Bainisteoir Innealtóireachta i nGarda Cósta na hÉir
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé i gceist ag an Roinn Iompair Bainisteoir Innealtóireachta a cheapadh i nGarda Cósta na hÉireann. Is deis iontach í seo teacht ag obair le roinn rialtais mheasúil.
Cuireann muid Réimse leathan sochar ar fáil a thugann tacaíocht agus solúbthacht sa bhreis don fhostaí agus a chuireann ar a chumas cothromaíocht oibre is saoil thaitneamhach a bhaint amach.
Tá seirbhís Gharda Cósta na hÉireann ar cheann de Phríomhsheirbhísí Éigeandála an Stáit, le cois an Gharda Síochána, na Seirbhíse Dóiteáin agus na Seirbhíse Otharcharranna. Is í an cheathrú seirbhís éigeandála “solais ghoirm” í agus comhlíonann sí cuid na hoibleagáidí atá ar Éirinn faoi choinbhinsiúin idirnáisiúnta agus faoi Threoir agus Reacht an AE, eadhon seirbhís cuardaigh agus tarrthála muirí, seirbhís taismeach muirí agus seirbhís freagartha ar thruailliú a chur ar fáil.
Tugtar cuireadh dóibh siúd a bhfuil an saineolas agus an taithí chuí acu iarratas a chur isteach don phost ardbhainistíochta seo. Is post buan é seo a bheidh lonnaithe i gCeannáras Innealtóireachta an Gharda Cósta, Baile Cúlann, Baile Átha Cliath.
Is é an dáta deiridh chun iarratas a chur isteach ná 11.00 am, Déardaoin 20 Feabhra 2025,
Le tuilleadh eolais a fháil agus le hiarratas a dhéanamh féach thíos Leabhrán Faisnéise d’Iarrthóirí agus Foirm Iarratais.
Ba cheart iarratais chomhlánaithe a sheoladh isteach chuig careers@transport.gov.ie.