Breoiteacht, Míchumas agus Cúram
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Maidir leis an treoir seo
Is éard atá sa treoir seo forléargas ar chuid de na bealaí is féidir
leis an Roinn Coimirce Sóisialaí cabhrú leat má bhíonn duine
breoite nó faoi mhíchumas, ar bhonn sealadach nó buan. Dírítear
ar na hábhair seo a leanas:
1. Buntáistí do dhaoine atá ag obair
2. Buntáistí do dhaoine a ghortaítear san ionad oibre
3. Íocaíochtaí míchumais
4. Ag obair fad is atá íocaíocht breoiteachta nó míchumais á
fáil agat
5. Deontais agus tacaíochtaí airgeadais do dhaoine faoi
mhíchumas agus dá bhfostóirí
6. Tacaíochtaí taistil agus teaghlaigh
7. Tacaíocht do chúramóirí
8. Tuilleadh faisnéise
Sa treoir seo, déantar cur síos ar Árachas Sóisialta Pá-Choibhneasa
(ÁSPC) agus tástáil acmhainne, agus mínímid iad seo go hachomair
sa rannóg: Na rudaí nach mór a bheith ar eolas agat sula dtosaíonn
tú ag léamh na treorach seo.