Ionstraim Reachtúil I.R. Uimh. 655 de 2022: Scéim Um Dheontas Do Mhic Léinn (Leasú) (Uimh. 2), 2022
Ó An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 16 den Acht um Thacaíocht do Mhic Léinn, 2011 (Uimh. 4 de 2011), agus an tOrdú um Breisoideachas agus Ardoideachas, Thaighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht (Riarachán Roinne agus Feidhmeanna Aireachta a Aistriú), 2020 ( I.R. Uimh. 451 de 2020 ) agus, le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, déanaimse, SIMON HARRIS, an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, an scéim deontas seo a leanas:—
Féadfar Scéim um Dheontas do Mhic Léinn (Leasú) (Uimh.2), 2022 a ghairm den Scéim seo.
Tiocfaidh an Scéim seo i ngníomh an 13 Nollaig 2022.
Sa Scéim seo, ciallaíonn “Príomh-Scéim” an Scéim um Dheontas do Mhic Léinn, 2022 ( S.I. Uimh.118 de 2022 ).
Leasaítear Airteagal 27 den Phríomh-Scéim tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (2):
“(2) Beidh luach na rátaí speisialta agus caighdeánacha den deontas cothabhála i leith cúrsa ceadaithe de réir na rátaí bliantúla arna sonrú ag an Aire. Tá na rátaí arna sonrú don bhliain airgeadais leagtha amach i Sceidil 3 agus 3A.”
Leasaítear an Phríomh-Scéim tríd an Airteagal seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Airteagal 27 (5):
“(6). Déanfar luach iomlán an Deontais Chothabhála a bheadh iníoctha, ina ainneoin sin, le hiarratasóir faoin Airteagal seo agus faoi Sceideal 3 i leith na tréimhse Eanáir go Bealtaine 2023 a mhéadú faoin méid iomlán a shonraítear i Sceideal 3A. Déanfar an méid breise sin a íoc ar bhonn pro rata i leith tinreamh iarratasóra ar chúrsa ceadaithe agus i bhforas ceadaithe le linn na tréimhse seo.”
Leasaítear an Phríomh-Scéim tríd an Sceideal seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Sceideal 3:
Ráta Neamh-Chóngarach | Ráta Cóngarach | |
Ráta speisialta cothabhála | € 476 | € 201 |
Ráta caighdeánach— Cothabháil Iomlán Banda 1 | € 251 | € 110 |
Ráta caighdeánach— Cothabháil Pháirteach Banda 2 | € 137 | € 62 |
Ráta caighdeánach— Cothabháil Pháirteach Banda 3 | € 96 | € 45 |
Ráta caighdeánach— Cothabháil Pháirteach Banda 4 | € 53 | € 28 |
Leasaítear Airteagal 37 den Phríomh-Scéim tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (2):
“(2) Déanfaidh an t-údarás dámhachtana, nó údarás íocaíochta iomchuí eile dá dtagraítear i mír (1), deontais chothabhála a íoc i naoi dtráthchuid, de réir na rátaí bliantúla a shonraítear i Sceideal 3 agus na méideanna breise a shonraítear i Sceideal 3A.”
Toilíonn an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe leis an Scéim roimhe seo a dhéanamh.
ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil , an 13 Nollaig 2022.
MICHAEL MCGRATH ,
An tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil , an 13 Nollaig 2022.
SIMON HARRIS ,
An tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta.