Foghlaim níos mó anseo .
Moltar duit líon na ndaoine a mbuaileann tú leo a theorannú, agus cuntas laethúil a choinneáil de na daoine a mbuaileann tú leo chun críocha rianaithe teagmhálaithe. Ní gá go mbeadh aon rud ró-fhoirmiúil ann - ach leabhar nótaí ag rá cé leis a bhuail tú agus cén t-am agus an dáta.
Má tá cuairteoirí agat chuig do theach, féadfaidh tú suas le 6 chuairteoir a bheith agat as 3 theaghlach éagsúla.
Tá cruinnithe lasmuigh níos sábháilte ná cruinnithe laistigh. Faoi láthair, tá cruinnithe agus imeachtaí lasmuigh teoranta do 15 duine.
Foghlaim níos mó anseo.
Tá scoileanna chun athoscailt go luath agus is í an tosaíocht is mó atá againn iad a dhéanamh chomh sábháilte agus is féidir. Mar gheall ar thiomantas an rialtais ár scoileanna a athoscailt , tá scoileanna ag ullmhú le seachtainí chun rudaí a dhéanamh níos sábháilte do dhaltaí agus don fhoireann.
Tá na bearta seo atá á gcur i bhfeidhm ag scoileanna chomh maith leis an mian uileghabhálach ligean do dhaltaí filleadh ar fhoghlaim agus ar fhorbairt mar chuid den chúis go bhfuil scoileanna díolmhaithe ón teorainn 6 duine ar chruinnithe faoi dhíon.
Meastar gur timpeallachtaí rialaithe iad gnólachtaí/seirbhísí cosúil le músaeim, pictiúrlanna, amharclanna agus dánlanna ealaíne, agus tá bearta cosanta iomchuí i bhfeidhm amhail scaradh fisiceach idir daoine. Is féidir leis na hionaid seo leanúint ar aghaidh ag feidhmiú nuair is féidir an scaradh fisiceach iomchuí agus gach beart cosanta eile a choinneáil. Ní mór do ghrúpaí aonair a fhreastalaíonn ar na hionaid seo a bheith teoranta do sheisear as 3 theaghlach ar a mhéad. Caithfidh tinreamh foriomlán cloí le teorainn fhoriomlán 50 duine.
Tá gach imeacht allamuigh faoi réir na dteorainneacha nua de 15. Meastar gur ollchruinnithe iad na himeachtaí seo ina mbíonn dlús daoine ag suíomh ar leith le haghaidh sainchuspóra thar thréimhse áirithe ama. Soláthraíonn imeachtaí den chineál seo deiseanna don víreas scaipeadh.
Foghlaim níos mó anseo.
Moltar do dhaoine os cionn 70 agus atá leochaileach ó thaobh sláinte de breithiúnas aonair a fheidhmiú, agus fanacht sa bhaile a oiread agus is féidir, agus idirghníomhaíochtaí a theorannú do líonra an-bheag ar feadh tréimhsí gearra ama, agus scaradh go fisiciúil.
Moltar dóibh freisin:
Foghlaim níos mó anseo.
Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an ospidéal, teach altranais nó saoráid cúraim chónaithe chun comhairle a fháil sula dtabharfaidh tú cuairt orthu.
Níor cheart duit i ndáiríre cuairt a thabhairt ar shaoráid cúraim sláinte nó cúraim chónaithe má tá aon siomptóim d’ionfhabhtú COVID-19 ort, má tá tú tinn, nó má dúradh leat go bhfuil tú i do dhlúth-theagmhálaí le cás deimhnithe COVID-19.
Ba cheart gach taisteal neamhriachtanach a sheachaint. Ní mór d’aon duine a thagann go hÉirinn ó thar lear Foirm Aimsithe Paisinéirí COVID-19 a chomhlánú. Tá tuilleadh faisnéise agus treorach ar fáil anseo .
Caithfidh gnólachtaí a chinntiú go bhfuil fostaithe ag obair ón mbaile nuair is féidir. Sa Phrótacal um Fhilleadh ar an Obair go Sábháilte leagtar amach go soiléir na céimeanna a chaithfear a ghlacadh sular féidir ionad oibre a athoscailt.
Ní mór d’fhostóirí trealamh cosanta pearsanta mar lámhainní agus maisc a sholáthar, a mhéid is indéanta le réasún. Sa Phrótacal um Fhilleadh ar an Obair go Sábháilte leagtar amach go soiléir na céimeanna a chaithfidh fostóirí a ghlacadh chun a gcuid fostaithe a chosaint.
Is féidir le giomnáisiamaí/ionaid fóillíochta/linnte snámha/stiúideonna aclaíochta agus damhsa fanacht oscailte le bearta scartha sóisialta agus bearta cosanta iomchuí eile i bhfeidhm.
Ba chóir ranganna aclaíochta agus damhsa a theorannú do 6 duine agus rialacha maidir le scaradh fisiciúil a chomhlíonadh.
Ba chóir go mbeadh grúpaí a bhíonn ag cleachtadh lasmuigh teoranta do 15 duine, lena n-áirítear seisiúin oiliúna. Níor chóir go mbeadh aon mheascadh idir grúpaí.
Moltar dóibh siúd atá freagrach as na háiseanna seo a bhainistiú measúnú riosca a dhéanamh sula n-athosclaítear iad chun an riosca sláinte poiblí a bhainistiú dá gcustaiméirí, do lucht freastail, do rannpháirtithe agus do chomhaltaí foirne.
Faoi láthair, is féidir póstaí le 50 duine a thionól. Tuigimid go bhfuil póstaí ar cheann de na hamanna is speisialta i saol lánúin. Tá an rialtas ag athbhreithniú na treorach seo faoi láthair agus déanfaidh sé fógra ina thaobh sin go gairid.