In 2022, leag an tAire amach clár uaillmhianach maidir le hathfhorbairt na Sraithe Sinsearaí agus an clár á threorú ag fís den tSraith Shinsearach a sholáthraíonn “cothromas agus barr feabhais do chách.”
Cuireann an Tuarascáil Chomhairleach ón gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) maidir le hathbhreithniú ar an tSraith Shinsearach bonn eolais faoin gclár agus cuireann an clár leis an tuarascáil sin, chomh maith le taithí scoláirí na hArdteistiméireachta, éileamh ar athrú agus an t-éileamh sin ag fás agus taithí agus dearthaí idirnáisiúnta.
Chun amharc a fháil ar an bhfógra tosaigh ón Aire i mí an Mhárta 2022 ina dtugtar sonraí faoi phleananna chun athfhorbairt a dhéanamh ar an tSraith Shóisearach féach anseo .
Rinne an tAire Oideachais fógra eile ar an 20 Meán Fómhair 2023, inar tugadh sonraí faoi roinnt uasdátaithe maidir leis an gclár. Tá na sonraí iomlána maidir le fógra an Aire ar fáil anseo
Scoláirí Faigh amach conas a rachaidh na hathruithe i gcion ortsa
Tuismitheoirí Faigh amach conas a rachaidh na hathruithe i gcion ar do dhuine óg féin Scoileanna Faigh tuilleadh eolais faoi do chuid rannpháirtíochta in athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí
• I scoilbhliain 2025/26, bainfidh scoláirí leas as naoi gcinn d’ábhair nua agus leasaithe a bheith á gcur i bhfeidhm ar bhonn céimnithe dhá bhliain níos luaithe ná mar a fógraíodh roimhe sin.
• Is iad seo a leanas na hábhair leasaithe do scoláirí sa Chúigiú Bliain in 2025/26: Bitheolaíocht, Fisic, Ceimic, Gnó, Araibis, Sean-Ghréigis agus Laidin.
• Is iad seo a leanas an dá ábhar nua a bheidh ar fáil i scoileanna roghnaithe ó 2025/26: Léann na Drámaíochta, na Scannánaíochta agus na hAmharclannaíochta, agus Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe.
• Cuimseoidh gach ceann de na hábhair nua agus leasaithe comhpháirteanna nua measúnaithe nach ionann iad agus gnáthscrúdú scríofa.
• Beidh 40% ar a laghad de na marcanna atá ar fáil ag gabháil leis na comhpháirteanna sin agus déanfaidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) iad a mheas go seachtrach.
• Tabharfar isteach sraith eile de shonraíochtaí nua (Cuntasaíocht, Staidéar Foirgníochta, Innealtóireacht, Béarla, Tíreolaíocht, Corpoideachas) i scoilbhliain 2026/27 agus tabharfar isteach breis sonraíochtaí leasaithe gach bliain ina dhiaidh sin.
• Féadfar teacht ar sceideal na n-ábhar a bhfuil athfhorbairt le déanamh orthu ar shuíomh gréasáin CNCM .
• Ó thús scoilbhliain 2022/23, tá deis ag scoláirí a bhfuil clár na hArdteistiméireachta Feidhmí á dhéanamh acu Matamaitic na hArdteistiméireachta a dhéanamhagus, nuair is féidir, Nuatheanga na hArdteistiméireachta.
• Ciallaíonn na hathruithe más rud é go bhfuil rochtain ar Mhatamaitic na hArdteistiméireachta de dhíth ar scoláire i gcomhair roghanna sa bhreisoideachas, go ndéanfar freastal ar an scoláire sin fad agus atá sé nó sí ag leanúint ar aghaidh freisin le clár na hArdteistiméireachta Feidhmí.
• Oibreoidh an Roinn le fostóirí agus le páirtithe leasmhara eile, chun iniúchadh a dhéanamh ar bhealaí chun cinn níos fearr dóibh siúd atá ag tabhairt faoi chlár na hArdteistiméireachta Feidhmí.
• Ó thús scoilbhliain 2022/23, i scoileanna a bhfuil Gairmchlár na hArdteistiméireachta (GCAT) á sholáthar acu, tá ar chumas scoláirí atá ag tosú sa chúigiú bliain Nascmhodúil GCAT a dhéanamh gan na critéir a bhaineann go sonrach le hábhar a shásamh.
• Tá athfhorbairt á déanamh ar Nascmhodúil GCAT agus beidh siad á dtabhairt isteach i scoileanna i scoilbhliain 2026/27.
• Tá tuilleadh oibre á déanamh ar Chonairí do scoláirí ATF.
Beidh an Idirbhliain mar chlár neamhspleách i gcónaí sa tSraith Shinsearach.
• Tá aRáiteas leasaithe Chlár na hIdirbhliana curtha faoi bhráid an Aire le breithniú a dhéanamh air agus é a cheadú, sula dtabharfar isteach i scoileanna é in 2024.
D’iarr an tAire ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) Cláir Foghlama Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 (Cláir L1/L2) a fhorbairt don tSraith Shinsearach
Tá Dréacht-Ráiteas Cláir agus modúil nua do chlár foghlama Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 oscailte anois le haghaidh comhairliúchán poiblí go dtí an 10 Aibreán 2024 agus tá sé ar fáil anseo; Comhairliúchán L1/ L2
• Cuireadh clár fairsing oibre ar bun chun na hathruithe atá á bhfógairt a chur i bhfeidhm.
• Tá Bord um Chlár Athfhorbartha na Sraithe Sinsearaí a Sholáthar bunaithe chun monatóireacht a dhéanamh ar sholáthar agus tuairisciú don Aire ar dhul chun cinn.
• Tá Fóram Comhpháirtithe na Sraithe Sinsearaí bunaithe chun a bheith mar thaca faoin gcomhoibriú atá riachtanach chun tacú leis an bhfeidhmiú. San áireamh ann, tá ionadaithe scoláirí, tuismitheoirí, múinteoirí, comhlachtaí ceannaireachta agus bainistíochta scoile agus earnáil na hionchuimsitheachta.
• Tá Oifig Bainistíochta tiomnaithe um Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí bunaithe ag an Roinn chun na bearta atá leagtha amach sa chlár oibre a chur i bhfeidhm.
• Beidh acmhainní ann chun tacú leis na hathruithe, lena n-áirítear foghlaim ghairmiúil do mhúinteoirí, modhanna curaclaim agus measúnaithe a fhorbairt agus tacaíocht do scoileanna chun na hathruithe a chur i bhfeidhm.
• Tá an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta , Coimisiún na Scrúduithe Stáit , agus Oide ag obair le chéile lena chinntiú go bhfuil a gcláir oibre ailínithe leis na hathruithe de réir mar a thagann siad chun cinn.
• Tá an glao ar iarratais ó scoileanna le bheith mar scoil Chéim a hAon d’ábhair nua na hArdteistiméireachta oscailte anois go dtí an 19 Aibreán 2024 ar 11am. Is iad an dá ábhar nua de chuid na hArdteistiméireachta Staidéar Drámaíochta, Scannánaíochta agus Amharclannaíochta, agus Gníomhú ar Son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe. Tosófar leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim sna hábhair nua seo i scoilbhliain 2025/26.
• Tá eolas maidir le cathain a chuirfear na hábhair nua agus athfhorbartha i bhfeidhm ar bhonn céimnithe, atá le seachadadh in 5 sciar, ar fáil anseo.
• Tá na comhairliúcháin ar dhréachtsonraíocht an Ghnó agus ar an dá ábhar nua oscailte anois agus tiocfaidh deireadh leo ar an 5 Aibreán 2024. Lean an nasc seo chun athbhreithniú a dhéanamh ar: Chomhairliúcháin maidir le Gnó, Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe agus Léann na Drámaíochta, na Scannánaíochta agus na hAmharclannaíochta
• Ó mhí Mheán Fómhair 2022 i leith, tá teacht níos fearr ag scoláirí na hArdteistiméireachta Feidhmí (ATF) ar Mhatamaitic na hArdteistiméireachta Bunaithe (ATB) agus ar Nuatheangacha Iasachta, rud a chuireann leis na roghanna don ATF.
• Is féidir le scoláirí i scoileanna a sholáthraíonn GCAT rochtain a fháil anois ar nasmhodúil GCAT gan critéir a bhaineann go sonrach le hábhar a shásamh, nó na riachtanais a bhaineann le Nuatheanga Eorpach.
• Tá Grúpa Forbartha Oideachais Speisialta Iar-Bhunscoile bunaithe taobh istigh de struchtúir CNCM chun forbairt a dhéanamh ar Chláir Foghlama Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 sa tSraith Shinsearach.
• Tá Dréacht-Ráiteas Cláir agus modúil nua do Chlár Foghlama Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 oscailte anois le haghaidh comhairliúchán poiblí go dtí an 10 Aibreán 2024 agus tá sé ar fáil anseo; Comhairliúchán L1/ L2
• Tháinig an comhairliúchán ar Ráiteas Cláir na hIdirbhliana chun críche in mí Dheireadh Fómhair 2023. Tá an Ráiteas Cláir críochnaithe curtha faoi bhráid an Aire le breithniú a dhéanamh air agus é a cheadú, sula dtabharfar isteach i scoileanna é in 2024.
• Rinneadh plé suntasach le grúpaí de pháirtithe leasmhara san oideachas, lena n-áirítear ionadaithe scoláirí, múinteoirí, tuismitheoirí, ceannairí scoile, comhlachtaí bainistíochta agus saineolaithe ábhair;
• Rinneadh béaltrialacha in ábhair na dteangacha a reáchtáil le linn shaoire na Cásca agus beidh siad á reáchtáil arís ag an am sin in 2024.
• Bhunaigh an tAire an Bord um Chlár Athfhorbartha na Sraithe Sinsearaí a Sholáthar agus an Fóram Comhpháirtithe um Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí.
• Rinneadh breithniú mionsonraithe ar an gcur chuige maidir leis an dá ábhar nua a thabhairt isteach i scoileanna ar bhonn céimnithe. Cuirfear tús go luath leis an bpróiseas do scoileanna chun iarratas a dhéanamh le bheith sa chéad chéim de scoileanna ina dtabharfar isteach an dá ábhar nua seo.
• Tá an taighde a chuirfidh bonn eolais faoi dhearadh an teimpléid a úsáidfear chun na sonraíochtaí nua ábhair a fhorbairt foilsithe. Is féidir amharc air anseo: Foirm Theicniúil do Shonraíochtaí Curaclaim CNCM
• Tá an sceideal don dara sraith de shonraíochtaí ábhair leasaithe na hArdteistiméireachta atá le leasú foilsithe anseo Sceideal Athfhorbartha na Sraithe Sinsearaí
• Tabharfar isteach sonraíochtaí nua sa Chuntasaíocht, Staidéar Foirgníochta, Innealtóireacht, Béarla, Tíreolaíocht, Corpoideachas agus sna Nascmhodúil GCAT i scoilbhliain 2026/27.
Nóta faisnéise do scoileanna Eanáir 2025
Nóta faisnéise do scoileanna Nollaig 2024
Eagrán 8
Nóta Faisnéise do Scoileanna Meán Fómhair
Nóta Faisnéise do Scoileanna Meán Fómhair