Féach ar liosta na seirbhísí bunriachtanacha maidir le Leibhéal 5
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is ionann oibrithe bunriachtanacha agus daoine a chuireann na seirbhísí thíos ar fáil. Ní cheadaítear freastal ar an ionad oibre ach amháin sa chás gur ar an láthair amháin is féidir an tseirbhís a chur ar fáil agus nach féidir an tseirbhís a chur ar fáil go cianda. Ní áirítear oibrithe a dhéanann obair riaracháin agus obair taca eile i ndáil le gnóthaí agus seirbhísí den sórt sin ina n-oibrithe bunriachtanacha mura luaitear sin go sonrach faoi alt 13 agus gá leis an oibrí féin a bheith i láthair san ionad oibre.
Na seirbhísí seo a leanas maidir le talmhaíocht, gairneoireacht, foraoiseacht, iascaireacht, leas ainmhithe agus seirbhísí gaolmhara:
• feirmeoireacht
• obair feirme
• seirbhísí faoisimh feirmeoireachta
• barra agus ainmhithe a shaothrú
• iascach ar bhonn tráchtála
• dobharshaothrú agus feirmeoireacht éisc
• gairneoireacht
• foraoiseacht
• tréidliacht, leas ainmhithe agus seirbhísí gaolmhara
• marglanna a reáchtáil ar líne agus socruithe a chur i bhfeidhm chun ainmhí a mheá a éascú, stoc a chomhoiriúnú idir ceannaitheoirí agus díoltóirí, ainmhithe a fhágáil ag an láthair agus ceannaitheoirí ag scrúdú an stoic ag na cróite trí choinne. Ar líne amháin a bheidh an próiseas tairisceana.
• seirbhísí taca a chur ar fáil maidir le haon cheann ar bith de na seirbhísí a luaitear thuas (lena n-áirítear inseamhnú saorga agus diúscairt ainmhithe)
Na seirbhísí seo a leanas maidir le déantúsaíocht:
• déantúsaíocht, táirgeadh nó próiseáil ar tháirgí bia agus dí
• déantúsaíocht, táirgeadh nó próiseáil ar bhia ainmhithe
• feisteas oibre, trealamh cosanta pearsanta nó coisbheart a tháirgeadh
• laíon adhmaid, páipéar nó cairtchlár a tháirgeadh
• muilte sábhadóireachta a oibriú agus adhmad agus corc a phróiseáil
• nuachtáin a chur i gcló agus seirbhísí eile meán cumarsáide
• driogadh ar chóc agus táirgí scagtha peitriliam
• alúmana a scagadh
• ceimiceáin agus táirgí ceimicigh a tháirgeadh
• táirgí agus ullmhóidí cógaisíochta a tháirgeadh
• an déantúsaíocht maidir le táirgí atá riachtanach don slabhra soláthair maidir le seirbhísí bunriachtanacha
• an déantúsaíocht maidir le táirgí atá riachtanach do shlabhraí soláthair náisiúnta agus idirnáisiúnta, seachas slabhraí soláthair a bhaineann le seirbhísí bunriachtanacha
• an déantúsaíocht maidir le ríomhairí, táirgí leictreonaice agus táirgí optúla (leathsheoltóirí san áireamh)
• an déantúsaíocht maidir le trealamh leictreachais, innealra agus trealamh eile (innealra talmhaíochta agus foraoiseachta san áireamh)
• an déantúsaíocht maidir le feistí leighis agus fearas leighis
• an déantúsaíocht maidir le táirgí, trealamh, fearas agus soláthairtí a bhaineann le cúrsaí leighis, sláinte, fiaclóireachta agus sláinteachais phearsanta
Na seirbhísí seo a leanas maidir le hinnealra agus trealamh a chur ar fáil, a fheistiú agus a dheisiú:
• innealra agus trealamh a chur ar fáil, a chur isteach agus a dheisiú (lena n-áirítear feithiclí faoi thiomáint innill, innealra tionsclaíochta agus trealamh tionsclaíochta) maidir le seirbhísí bunriachtanacha
• feithiclí faoi thiomáint innill a dheisiú nó rothair a dheisiú agus áiseanna gaolmhara
Na seirbhísí seo a leanas maidir le córais leictreachais, gáis, uisce, séarachais agus bainistíocht dramhaíola:
• gineadóireacht, tarchuradóireacht, soláthar agus dáileachán maidir le cumhacht leictreachais
• gás a cheapadh agus a dháileadh agus obair dhíchoimisiúnaithe maidir le saoráidí réimsí gáis amach ón gcósta
• uisce a bhailiú, a chóireáil agus a sholáthar
• séarachas agus uisce dramhaíola a bhailiú, a chóireáil agus a dhiúscairt
• ábhar dramhaíola a bhailiú, bearta feabhsúcháin agus bearta eile cóireála agus diúscartha maidir le bainistíocht dramhaíola (lena n-áirítear ionaid líonadh talún, stáisiúin aistriúcháin dramhaíola, ionaid próiseála dramhaíola agus saoráidí athchúrsála nó aisghabhála dramhaíola a oibriú)
Dúnfaidh earnáil na tógála ón 6pm Dé hAoine an 8 Eanáir, cé go mbeidh líon teoranta eisceachtaí i gceist lena n-áirítear:
• tionscadail riachtanacha sláinte agus tionscadail lena mbaineann lena n-áirítear tionscadail a bhaineann le cosc agus srian a chur ar scaipeadh COVID-19 agus an scaipeadh sin a laghdú nó a mhoilliú.
• tionscadail tithíochta sóisialta, lena n-áirítear folúis atá ainmnithe ina suíomhanna riachtanacha ag Údaráis Áitiúla bunaithe ar chritéir shocraithe
• deontais oiriúnaithe tithíochta sa chás go bhfuil úinéir an tí sásta go ndéanfaí oiriúnaithe ar a theach
• obair dheisiúcháin, chothabhála agus thógála ar ghnéithe den bhonneagar ríthábhachtach iompair agus fóntais
• suíomhanna saoráidí oideachais atá ainmnithe ina suíomhanna atá riachtanach ag an Roinn Oideachais
• seirbhísí cothabhála agus deisiúcháin riachtanacha nó éigeandála a chur ar fáil do ghnólachtaí agus in árais chónaithe (lena n-áirítear seirbhísí leictreachais, gáis, pluiméireachta, gloine agus dín) ar bhonn ghlao amach éigeandála amháin
• tionscadail mhóra áirithe tógála san earnáil onnmhaire / FDI bunaithe ar chritéir shocraithe.
• maidir le tithe príobháideacha atá ionann is críochnaithe agus a bhfuil sé beartaithe daoine a bheith ina gcónaí iontu faoin 31 Eanáir 2021, lena n-áirítear tithe a bhfuil obair ar fhabhtanna agus obair riachtanach fheabhsúcháin, mar obair piríte, gar do bheith tugtha chun críche, ba cheart leanúint leis an obair chun go mbeidh úinéirí na dtithe sin ábalta dul isteach ina gcuid tithe. Ba cheart go leanfaí de theas, uisce, leathanbhanda agus leictreachas a shuiteáil chun go mbeidh daoine ábalta cónaí sna tithe.
• ciallaíonn cosaintí tionóntachta reatha nach féidir tionónta a chur amach as a áras cónaithe le linn na tréimhse ina bhfuil na srianta taistil 5km i bhfeidhm. Tá sé aontaithe chomh maith go mbeidh cur chuige réamhshocraithe i bhfeidhm chun féachaint ar réadmhaoin chun críocha cíosa nó díolacháin d'fhonn feidhmiú áirithe den mhargadh tithíochta agus den mhargadh tionóntachtaí cónaithe a éascú le linn an ama seo, agus nach mbeidh cead féachaint ar réadmhaoin go fisiciúil go dtí go mbeidh comhaontú tionóntachta á dhéanamh nó go dtí go mbeidh conradh i gcomhair díolacháin dréachtaithe. Cinnteoidh an cur chuige seo go mbeidh cothromaíocht ann idir an gá atá ann idirghníomhaíocht shóisialta a sheachaint agus an gá atá ann bealach a chur ar fáil do dhaoine a dteastaíonn sé uathu tionóntacht agus úinéireacht ar theach cónaithe a bhaint amach.
Na seirbhísí seo a leanas maidir le tráchtáil mórdhíolacháin agus miondíolacháin:
• ionaid miondíolacháin bhunriachtanachaa oibriú
• seirbhísí mórdhíolacháin agus dáileacháin atá riachtanach maidir lena chinntiú go mbíonn bia, deochanna, breosla, táirgí míochaine, feistí agus fearas leighis, soláthairtí nó táirgí eile leighis agus sláinte, earraí riachtanacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, nó soláthairtí maidir le cothabháil riachtanach agus áit chónaithe atá ag feidhmiú a chur ar fáil
• uathmheaisíní bainc agus seirbhísí gaolmhara
Na seirbhísí seo a leanas maidir le cúrsaí iompair, stórála agus cumarsáide:
• seirbhísí iompair ar dhroim talún a chur ar fáil, seirbhísí bus, iarnróid agus tacsaí san áireamh
• seirbhísí lastais ar na bóithre, ar iarnród, ar muir agus san aer
• seirbhísí paisinéirí ar muir agus san aer
• calafoirt, cuanta agus aerfoirt a oibriú
• tithe solais a oibriú
• tithe stórála agus bearta taca (lena n-áirítear láimhseáil lastais, obair poist agus teachtaireachta) maidir le hiompar earraí
• rialú agus obair chothabhála bhuntábhachtach ar an gcóras bonneagair iompair (lena n-áirítear bóithre)
• seirbhís ar bith is gá ionas gur féidir seirbhís a luaitear thuas a chur ar fáil go sábháilte
Na seirbhísí seo a leanas maidir le cóiríocht agus seirbhísí bia a chur ar fáil:
• seirbhísí óstáin nó seirbhísí lóistín den chineál céanna do dhaoine atá ag taisteal ar chúiseanna nach mbaineann le cúrsaí sóisialta, caithimh aimsire, cultúir nó turasóireachta
• seirbhísí óstáin nó seirbhísí lóistín den chineál céanna a chur ar fáil sa chás gur cóiríocht bhunriachtanach atá á cur ar fáil (lena n-áirítear cóiríocht do dhaoine gan dídean agus do dhaoine a bhfuil soláthar díreach á dhéanamh dóibh, daoine nach féidir leo cónaí ina ngnátháit chónaithe mar gheall ar scaipeadh Covid-19 nó eile) agus seirbhísí gaolmhara
• seirbhísí óstáin nó seirbhísí lóistín den chineál céanna a chur ar fáil d'aíonna bainise
• seirbhís bia nó dí maidir lena soláthar do ghnólacht ag a bhfuil seirbhís bhunriachtanach á dhéanamh
• seirbhísí bia nó dí atá le bailiú ón ionad ag an gcustaiméir nó le tabhairt chuig ionad an chustaiméara
Na seirbhísí seo a leanas maidir le cúrsaí faisnéise agus cumarsáide:
• nuachtáin, irisí agus tréimhseacháin a chur le chéile agus a fhoilsiú agus na foilseacháin sin a dháileadh más i bhfoirm cruachóipe nó i bhfoirm dhigiteach sin
• cláracha teilifíse agus raidió, ábhar físeáin, fuaime, digiteach nó leictreonach a léiriú agus sin a chraoladh nó a fhoilsiú don phobal nó do sciar den phobal
• seirbhísí a chur ar fáil a bhfuil gá leo maidir le seirbhísí líonraí agus saoráidí gaolmhara a bhaineann le teileachumarsáid leictreonach a chur ar fáil (lena n-áirítear teileachumarsáid ar sreang agus gan sreang, seirbhísí teileachumarsáide ar satailít agus seirbhísí cumarsáide eile (lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí leathanbhanda, idirlín agus néalríomhaireachta) arna gcur ar fáil ag soláthraithe le hÚdarás faoin reachtaíocht)
• seirbhísí ionaid sonraí agus seirbhísí gaolmhara a chur ar fáil
Na seirbhísí seo a leanas maidir le gnóthaí airgeadais agus dlí:
• seirbhísí airgeadais, árachais agus baincéireachta (seirbhísí oifig an phoist agus seirbhísí chomhar creidmheasa san áireamh) arna gcur ar fáil ag soláthraí seirbhísí airgeadais
• seirbhísí cuntasaíochta nó iniúchóireachta
• seirbhísí dlí arna gcur ar fáil ag abhcóidí nó aturnaetha cleachtacha
Na seirbhísí seo a leanas maidir le bearta gairmiúla, eolaíochta agus teicniúla:
• bearta innealtóireachta, tástáil theicniúil agus anailís a chur ar fáil (lena n-áirítear tástáil fisice, ceimice nó anailís de chineál eile ar ábhar agus ar tháirgí)
• seirbhísí taighde agus forbartha eolaíochta a chur ar fáil
• seirbhísí rialála, cigireachta agus deimhniúcháin, i gcomhréir leis an dlí, maidir le hearnáil faoi leith ag comhlacht arna chur ar bun faoin reachtaíocht chun na críche sin
Na seirbhísí seo a leanas maidir le ligean ar cíos agus léasáil:
• seirbhísí maidir le háitribh (de réir bhrí an Achta um Sheirbhísí Maoine (Rialáil) (Uimh. 40 de 2011)), áitribh a ligean agus seirbhísí bainistíochta maidir le háitribh
• Seirbhís a chur ar fáil maidir le feithiclí faoi thiomáint innill nó rothair a ligean amach ar cíos nó a léasáil
Na seirbhísí seo a leanas maidir le bearta riaracháin agus cúnta:
• seirbhísí pá-rolla agus íocaíochta atá riachtanach maidir le gnóthais agus comhlachtaí a oibriú
• seirbhísí socrúcháin fostaíochta agus acmhainní daonna atá ceangailte le hoibrithe atá i mbun seirbhísí bunriachtanacha a chur ar fáil a earcú agus a chur i mbun oibre
• próiseáil sonraí, óstáil láithreáin gréasáin agus bearta gaolmhara
• bearta slándála d'fhonn cuidiú le ceann nó leis an bpéire acu seo a leanas:
(i) seirbhísí bunriachtanacha a chur ar fáil
(ii) áitreabh atá dúnta a choinneáil slán
• seirbhísí sochraide, seirbhísí adhlactha agus seirbhísí gaolmhara
• seirbhísí taca gnó (lena n-áirítear seirbhísí taca agus seirbhísí díolacháin maidir le teicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide, seirbhísí deisiúcháin agus cothabhála maidir le teicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide agus teileafóin) sa chás go bhfuil riachtanas le seirbhísí den sórt sin i ndáil le:
(i) seirbhís bhunriachtanach ar bith eile
(ii) duine atá ag obair óna áit chónaithe sa chás go bhfuil an gnó lena mbaineann á oibriú ó áit chónaithe
nó
(iii) gnó nach seirbhís bhunriachtanach, chomh mór agus gur gá í chun an gnó sin a choinneáil ar bun nó chun aon mhoill maidir leis an ngnó dul ar ais i mbun oibre nuair a thiocfaidh deireadh le feidhm na Rialachán seo a ghiorrú oiread agus is féidir
• sa chás go bhfuil seirbhísí den sórt sin riachtanach i ndáil le haon seirbhís bhunriachtanach eile:
(i) foirgnimh a ghlanadh
(ii) bearta glantacháin tionsclaíochta
(iii) bearta cúnta príomhthábhachta tríú páirtí seachas an chuid dá dtagraítear in alt (f) a chur ar fáil de réir conartha do dhuine ag a bhfuil seirbhís bhunriachtanach á cur ar fáil
• oiliúint bhunriachtanach sláinte agus sábháilteachta (nach féidir a chur ar fáil ar bhonn cianda)
Na seirbhísí seo a leanas maidir leis an riarachán poiblí, seirbhísí éigeandála agus cúrsaí cosanta:
• déanamh na bhfeidhmeanna faoi Acht an Gharda Síochána 2005 (Uimh. 20 de 2005) ag an nGarda Síochána, lena n-áirítear comhaltaí den Gharda agus baill foirne sibhialtacha den Gharda Síochána
• seirbhísí maidir leis an ord poiblí, seirbhísí tarrthála agus éigeandála (lena n-áirítear seirbhísí dóiteáin, garda cósta, bád tarrthála, tarrtháil sléibhe agus otharchairr)
• déanamh na bhfeidhmeanna a leagtar orthu le nó faoi achtachán ar bith ag Óglaigh na hÉireann
• seirbhísí maidir le glaonna éigeandála a fhreagairt
• seirbhísí maidir le riarachán an chórais dlí agus cirt
• seirbhísí príosúin agus seirbhísí coinneála leanaí (lena n-áirítear na bearta ar fad ar an láthair)
• seirbhísí cibearshlándála
• leasa coimirce sóisialaí a chur ar fáil
• próisis rialála agus deimhniúcháin maidir le slabhraí soláthair, sábháilteacht bia, deochanna, táirgí leighis, feistí agus fearais leighis, soláthairtí eile leighis nó sláinte agus sábháilteacht próisis tríd is tríd a chinntiú
• gairdíní lus, páirceanna, foraoisí, anaclanna dúlra agus ionaid spraoi a oibriú agus obair chothabhála ina leith
• obair maidir le bainistíocht, cosaint, athchóiriú agus caomhnú i ndáil le speicis agus gnáthóga atá faoi chosaint agus suímh ainmnithe maidir leis an dúlra, gnéithe seandálaíochta agus an oidhreacht foirgníochta
• obair shlándála, cúraim agus cothabhála maidir le háitribh, bailiúcháin agus earraí a thagann faoi chúram agus faoi bhainistíocht na Dánlainne Náisiúnta, na Leabharlainne Náisiúnta, Ard-Mhúsaem na hÉireann, an Cheolárais Náisiúnta, na Cartlainne Náisiúnta, Áras Nua-Ealaíne na hÉireann, Leabharlann Chester Beatty agus Gailearaí Ealaíne Crawford
• seirbhísí maidir le bás daoine agus sochraidí
• seirbhísí séiplíneachta
• seirbhísí arna gcur ar fáil nó feidhmeanna arna ndéanamh ag sealbhóir oifige a cheaptar faoi achtachán ar bith nó faoin mBunreacht nó ag comhalta cheann de Thithe an Oireachtais nó Pharlaimint na hEorpa nó údaráis áitiúil
• seirbhísí a chuirtear ar fáil faoin Acht um Chúram Leanaí 1991 (Uimh. 17 de 1991)
• seirbhísí uchtála faoin Acht Uchtála 2010 (Uimh. 21 de 2010)
• seirbhísí a chuirtear ar fáil d'íospartach
• seirbhísí agus obair, lena n-áirítear seirbhísí rialála, arna gcur ar fáil ag Banc Ceannais na hÉireann, an Chuideachta um Chúiteamh d'Infheisteoirí DAC (ar a dtugtar freisin an Chuideachta um Chúiteamh d'Infheisteoirí Teoranta) agus Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta
• aon seirbhís eile arna cur ar fáil, nó aon fheidhm eile arna déanamh, ag comhlacht poiblí (de réir mar atá brí leis sin faoin Acht um Chomhroinnt agus Rialachas Sonraí 2019 (Uimh. 5 de 2019)), sa chás go bhfuil an tseirbhís a chur ar fáil nó an fheidhm a dhéanamh riachtanach maidir le bonn treise a chur faoi:
(i) seirbhísí bunriachtanacha eile
nó
(ii) beartaíocht an Stáit mar gheall ar scaipeadh Covid-19
• Seirbhísí Tástáil Tiomána arna gcur ar fáil ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre chun críche alt 33 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1961 (Uimh. 24 de 1961) do dhaoine a bhfuil baint acu le seirbhísí bunriachtanacha a chur ar fáil nó le hionaid miondíolacháin bhunriachtanacha
• Teagasc tiomána arna chur ar fáil ag teagascóir atá ar Chlár na dTeagascóirí Tiomána Ceadaithe arna chur ar bun faoi Chuid 3 de na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Teagascóir Tiomána a Cheadúnú) (Uimh. 2) 2009 (I.R. Uimh. 203 de 2009), sa chás go bhfuil coinne socraithe don té dá bhfuil an teagasc á thabhairt dul faoi thástáil chun críche alt 33 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1961 (Uimh. 24 de 1961)
• seirbhísí maidir le Tástáil Ródacmhainneachta ar Fheithiclí Tráchtála arna gcur ar fáil ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre chun críche alt 5 den Acht fán Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (Ródacmhainneacht Feithiclí Tráchtála) 2012 (Uimh. 16 de 2012)
• seirbhísí maidir leis an Tástáil Náisiúnta Gluaisteán arna gcur ar fáil ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre chun críche alt 18(8) den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1961 (Uimh. 24 de 1961)
• bearta oibre maidir leis an gcóras pleanála faoin reachtaíocht, nach bhféadfaí a dhéanamh le hobair chianda
• An tSeirbhís Náisiúnta Ceadúnais Tiomána, chomh mór agus atá seirbhísí á gcur ar fáil de réir coinne réamhshocraithe do dhaoine a bhfuil baint acu le seirbhísí bunriachtanacha a chur ar fáil nó le hionaid miondíolacháin bhunriachtanacha agus nach bhféadfaí na seirbhísí a chur ar fáil le hobair chianda
Na seirbhísí seo a leanas maidir le sláinte an duine agus obair shóisialta:
• seirbhísí ospidéil
• seirbhísí teiripe arna gcur ar fáil ag duine is comhalta de ghairm ainmnithe de réir bhrí alt 3 den Acht um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialta 2005 (Uimh. 27 de 2005)
• seirbhísí maidir leis an tsláinte phoiblí, seirbhísí san áireamh a bhaineann le:
(i) daoine a bhí i dteagmháil le daoine a bhfuil sé deimhnithe go bhfuil Covid-19 orthu, nó a meastar go bhfuil Covid-19 tolgtha acu, a thabhairt chun suntais, a lorg agus caidreamh a dhéanamh leo
agus
(ii) tástáil maidir le Covid-19 a dhéanamh ar dhaoine
• seirbhísí saotharlainne
• cóireáil drugaí agus seirbhísí andúile
• seirbhísí ospíse
• seirbhísí cógaslainne
• cúram príomhúil agus cleachtadh ginearálta agus speisialtóireachta míochaine
• seirbhísí fiaclóireachta
• deonú fola agus seirbhísí gaolmhara
• deonú fíocháin nó orgán agus seirbhísí gaolmhara
• seirbhísí cúraim cónaithe (lena n-áirítear cúram altranais, seirbhísí meabhairshláinte agus seirbhísí mí-úsáid substaintí, seirbhísí do dhaoine aosta agus do dhaoine faoi mhíchumas) agus seirbhísí cónaithe do leanaí
• cúram baile, cúntóirí baile agus seirbhísí eile sláinte i measc an phobail
• obair shóisialta agus seirbhísí cúraim shóisialaigh, (lena n-áirítear seirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas, seirbhísí meabhairshláinte, seirbhísí cosanta leanaí agus leasa leanaí, seirbhísí maidir le foréigean teaghlaigh, foréigean gnéis agus foréigean bunaithe ar inscne) agus seirbhísí do dhaoine gan dídean, seirbhísí seach-chaidrimh le daoine gan dídean san áireamh
• seirbhísí paraimhíochaine, otharchairr agus réamhospidéil
• seirbhísí arna gcur ar fáil ag aonaid mionghortaithe
• seirbhísí máithreachais
• sábháilteacht bia agus seirbhísí comhshaoil
• seirbhísí cúraim leanaí áirithe
• seirbhísí oibre don aos óg, de réir bhrí an Achta um Obair Ógra, 2001 (Uimh. 42 de 2001), nach féidir a chur ar fáil go cianda
• seirbhísí in aghaidh dópála i gcomhréir le Cuid 4 den Acht um Spórt Éireann 2015 (Uimh. 15 de 2015)
Scoileanna
Soláthar áirithe oideachais mar teagasc, tacaíocht SNA agus seirbhísí eile atá de dhíth chun tacú le seirbhísí a bhaineann le hoideachas atá á gcur ar fáil faoi Leibhéal 5 a sholáthar. Féach tuilleadh anseo.
Tá tús a chur arís le clár Cúraim agus Oideachais Luathóige (ECCE) curtha siar go dtí an 1 Feabhra.
Ardoideachas agus Oideachas d’Aosaigh
Ba chóir go bhfanfadh ardoideachas, breisoideachas agus oideachas d’aosaigh ar líne go príomha
Na seirbhísí seo a leanas maidir le seirbhísí pobail agus seirbhísí deonacha:
• seirbhísí nach luaitear go sonrach ar bhealach eile sa Sceideal seo a chuireann oibrithe pobail agus oibrithe deonacha agus an Chosaint Shibhialta ar fáil, mar chuid de sheirbhís arna coimisiúnú go poiblí, chun cuidiú le seirbhísí bunriachtanacha a chur ar fáil
• seirbhísí deonacha arna n-oibriú faoi chreat bainistíochta éigeandála an údaráis phoiblí i gcomhréir leis an gcomhairle sláinte poiblí
Seirbhísí a chur ar fáil atá bunriachtanach maidir le misin taidhleoireachta agus poist consalachta sa Stát.