Tuarascáil Deiridh Athbhreithniú Gearrthéarmach ar Liúntais Socrúcháin Chliniciúla d’Altraí Mac Léinn agus Cnáimhseacha
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ba é an tAire Sláinte, an tUasal Stephen Donnelly TD, a choimisiúnaigh an t-athbhreithniú seo mar gheall ar na ceisteanna a cuireadh maidir leis an tacaíocht airgeadais agus na tacaíochtaí eile a cuireadh ar fáil do na hábhair altraí a bhí i mbun socrúcháin chliniciúil agus intéirneachta i rith phaindéim COVID-19. D’eisigh an Roinn Sláinte Téarmaí Tagartha an athbhreithnithe ar an 11 Nollaig 2020. Sa bhreis ar an athbhreithniú gearrthéarmach seo, gheall an tAire athbhreithniú níos fadtéarmaí a dhéanamh ar na tacaíochtaí atá á gcur ar fáil d’ábhar altraí agus cnáimhseach. Cuireadh an Tuarascáil seo faoi bhráid an Aire ar an 31 Nollaig 2020.