Comhaltaí an tSainchoiste Chomhairligh - Athbhreithniú ar Rialachas agus Cultúr RTÉ
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rinne Sainchoiste Comhairleach, comhdhéanta den Ollamh Niamh Brennan (Cathaoirleach), an Dr Margaret Cullen agus Stephen Smith, maoirseacht ar an Athbhreithniú ar Rialachas agus Cultúr RTÉ.
Is Ollamh le Bainistíocht Michael MacCormac sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus Bunaitheoir/Stiúrthóir Acadúil ar Ionad Rialachais Chorparáidigh COBÁC í an tOllamh Niamh Brennan. Is céimí chéad onóracha ag barr a ranga san Eolaíocht (Micribhitheolaíocht agus Bithcheimic) de chuid COBÁC í an tOllamh Niamh Brennan, atá cáilithe mar chuntasóir cairte le KPMG. Tá PhD aici ó Ollscoil Warwick agus tá sí ina Stiúrthóir Cairte ar Institiúid na Stiúrthóirí (Londain). Mar aitheantas ar a cuid taighde, toghadh Niamh chuig Acadamh Ríoga na hÉireann in 2020, an onóir acadúil is airde in Éirinn, agus is í an chéad acadóir scoile gnó a fuair an aitheantas sin.
Iarchathaoirleach Údarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath agus an Choláiste Náisiúnta Ealaíne & Deartha, tá/bhí stiúrthóireachtaí neamhfheidhmiúcháin aici le hOspidéal na Leanaí, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Banc Uladh, Co-operation Ireland, Coillte (comhlacht foraoiseachta an Stáit), Lifetime Assurance (fochuideachta árachais saoil de chuid Bhanc na hÉireann) agus roinnt cuideachtaí príobháideacha, agus tá/bhí sí ina ball de choistí iniúchta iomadúla. Bhí sí ina cathaoirleach ar Choimisiún Rialtas na hÉireann ar Bhainistíocht Airgeadais agus Córais Rialaithe sna Seirbhísí Sláinte agus bhí sí ina Leas-Chathaoirleach ar Ghrúpa Athbhreithnithe ar Iniúchóireacht de chuid Rialtas na hÉireann. Is Comhalta Oinigh Tionscnaimh í Niamh de chuid Institiúid na Stiúrthóirí in Éirinn agus Comhalta Oinigh de Chumann na nAchtúirí in Éirinn.
Tá an Dr Margaret Cullen ina comhairleoir rialachais d’Institiúid na Stiúrthóirí Éireann (ISÉ) agus ina measúnóir boird le seirbhís meastóireachta boird ISÉ. Is speisialtóir í i réimsí rialachais chorparáidigh, baincéireachta agus cistí infheistíochta. Tá PhD ag Margaret sa rialachas chorparáideach ón Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Ina taighde dochtúireachta rinne sí iniúchadh ar ról agus éifeachtacht na mbord stiúrthóirí i rialachas cistí infheistíochta. Tá saothair taighde léi foilsithe. Tá suim mhúinteoireachta agus saineolas ar leith ag Margaret i réimsí rialachais éagsúla cosúil le héifeachtacht bhoird, próisis, dinimic agus cinnteoireacht, cultúr boird agus corparáideach, maoirseacht infheisteoirí, freagracht shóisialta chorparáideach, córais rialachais inmheánaigh agus luach saothair feidhmeannach. Sular chríochnaigh sí a taighde dochtúireachta, d’oibrigh Margaret ar feadh 12 bhliain i dtionscal na seirbhísí airgeadais, áit a bhfuair sí taithí shuntasach sna réimsí seo a leanas: bainistíocht chistíochta agus sócmhainní, rialáil chistí infheistíochta, comhlíonadh corparáideach, bainistíocht riosca agus córais rialaithe inmheánacha.
Tar éis di a taighde dochtúireachta a chríochnú, chuaigh Margaret isteach san Institiúid Baincéireachta mar Stiúrthóir Oideachais Feidhmiúcháin. Dhear sí agus stiúir sí Cláir um Stiúrthóir Banc Deimhnithe (SBD) agus Stiúrthóir Ciste Infheistíochta Deimhnithe (SCID) an Institiúid Baincéireachta ó 2012. Ba í Margaret an Príomhfheidhmeannach bunaidh agus an Stiúrthóir Acadúil ar The Certified Investment Fund Director Institute (CIFDI), saininstitiúid de chuid na hInstitiúide Baincéireachta a dhíríonn ar chaighdeáin ghairmiúla a ardú i rialachas cistí infheistíochta trína Clár SCID. Mhúin Margaret rialachas cistí infheistíochta ar an chlár ar feadh ocht mbliana suas go dtí Aibreán 2020. Faoi láthair tá sí ina Stiúrthóir Acadúil ar Chlár SBD na hInstitiúide Baincéireachta ar bhonn comhlach agus tugann sí léachtaí ar rialachas bainc ar an chlár. Is Comhalta Oinigh í Margaret den Institiúid Baincéireachta.
Tá Margaret ina léachtóir i Scoil Ghnó Smurfit COBÁC ó 2007 i leith agus í ag tabhairt léachtaí ar an Dioplóma Gairmiúil sa Rialachas Corparáideach i réimsí freagrachtaí stiúrthóirí, luach saothair feidhmeannach agus dreasachtaí agus gnéithe iompraíochta bord. Tá roinnt post mar stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin ag Margaret.
Tá taithí 25-bliana ag Stephen ar a bheith ag feidhmiú ar leibhéal an Bhoird mar fheidhmeannach, neamhfheidhmeannach agus comhairleoir ar fud móreagraíochtaí poiblí, príobháideacha agus carthanachta sa Ríocht Aontaithe agus ar fud an domhain.
Chaith sé cúig bliana go dtí 2020 mar chomhalta de Bhord na hOifige Iniúchóireachta Náisiúnta agus mar Stiúrthóir Feidhmeannach le freagracht chomhpháirteach as Iniúchóireacht Airgeadais. Roimhe sin bhí róil éagsúla aige mar Chomhpháirtí agus mar cheannaire in KPMG sa Ríocht Aontaithe agus san Eoraip, áit ina raibh sé ina cheannaire ar ghnólacht Seirbhísí Idirbhirt Eorpacha um Chumaisc agus Éadálacha de chuid KPMG, agus ina ndearna sé freagra an Chomhlachta ar an ghéarchéim baincéireachta a chomhordú. Chomh maith leis sin, tá Stephen anois ina Stiúrthóir agus Cathaoirleach ar Choiste Iniúchóireachta agus Riosca de chuid ghrúpa tithíochta sóisialta 48,000-aonad Orbit, agus tá sé ina Iontaobhaí agus Cathaoirleach ar Choiste Iniúchóireachta agus Riosca don charthanacht do dhaoine gan dídean, St Mungo’s.
Bhí sé ina chomhalta den Phainéal de cheathrar a reáchtáil athbhreithniú neamhspleách ar chláir deontais Eaglais Shasana go deoisí, a d’fhoilsigh a dtuarascáil in 2022.