Léirithe Spéise - Ceapachán ar Bhord Achomhairc Míochaine na dTiománaithe faoi Mhíchumas
Ó An Roinn Sláinte; An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige ; An Roinn Airgeadais
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Sláinte; An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige ; An Roinn Airgeadais
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire Sláinte agus an tAire Airgeadais ag fáiltiú roimh léirithe spéise ó liachleachtóirí cuícháilithe agus le taithí ar spéis leo a bheith ceaptha ina gcomhaltaí de Bhord Achomhairc Míochaine na dTiománaithe faoi Mhíchumas. An dáta deiridh a nglacfar le hiarratais
Déanann an Bord cinneadh maidir le hachomhairc a dhéanann iarratasóirí faoi Scéim na dTiománaithe faoi Mhíchumas agus na bPaisinéirí faoi Mhíchumas (Lámhaltais Chánach), ar dhiúltaigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte Teastas Míochaine Príomhúla a thabhairt dóibh. Soláthraíonn Scéim na dTiománaithe faoi Mhíchumas & na bPaisinéirí faoi Mhíchumas faoiseamh ó Cháin Cláraithe Feithicle agus CBL ar cheannach agus úsáid carr oiriúnaithe, mar aon le díolúine ó mhótarcháin agus deontas breosla bhliantúil.
Tá an Fhoirm Iarratais agus an Leabhrán Eolais le fáil ag an nasc thíos.