Úsáid tástála antaigine i gcúinsí áirithe do leanaí neamh-shiomptómach agus do leanaí atá mar chuid de phod seomra ranga, áit a bhfuil cás COVID-19 dearbhaithe, a sholáthar
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Seo nuashonrú ar na pleananna chun úsáid tástála antaigine i gcúinsí áirithe do leanaí neamh-shiomptómach agus do leanaí atá mar chuid de phod seomra ranga, áit a bhfuil cás COVID-19 dearbhaithe, a sholáthar.
Is é an bealach is tábhachtaí le cosaint i gcoinne aon leathadh ar aghaidh ar ionfhabhtú ná má bhíonn aon siomptóim COVID-19 ag do leanbh, lena n-áirítear casacht nua, giorra anála, teocht ard, scornach tinn, ba chóir dóibh féin-aonrú sa bhaile agus ba chóir duit tástáil PCR COVID-19 a chur in áirithe dóibh. Is féidir leat áirithint a dhéanamh ar an láithreán gréasáin seo: https://www2.hse.ie/conditions/covid19/testing/get-tested/
Níor chóir do leanaí a bhfuil siomptóim acu tástálacha antaigine a úsáid, ní mór dóibh fanacht sa bhaile agus tástáil PCR a shocrú. Má tá imní ar bith ar thuismitheoir/chaomhnóir faoina leanbh, ní mór dóibh teagmháil a dhéanamh leis an dochtúir, mar is gnáth.
Ón 29 Samhain 2022, má fhaigheann tuismitheoir nó caomhnóir toradh tástála dearfach (braite) PCR COVID-19 dá leanbh, iarraimid go ndéanfadh siad teagmháil láithreach le príomhoide scoile a linbh chun iad a chur ar an eolas.
Cuirfidh an príomhoide in iúl don tuismitheoir/chaomhnóir ansin go mbeidh siad ag déanamh teagmhála leis na tuismitheoirí eile i bpod a linbh chun sonraí a thabhairt dóibh faoin tslí ar féidir leo tástálacha antaigine saor in aisce a ordú dá leanbh ag baint úsáid as uimhir saorghlao. Iarrtar ar an bpríomhoide gan aon fhaisnéis phearsanta a bhaineann le haon leanbh eile a roinnt le tuismitheoirí.
D’fhéadfadh gur beart breise iad tástálacha antaigine chun cuidiú le cosaint i gcoinne tarchur COVID-19 (coróinvíreas). Déanann tú na tástálacha tú féin sa bhaile. Ní gá don sampla tástála dul chuig saotharlann. De ghnáth faigheann tú do thorthaí tar éis 15 nóiméad.
Mura bhfuil ach pod amháin i gceist, ní dhéanfar tástálacha antaigine a thairiscint ach do na leanaí sa phod sin. Má bhíonn dhá pod le cásanna dearbhaithe COVID-19 ar leithligh, rachfar i dteagmháil le tuismitheoirí nó caomhnóirí leanaí sa rang iomlán agus cuirfear an fhaisnéis is gá ar fáil dóibh chun tástálacha antaigine a iarraidh.
Déanfar na tástálacha seo a sheachadadh saor in aisce go díreach chuig an tuismitheoir nó an caomhnóir ag a seoladh baile agus is féidir le tuismitheoir an linbh cinneadh a dhéanamh maidir le húsáid na dtástálacha. Tá treoracha agus físeán ullmhaithe ag FSS do thuismitheoirí. Beidh na sonraí go léir sa phacáiste tástála antaigine.
Molann FSS gur chóir do thuismitheoirí/chaomhnóirí an chéad tástáil antaigine a dhéanamh dá leanbh an lá a fhaigheann siad an trealamh tástála, ba cheart an dara tástáil a dhéanamh 2 lá ina dhiaidh sin, agus an tríú tástáil 2 lá ina dhiaidh sin arís.
Is féidir leis na leanaí atá i bpod an cháis dheimhnithe COVID-19 leanúint ar aghaidh ag freastal ar scoil fad is nach bhfuil aon siomptóim orthu agus nach bhfuil toradh tástála dearfach Covid-19 acu (antaigin nó PCR) . Má fhorbraíonn do leanbh na siomptóim ag am ar bith ba chóir dóibh aonrú sa bhaile agus ba chóir duit tástáil PCR COVID-19 a chur in áirithe dóibh , fiú má bhíonn toradh diúltach (neamh-bhraite) ón tástáil antaigine.
Má bhíonn tástáil antaigin dearfach, tá sé tábhachtach go ndéanann do leanbh aonrú sa bhaile agus go gcuireann tú tástáil PCR COVID-19 in áirithe ar líne ag HSE test portal.
Cuirfear cód MF ar fáil chun deis a thabhairt do thuismitheoirí FSS a chur ar an eolas faoi thorthaí na tástála. Tá an t-eolas seo thar a bheith tábhachtach chun go dtuigtear COVID-19.
Tá iarrtha ar phríomhoidí scoile gan aon fhaisnéis a d’fhéadfadh cás dearfach COVID-19 a aithint a roinnt le tuismitheoirí. Toisc gur clár deonach é páirt a ghlacadh i dtástálacha antaigine, ní gá do thuismitheoirí faisnéis a roinnt leis an scoil faoi cibé ar iarr siad tástálacha antaigine agus an ndearna siad tástálacha diúltacha.
Tá tástáil antaigine do leanaí bunscoile deonach agus ní gá do thuismitheoirí na tástálacha antaigine a iarraidh ná na tástálacha antaigine a dhéanamh lena leanaí murar mian leo.
Ba chóir do leanaí atá ar fónamh leanúint ag freastal ar scoil cibé an nglacann siad páirt i dtástáil antaigine nó nach nglacann.
Baineann an cinneadh tástáil antaigin a dhéanamh le leanbh le tuismitheoirí agus caomhnóirí go hiomlán agus ní bheidh aon tionchar aige seo ar oideachas ná ar eispéireas do linbh ar scoil.
Beart breise é an clár deonach de thástáil antaiginí agus ní thagann sé in ionad na mbeart sláinte poiblí an-tábhachtach atá i do scoil faoi láthair lena n-áirítear níocháin láimhe rialta, casacht agus sraothartach a chlúdach, aeráil agus fadú sóisialta a fheabhsú nuair is féidir. Leanaimid orainn ag iarraidh go gcuirfidh tú tábhacht na mbeart seo i gcuimhne do do leanaí chun stop a chur le leathadh an ionfhabhtaithe.