Brexit - Rialachán maidir le Táirgí Foirgníochta
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Le linn 2020, lean an RA ag leanúint rialacha an AE agus lean an AE ag caitheamh leis an RA amhail is dá mba bhallstát í. Ní raibh aon athruithe láithreacha ann do shaoránaigh agus do ghnólachtaí agus iad i mbun gnó ó lá go lá. Críochnóidh an idirthréimhse seo an 31 Nollaig 2020.
Sheol an Roinn fógra (i mBéarla amháin) in Iúil 2020 chuig gach páirtí leasmhar le hiad a chur ar an eolas ar dhá chumarsáid a rinne an Coimisiún Eorpach le déanaí faoi dheireadh na hidirthréimhse:
Brexit – Notice to stakeholders – July 2020
Tá reachtaíocht déanta ag an Rialtas chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna casta a d’fhéadfadh teacht chun cinn do shaoránaigh agus do ghnóanna tar éis deireadh na hidirthréimhse.
Chun teacht ar eolas breise ar thionchar Brexit agus deireadh na hidirthréimhse ar an Rialachán maidir le Táirgí Foirgníochta (an RTF), léigh:
Reachtaíocht de chuid an AE is ea Rialachán maidir le Táirgí Foirgníochta (AE) Uimh. 305/2011 (RTF) lena ndírítear ar bhacainní teicniúla ar thrádáil a laghdú agus saorghluaiseacht táirgí foirgníochta áirithe laistigh de AE a áirithiú. Tá sé mar aidhm aige bacainní teicniúla a bhíonn roimh thrádáil a laghdú agus saorghluaiseacht táirgí áirithe foirgníochta laistigh den AE a chinntiú. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoin RTF anseo .
Nuair a bhíonn táirge foirgníochta atá cumhdaithe ag caighdeán comhchuibhithe á chur ar mhargadh an AE, éilíonn an RTF go ndréachtódh an monaróir 'dearbhú feidhmíochta' agus go ngreamódh sé marcáil ‘CE’ den táirge. Cuireann an RTF breis dualgas ar mhonaróirí, allmhaireoirí, imdháileoirí agus ionadaithe údaraithe (nuair is bainteach).
Tugann caighdeáin chomhchuibhithe sainmhíniú ar na modhanna agus na critéir le measúnú a dhéanamh ar fheidhmiú táirgí foirgníochta agus leagann siad amach a mhéad measúnacht tríú páirtí a theastaíonn le cur ar chumas monaróirí an dearbhú feidhmíochta a dhréachtú agus an mharcáil CE a ghreamú. Is iad 'comhlachtaí dá dtugtar fógra' amháin is féidir tabhairt faoi mheasúnacht tríú páirtí. Ní mór go mbeadh na 'comhlachtaí dá dtugtar fógra' bunaithe i mballstát agus ainmnithe ag an 'údarás a thugann fógra' de chuid an bhallstáit.
Ní mór do mhonaróirí, allmhaireoirí, imdháileoirí agus ionadaithe údaraithe a chinntiú go gcomhlíonann siad a gcuid dualgas agus freagrachtaí, de réir mar atá leagtha amach sa RFT.
Ní mór go mbeadh allmhaireoirí agus ionadaithe údaraithe a bheith bunaithe i san AE-27.
Beidh ar monaróirí, allmhaireoirí, imdháileoirí agus ionadaithe údaraithe leanuint ar aghaidh le na bearta cuí a dhéanamh le cinntiú go mbíonn teastais acu faoi fhreagracht 'comhlachta dá dtugtar fógra' de chuid AE-27 (is é sin, 'comhlacht dá dtugtar fógra' atá cláraithe i gceann de na 27 tír de chuid an AE).
Maidir le táirgí foirgníochta atá ag brath ar 'chomhlacht dá dtugtar fógra' de chuid na Ríochta Aontaithe faoi láthair, ní mór do monaróirí, allmhaireoirí, imdháileoirí nó ionadaithe údaraithe:
Teastaíonn uimhir uathúil um Chlárú agus Aitheantas Oibreoirí Eacnamaíocha (EORI) chun trádáil leis an RA ón 1 Eanáir 2021. Féadfaidh tú clárú le haghaidh uimhir EORI rannán seirbhísí ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim.
Beidh feidhm leis an bPrótacal ar Éirinn/Thuaisceart Éireann, arb ionann é agus cuid den Chomhaontú Aistarraingthe idir an AE agus an Ríocht Aontaithe (RA), ón 01 Eanáir 2021. Dá thoradh, leanfaidh feidhm a bheith le rialacha áirithe AE, go háirithe iad sin a bhaineann le hearraí, i dTuaisceart Éireann.
D’fhoilsigh Coimisiún an AE raon fógraí maidir le hullmhú do dheireadh na hidirthréimhse, lena n-áirítear fógra maidir le táirgí tionsclaíocha . Áirítear sna fógraí seo treoir maidir leis an bPrótacal ar Éirinn/Thuaisceart Éireann áit ar cuí.
Chomh maith leis sin, d’fhoilsigh Rialtas RA treoir maidir le cur chun feidhme an Phrótacail.
Seo a leanas roinnt de na himpleachtaí a bheidh ag an bPrótacal ar Éirinn/ar Thuaisceart Éireann i ndáil leis an Rialachán maidir le Táirgí Foirgníochta nuair a thagann deireadh leis an idirthréimhse:
Is féidir leat na rialacha infheidhme ar fad a léamh anseo .
Soláthraíonn suíomh gréasáin ‘Nando’ an Choimisiún AE an liosta iomlán de na ‘gcomhlachtaí dá dtugtar fógra uile-AE atá ann faoi láthair.
Leagan inrochtaine - Graific cad ba chóir súil a choinneáil amach dó ar mharcáil CE táirge foirgníochta
Construction Industry: Preparing for the end of the Brexit Transition Period - Your questions answered
This document contains information aimed at explaining the impacts of the end of the transition period on the supply and use of construction products in the Irish construction sector.
Le tacaíocht agus treoir a fháil maidir le caighdeáin agus deimhniú, déan teagmháil leis an an Údarás um Chaighdeán Náisiúnta na hÉireann . Seol ríomhphost chuig brexitunit@nsai.ie nó glaoigh ar 01-807 3800.
Chun teacht ar eolas breise faoin Rialachán maidir le Táirgí Foirgníochta, seol ríomhphost chuig Buildingstandards@housing.gov.ie nó glaoigh ar 01 – 888 2389.
Mura mbíonn oibritheoirí cinnte, ba chóir dóibh smaoineamh faoi chomhairle phroifisiúnta a lorg maidir leis an gcaoi a bhféadfadh athrú teacht ar a gcuid dualgas.
Tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta (an RTRAO) freagrach as caighdeáin, beartas agus rialúchán a fhorbairt, an RTF ina measc. Chomh maith leis sin, is í an RTRAO an 't-údarás a thugann fógra' do tháirgí foirgníochta atá cumhdaithe ag an RFT.
Féadfaidh tú tuilleadh a léamh faoin nós imeachta maidir le fógraí ar ár suíomh gréasáin.