Caidreamh na Breataine/na hÉireann
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá comhpháirtíocht láidir idir Rialtas na Breataine agus na hÉireann a thacaíonn le hathmhuintearas, téarnamh agus rathúnas don dá thír.
Is í an Bhreatain an chomharsa is gaire atá againn agus is comhpháirtí eacnamaíoch tábhachtach í, ó thaobh trádála, infheistíochta agus turasóireachta. Téann luach €1 billiún de thrádáil ó thaobh earraí agus seirbhísí trasna Mhuir Éireann gach seachtain.
Ba é cuairt Bhanríon Eilís go hÉireann i mí na Bealtaine 2011 an chéad chuairt a rinne Ceann na Breataine chuig Stát na hÉireann ó fuarthas neamhspleáchas. Ó shin, tá an dá Rialtas ag obair go dlúth chun cur le mar a d’éirigh leis an gcuairt agus chun ár gcaidreamh oibre a threisiú.
Leagtar amach sa Ráiteas i gComhar arna eisiúint ag an Taoiseach agus ag an bPríomh-Aire Cameron i ndiaidh chruinniú mullaigh ag Sráid Downing i mí an Mhárta 2012 na príomhréimsí maidir le comhoibriú na Breataine-na hÉireann sna deich mbliana atá amach romhainn.
Bhí an ráiteas suntasach mar gheall gurb é an chéad ráiteas den sórt sin nach raibh baint den chuid is mó ann le cás Thuaisceart Éireann.
Bunaíodh Comhairle na Breataine-na hÉireann faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta chun caidreamh dearfach agus caidreamh a bheidh chun tairbhe an dá dhream a chur chun cinn i measc mhuintir na n-oileán seo agus chun fóram a sholáthar ar mhaithe le comhairliúchán agus comhoibriú.
Tá an Chomhairle comhdhéanta d’Ionadaithe Rialtas na hÉireann agus na Breataine, de na hinstitiúidí cineachta i dTuaisceart Éireann, in Albain agus sa Bhreatain Bheag, agus i Manainn, i nGeansaí agus i nGeirsí.
Bunaíodh an rúnaíocht seasta do Chomhairle na Breataine-na hÉireann an 4 Eanáir 2012 agus oibríonn sí i nDún Éideann. Tá beirt oifigeach i gcomhar i gceannas, arna gceapadh ag Rialtas na hÉireann agus ag Rialtas na Breataine.
Reáchtáiltear cruinnithe mullaigh Chomhairle na Breataine-na hÉireann faoi dhó sa bhliain, agus rothlaíonn sin idir chórais riaracháin éagsúla na gcomhaltaí. Is féidir teacht ar mhionsonraí faoi chruinnithe mullaigh roimhe seo ag British-Irish Council website.
Bunaíodh Comhthionól Parlaiminteach na Breataine-na hÉireann i mí Feabhra 1990 chun gníomhú mar nasc idir an tOireachtas agus Tithe an Rialtais ag Westminster.
Comhlacht Idirpharlaiminteach na Breataine-na hÉireann a bhí mar theideal orthu ar dtús, agus bhí sin comhdhéanta de 25 feisire Éireannach agus 25 feisire Briotanach ó Thithe Uachtair agus Íochtair an Oireachtais agus Westminster.
Ansin, in 2001, méadaíodh é chun cúigear comhaltaí ó Pharlaimint na hAlban a chur san áireamh chomh maith le cúigear comhaltaí ó Chomhthionól Náisiúnta na Breataine Bige, cúigear comhaltaí ó Chomhthionól Thuaisceart Éireann agus comhalta amháin an ceann ó Pharlaimint Mhanann, Gheirsí agus Gheansaí.
Athainmníodh an BIIPB mar Chomhthionól Parlaiminteach na Breataine-na hÉireann i rith an 37ú cruinniú iomlánach sa Chaisleán Nua i mí Dheireadh Fómhair 2008.
Bíonn seisiún iomlánach ag comhaltaí BIPA faoi dhó sa bhliain. Idir na seisiúin sin, baineann príomhobair an Chomhthionóil le ceithre Choiste, agus déileáiltear leis na hábhair a leanas:
Coiste A | Gnóthaí Ceannasacha |
Coiste B | Gnóthaí Eorpacha |
Coiste C | Gnóthaí Eacnamaíocha |
Coiste D | Gnóthaí Comhshaoil agus Sóisialta |