Athbhreithniú ar Rialachas agus Cultúr i RTÉ
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ar an 4 Iúil, 2023, i ndiaidh cinnidh Rialtais, d’fhógair an tAire Catherine Martin go gcoimisiúnófar iniúchadh neamhspleách ar RTÉ a bheadh comhdhéanta de dhá athbhreithniú chomhuaineacha ar leith:
• athbhreithniú ar Rialachas agus Cultúr arna dhéanamh ag Sainchoiste Comhairleach ar a mbeadh triúr comhaltaí; agus
• athbhreithniú ar Tháillí Conraitheoirí, Acmhainní Daonna agus Nithe Eile arna dhéanamh ag Sainchoiste Comhairleach ar a mbeadh triúr comhaltaí freisin.
Is é cuspóir an iniúchta ná muinín a thabhairt ar ais trí athbhreithniú leathan neamhspleách ar bhunchúiseanna na dteipeanna in RTÉ agus trí bhearta a mholadh chun nach dtarlóidh siad arís amach anseo.
San Athbhreithniú ar Rialachas agus Cultúr rinneadh iniúchadh ar chreat rialachais chorparáidigh RTÉ agus rinneadh measúnú ar a chultúr eagraíochtúil agus an bealach ina rinneadh gnó ann, agus moladh sraith athchóirithe.
Rinne Sainchoiste Comhairleach, comhdhéanta den Ollamh Niamh Brennan (Cathaoirleach), an Dr Margaret Cullen agus Stephen Smith, maoirseacht ar an athbhreithniú. Breis eolais anseo faoin Sainchoiste .
Féach tuarascáil anseo:
Athbhreithniú Neamhspleách an Choiste Chomhairligh Saineolaithe ar Rialachas agus Cultúr RTÉ
Is iad téarmaí tagartha an athbhreithnithe seo ná:
i) Iniúchadh a dhéanamh ar chreat rialachais chorparáidigh RTÉ agus comhairle a chur ar an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán i dtaobh na nithe seo a leanas:
(a) go léirítear sa chreat rialachais chorparáidigh an cleachtas rialachais is fearr do Chomhlachtaí Stáit Tráchtála mar a leagtar amach sa Chód Cleachtais um Rialachas Comhlachtaí Stáit;
(b) go gcomhlíontar sa chreat na forálacha reachtaíochta ábhartha a bhaineann le RTÉ; agus
(c) go bhfuil córas láidir rialachais inmheánaigh sa chreat, lena n-áirítear freagrachtaí a dháileadh go cuí, nósanna imeachta oibríochta, córas srianta agus ceartúchán atá oiriúnach do chomhthéacs eagraíochtúil RTÉ agus stiúradh agus maoirseacht ón Bhord Feidhmiúcháin agus ó Bhord RTÉ. Áireofar leis sin scrúdú ar an chuntas babhtála agus ar a rialachas.
ii) Moltaí a dhéanamh, más infheidhme, don Aire Turasóireacht, Cultúr, Ealaíona, Gaeltacht, Spórt agus Meáin maidir le hathruithe ar chreat rialachas chorparáidigh RTÉ chun cuntasacht láidir phoiblí a chinntiú.
iii) Measúnú a sholáthar ar aon saintréithe cultúrtha eagraíochtúla agus bealaí chun gnó a dhéanamh laistigh de RTÉ, lena n-áirítear meanma agus rannpháirtíocht na foirne, chomh maith le tionchar ghníomhaíochtaí ioncam tráchtála RTÉ ar a shainchúram seirbhíse poiblí, a aithnítear san athbhreithniú ar rialachas corparáideach nó in áit eile, a bhféadfadh gur chuir siad le torthaí athbhreithnithe Grant Thornton arna gcoimisiúnú ag RTÉ maidir leis na ró-íocaíochtaí in 2021-2022 agus an tréimhse 2017-2019 araon.
iv) Moltaí a dhéanamh, ag eascairt ón mheasúnú seo, chun cultúr eagraíochtúil a athchóiriú, lena dtacaítear le rannpháirtíocht na foirne agus timpeallacht dhearfach oibre, agus chun eagraíocht níos oscailte, níos trédhearcaí agus níos cuntasaí a sholáthar.