An Tairseach MTT - Faisnéis d’Údaráis Inniúla
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Baineann na treoracha seo le hiarratais ar thoiliú forbartha lena ngabhann
agus i gcás go gceanglaítear ar an iarratasóir faoin reachtaíocht ábhartha fógra a thabhairt don Tairseach MTT.
A luaithe a shanntar uimhir thagartha clár comhaid don iarratas agus a chuirtear faisnéis faoin iarratas ar fáil ar shuíomh Gréasáin an údaráis inniúil chun cabhrú leis an bpobal rochtain a fháil ar an iarratas, ar dhoiciméid ghaolmhara agus ar fhaisnéis faoin bpróiseas iarratais, seol an fhaisnéis seo a leanas chuig EIAPortal@housing.gov.ie
Baineann na treoracha seo le hiarratais ar thoiliú forbartha i gcás nach gceanglaítear ar an iarratasóir faoin reachtaíocht ábhartha fógra a thabhairt don Tairseach MTT, ar iarratais iad lena ngabhann
agus i gcás go gceanglaítear ar an Údarás Inniúil faoin reachtaíocht ábhartha fógra a thabhairt don Tairseach MTT. A luaithe is féidir tar éis iarratas ar aon chineál toilithe forbartha a bhfuil Tuarascáil ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta ag gabháil leis a fháil, ní mór duit fógra a thabhairt don Tairseach á rá go bhfuarthas an t-iarratas sin, agus faisnéis faoin bhforbairt bheartaithe a thabhairt lena cur ar áireamh ar an Tairseach MTT. Ba cheart an fógra agus an fhaisnéis sin a thabhairt ar aon dul leis na nósanna imeachta agus leis an bpróiseas atá i bhfeidhm le haghaidh an chineáil toilithe forbartha a bhfuil iarratas á dhéanamh agat air.
Ba cheart d’Údaráis Inniúla an fhoirm a íoslódáil agus a chomhlánú anseo , agus na sonraí seo a leanas á dtabhairt acu:
Ní mór gach cuid den fhoirm iarratais a chomhlánú go hiomlán.
Agus í comhlánaithe, sábháil an fhoirm, agus scríobh síos ainm agus láthair an chomhaid. A luaithe atá sí comhlánaithe agus sábháilte, ní mór an fhoirm a chur isteach chuig an Roinn le ríomhphost chuig EIAPortal@housing.gov.ie . Luaigh “Fógra faoi Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta” i líne ábhair an ríomhphoist. Déan cinnte de go bhfuil na doiciméid seo a leanas ag gabháil leis an bhfoirm:
Is é 18 MB an teorainn mhéide fhoriomlán don ríomhphost agus do na ceangaltáin.
Gheobhaidh tú ríomhphost admhála a ghinfear go huathoibríoch ó EIAPortal@housing.gov.ie tar éis don Roinn an fógra faoi Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta a fháil.
Mura bhfaigheann tú an admháil uathoibríoch sin, déan cinnte de gur laistigh den teorainn mhéide cheadaithe atá méid fhoriomlán na gcomhad. Má leanann na fadhbanna ar aghaidh, déan teagmháil le riarthóir na Tairsí MTT ag na seoltaí teagmhála atá liostaithe thíos.
Laistigh de 3 lá oibre ón bhFógra faoi Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta a chur isteach, i.e. foirm chomhlánaithe, fógra poiblí agus léarscáil láithreáin, gheobhaidh tú ceann amháin díobh seo trí ríomhphost:
Maidir leis an bhfaisnéis a uaslódáiltear chuig an Tairseach MTT, beifear in ann amharc uirthi ar an suíomh ón uair a eisítear an fógra deimhnithe i leith.
Tabhair faoi deara nach gcuirfear aon fhaisnéis bhreise leis an Tairseach MTT agus nach ndéanfar an fógra tosaigh a nuashonrú le faisnéis faoin iarratas, amhail aon chinneadh, aistarraingt nó neamhbhailiú a dhéantar ar an iarratas agus aon fhaisnéis bhreise faoi. Ba cheart faisnéis a chur ar fáil ar shuíomh Gréasáin an údaráis inniúil ábhartha de réir mar a dhéantar dul chun cinn ar an iarratas.
Sonraí teagmhála do riarthóir na Tairsí MTT:
Seoladh ríomhphoist: EIAPortal@housing.gov.ie
Uimhir theileafóin: 01 8882704