Ardteistiméireacht 2021 Scrúduithe agus Gráid atá Creidiúnaithe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá torthaí achomhairc na hArdteistiméireachta do 2021 ar fáil d’Iarrthóirí tríd an Tairseach Féinfhreastail d’Iarrthóirí. Má rinne iarrthóir achomharc in aghaidh grád scrúdaithe agus in aghaidh an Ghráid Chreidiúnaithe atá gaolmhar leis, feicfidh sé/sí ar tháinig aon athrú ar an ngrád sa Scrúdú nó sa Ghrád Creidiúnaithe. Tá torthaí na n-achomharc aistrithe chuig an CAO.
Eiseoidh an CAO a thairiscintí do Bhabhta 5, an babhta deiridh tairiscintí do 2021, ar an gCéadaoin ar an gCéadaoin an 13 Deireadh Fómhair. Gheobhaidh iarrthóirí atá i dteideal tairiscint CAO a fháil sa bhabhta sin tairiscint chun tús a chur lena gcúrsa sa bhliain acadúil reatha faoi réir aon teorainn spáis atá ar chúrsaí ar leith.
Tá na socruithe measúnaithe don Teastas Sóisearach agus don Ardteistiméireacht foilsithe. Soláthraíodh nóta faisnéise achomair don Ardteistiméireacht Fheidhmeach freisin.
Tá tuilleadh faisnéise, lena n-áirítear sonraí maidir leis na fógraí a rinne an tAire Oideachais ar an 30 Meitheamh 2021 agus an 20 Nollaig 2021 ar fáil ar an leathanach don Ardteistiméireacht i 2022.
Leis seo freisin tá nasc chuig suíomh gréasáin Coimisiún na Scrúduithe Stáit mar eolas daoibh: www.examinations.ie