Cad iad na Tacaíochtaí do Ghnólachtaí Beaga?
Ó An Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is eochairsprioc do chistiú an Aontais Eorpaigh iad na Mionfhiontair, na Fiontair Bheaga agus na Fiontair Mhéanmhéide. Cuireann an tAontas Eorpach síos ar Fhiontair Bheaga agus Meánmhéide mar na cinn úd le líon foirne faoi bhun 250, agus de láimhdeachas níos lú ná €50 milliún. Is ionann Mionfhiontar agus ceann ina bhfostaítear 10 daoine nó níos lú, agus baineann láimhdeachas faoi bhun €2 milliún leis.
Áirítear leis na tacaíochtaí faoin gceithre chlár a liostaítear thíos, an tacaíocht airgeadais, cláir oiliúna agus meantóireachta (ar nós iad siúd faoin Scéim Mionfhiontar) agus rochtain ar an margadh (cistítear é sin le scéimeanna ar nós Scéim Infheistíochta Caipitiúla um Próiseáil Bia Mara). Is faoi Chiste Talmhaíochta na hEorpa don Fhorbairt Tuaithe a thacaíonn tan Clár LEADER freisin don fhiontar ar fud na tíre.
Clár Oibríochta Réigiúnach an Deiscirt agus an Oirthir | € 69.2 milliún |
Clár Oibríochta Réigiúnach na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair | € 58 milliún |
Clár Forbartha Tuaithe | € 300.3 milliún |
Clár Oibriúcháin CEMI d’Éirinn | € 71.5 milliún |
Is iad na hOifigí Fiontair Áitiúla timpeall na tíre a riarann deontais Eorpacha do réimse leathan scéimeanna a dhírítear ar ghnólachtaí le níos lú ná 10 fostaithe.
I gcomhair mionsonraí na dtacaíochtaí arna dtairiscint ag na hOifigí Fiontair Áitiúla, féach ar láithreán gréasáin na nOifigí Fiontair Áitiúla.
Cuidítear sa scéim seo, arna bainistiú ag Bord Iascaigh Mhara, le hiarratasóirí faoi bhun 40 bliain d’aois chun a gcéad soitheach iascaigh a shealbhú.
Foráiltear 25% den chostas leis an deontas (suas chuig €75,000) de shealbhú an tsoithigh.
I gcomhair níos mó mionsonraí faoin scéim seo, agus faoi scéimeanna eile arna mbainistiú ag Bord Iascaigh Mhara, féach ar a láithreán gréasáin.
Is leis an scéim sin, arna bainistiú ag Bord Iascaigh Mhara freisin, a sholáthraítear deontais do 15-30% de na costais infheistíochta caipitiúla do FBMí um Próiseáil Bia Mara agus do FBMí ag féachaint chun formhéadú isteach sa Phróiseáil Bia Mara.
Chun a thuilleadh a fhoghlaim faoin scéim seo, agus faoin liosta iomlán limistéar ar tugadh tacaíocht dóibh, féach ar láithreán gréasáin Bhord Iascaigh Mhara.
Infheistítear gach ceann de na Cistí thíos sa Tacaíocht don Ghnó Beag. Cliceáil ar na tíleanna sin chun na hinfheistíochtaí eile le gach Ciste a thaiscéaladh.