rioscaí, earráidí agus díobháil a tharlaíonn d’othair agus d’úsáideoirí seirbhíse a chosc agus a laghdú le linn cúram sláinte a sholáthar. Tiocfaidh feabhas ar cheapadh beartais má tá raon leathan perspictíochtaí a bheith páirteach i mbeartas, lena n-áirítear peirspictíocht an othair agus úsaideora seirbhíse. Tugann baill na Comhairle réimse leathan saineolais agus taithí óna bpeirspictíochtaí éagsúla lena n-áirítear saoránaigh, oideachas, sábháilteacht othar, beartas sláinte, ceannaireacht cúram sláinte, agus go leor eile.
Tá Noeline Blackwell, POF Ionad Géarchéime um Éigniú Bhaile Átha Cliath mar chathaoirleach ar an gComhairle Neamhspleách um Shábháilteacht Othar. Tagann an Chomhairle le chéile 2 go 3 huaire in aghaidh na bliana agus chun clár oibre bliantúil a aontú leis an Aire Sláinte. In 2020, iarradh ar an gComhairle moltaí a chur i láthair do Aire maidir le Creat Beartais Náisiúnta um Nochtadh Oscailte i gCúram Sláinte in Éirinn, chun cabhrú le heagraíochtaí agus le cliniceoirí prionsabail an nochtaithe oscailte a chur i bhfeidhm chun cumarsáid a dhéanamh le hothair nuair nach dtéann cúram sláinte chun plean. Is é atá i Nochtadh Oscailte i gcúram sláinte an plé oscailte a bhíonn ag an soláthraí cúram sláinte le hothair nó le húsáideoirí seirbhíse, lena dteaghlaigh nó le daoine tacaíochta nuair a théann rud éigin mícheart a rinne dochar nó a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh d’othar nó d’úsáideoir seirbhíse.
I mí Eanáir 2021, chuir an Chomhairle a Moltaí ar fáil don Aire Sláinte maidir le Creat Beartais Náisiúnta um Nochtadh Oscailte i gCúram Sláinte in Éirinn. Chuir an tAire Sláinte Stephen Donnelly fáilte roimh na Moltaí mar chéim shuntasach chun tosaigh chun cultúr cumarsáide oscailte, macánta agus trédhearcadh a fhorbairt, a chothú agus a chur i bhfeidhm, go háiríthe d’othair, úsaideoirí seribhíse agus a dteaghlaigh nuair a tharlaíonn rud éigin mícheart a rinne dochar nó a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh d’othar nó d’úsaidéoir seirbhíse. Forbróidh an Roinn Sláinte Creat Beartais Náisiúnta um Nochtadh Oscailte i gCúram Sláinte in Éirinn, bunaithe ar na moltaí seo agus cuir chuige cur chun feidhme ar leibhéal ard.
Tá tuarascáil tugtha amach ag Crowe darb ainm Fianaise chun Tacú leis an gComhairle Neamhspleách um Shábháilteacht Othar um Fhobairt Moltaí ar Chreat Beartais Náisiúnta um Nochtadh Oscailte i gCúram Sláinte in Éirinn (2021), ceangailte mar aguisín le Moltaí na Comhairle Neamhspléach um Shábhailteacht Othar.
Independent Patient Safety Council Recommendations Framework Open Disclosure with Crowe Report
Explanatory leaflet on report findings and the Independent Patient Safety Council Recommendations
D’iarr an Chomhairle Neamhspléach ar Shábháilteacht Othar ar an Roinn Sláinte athbhreithniú fianaise neamhspleách agus comhairliúchán náisiúnta le páirtithe leasmhara agus poiblí a choimisiúnú chun an cúlra riachtanach a sholáthar dóibh agus iad i mbun a moltaí a n-ullmhú. Rinneadh suibhé naisiúnta in 2020 agus is féidir tuilleadh eolais faoin suirbhé seo a fháil anseo . Coimisiúnaíodh Crowe Consultants in 2020 chun an cleachtadh seo a dhéanamh.
Tá ceaphacháin téarma sheasta ag baill de mheascán trí agus cúig blian ar a mhéad, chun rothlú de réir a chéile a chinntiú.
Independent Patient Safety Council Membership - May 2022
Independent Patient Safety Council - Member biographies May 2022
Independent Patient Safety Council Terms of Reference
Independent Patient Safety Council Meeting Agenda - 27 April 2021
Independent Patient Safety Council Meeting Minutes - 27 April 2021
Independent Patient Safety Council Meeting Agenda - 4 November 2020
Independent Patient Safety Council Meeting Minutes - 4 November 2020
Independent Patient Safety Council Meeting Agenda - 15 July 2020
Independent Patient Safety Council Meeting Minutes - 15 July 2020
Independent Patient Safety Council Meeting Agenda - 27 January 2020