Chun tacú leo sin atá i mbaol a bheith fágtha leo féin, is féidir leat bolgán a bheith agat le teaghlach amháin eile (is cuma chomh beag nó mór is atá sé) i gcúinsí áirithe.
Is féidir leis an dá theaghlach feidhmiú mar theaghlach leathnaithe ansin.
Ach ní mór duit fós fanacht amach go fisiciúil ó dhaoine nach bhfuil i do bholgán tacaíochta.
Is féidir leat bolgán tacaíochta a bhunú le teaghlach eile:
Tá bogáin tacaíochta leagtha amach chun cuidiú leat má tá tú i do chónaí leat féin.
Ní fhéadfaidh tú bolgán tacaíochta a bhunú ach le teaghlach amháin eile mura bhfuil siad i mbolgán tacaíochta cheana.
Is féidir leat cuairt a thabhairt ar theach an teaghlaigh atá i do bholgán tacaíochta agus is féidir leosan cuairt a thabhairt ar do theachsa. Is féidir libh teacht le chéile amuigh faoin spéir agus in áiteanna eile seachas bhur dtithe chomh maith.
Nuair is féidir, ba chóir duit teaghlach sa cheantar céanna leat a roghnú do do bholgán tacaíochta. Is é an t-údar atá leis seo ná cosc a chur ar scaipeadh COVID-19 idir ceantair a bhféadfadh go leor cásanna a bheith iontu agus ceantair nach bhfuil ach líon an-bheag cásanna.
Má thagann comharthaí sóirt COVID-19 ar dhuine den teaghlach leathnaithe ní mór dóibh féin-aonrú láithreach agus glaoch a chur ar dhochtúir ginearálta chun comhairle a fháil. Ní mór do gach duine eile den teaghlach leathnaithe srian a chur lena ngluaiseacht láithreach má bhíodar i dteannta an duine a bhfuil na comharthaí sóirt orthu 2 lá sular thosaigh na comharthaí sóirt agus suas le 10 lá i ndiaidh deiridh a theacht leis na comharthaí sóirt.
Má fhaigheann an té ar a bhfuil na comharthaí sóirt scéala gur léir ó thástáil go bhfuil COVID-19 air ní mór dóibh féin-aonrú ar feadh deich lá ón gcéad lá a thosaigh na comharthaí sóirt, agus ní mór nach mbeadh fiabhras orthu an 5 lá deiridh. Ní mór do gach duine sa teaghlach leathnaithe leanúint de shrian a chur lena ngluaiseacht ar feadh 14 lá ón teagmháil deiridh a bhí acu leis an gcás.
Cuidíonn seo an víreas a rialú mar go stopann sé scaipeadh an víris i measc níos mó ná teaghlach amháin.
Níor cheart duit cuairt a thabhairt ná bualadh le daoine atá i do bholgán tacaíochta má tá comharthaí sóirt COVID-19 ort. Ar an gcaoi chéanna, níor cheart do dhuine ar bith atá i do bholgán tacaíochta cuairt a thabhairt ort ná bualadh leat má tá comharthaí sóirt COVID-10 orthu. Níor cheart go mbeadh aon chuartaíocht ar siúl má bhí aon duine i ndlúth-theagmháil le cás deimhnithe.
Má déanann an FSS nó do Roinn Sláinte Poiblí áitiúil teagmháil leat nó le duine i do bholgán tacaíochta ba chóir duit a dtreoir a leanúint.