An Clár Náisiúnta Sláinte do Mhná agus do Naíonáin: Tuarascáil Bhliantúil 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu d’fhoilsigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, Tuarascáil Bhliantúil Chlár Náisiúnta Sláinte na mBan & Naíonán le haghaidh 2020.
Bunaíodh an Clár in 2017 agus is é atá mar aidhm leis bainistiú, eagrú agus soláthar seirbhísí máithreachais, gínéiceolaíochta agus nuabheirthe a threorú agus dlús a chur le cur chun feidhme na Straitéise Náisiúnta Máithreachais.
Ainneoin gur chruthaigh paindéim COVID-19 dúshláin shuntasacha do sheirbhísí máithreachais in 2020, léirítear sa Tuarascáil Bhliantúil seo go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta i ndáil le cur chun feidhme leanúnach na Straitéise seo. Rinneadh an dul chun cinn seo i roinnt príomhréimsí tosaíochta, lena n-áirítear forbairt agus imlonnú leanúnach na conaire cúraim tacaithe i seirbhísí máithreachais.
In 2020, chuir an Clár roinnt forbairtí seirbhíse gínéiceolaíochta chun feidhme, lena n-áirítear tús a chur le Samhlacha Cúraim le haghaidh Cóireáil Shiúlach Ghínéiceolaíochta agus Neamhthorthúlachta a rolladh amach.