Feidhmiú na nAthbhreithnithe ar RTÉ
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ar an 4 Iúil 2023, chinn an Rialtas tús a chur le hiniúchadh cuimsitheach ar RTÉ faoina gceapfar Sainchoistí Comhairleacha a thabharfadh faoi Athbhreithnithe ar Rialachas agus Cultúr agus ar Tháillí Conraitheoirí, Acmhainní Daonna agus Nithe Eile in RTÉ. Ar an 7 Bealtaine 2024, d’aontaigh an Rialtas go nglacfadh siad, i bprionsabal, le moltaí an dá Athbhreithniú, a d’fhoilsigh an tAire Martin ina dhiaidh sin.
Tá 15 mholadh sna hAthbhreithnithe nach mór don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, an Rialtas nó an Comhchoiste Oireachtais um Thurasóireacht, Cultúr, Ealaíona, Spórt agus Meáin iad a chur i bhfeidhm, agus níos mó ná 100 a bhfuil gá le gníomh díreach ó RTÉ ina leith. Tá plean feidhmithe na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ar fáil thíos.