Bord um Sheachadadh Chlár Athfhorbartha na Sraithe Sinsearaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
I mí an Mhárta 2022, leag an tAire béim ar an ngá atá ann le struchtúir láidre chur chun feidhme a chur i bhfeidhm chun tacú le hathfhorbairt na Sraithe Sinsearaí. Tar éis an fógra seo a dhéanamh, rinne an tAire an cinneadh chun Bord um Sheachadadh Chlár Athfhorbartha na Sraithe Sinsearaí a bhunú.
Déanann an Bord monatóireacht ar chur chun feidhme Chlár Oibre um Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí, ag féachaint do threoracha beartais an Aire an t-am ar fad, agus tuairiscíonn sé don Aire faoin dul chun cinn. Tháinig an Bord le chéile den chéad uair Dé Céadaoin an 8 Márta 2023 agus bhí clár cuimsitheach cruinnithe aige.
Is iad seo a leanas baill den Bhord um Sheachadadh an Chláir:
• An Dr Harold Hislop (Cathaoirleach)
• John Curtis, Uasal
• Bernie Gray, Uasal
• An tOllamh Brendan Tangney
• Tanya Ward, Uasal
Thíos, gheobhaidh tú Preasráitis maidir le bunú an Bhoird.