Cáin ar Thalamh Chriosaithe Cónaithe
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta; An Roinn Airgeadais
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta; An Roinn Airgeadais
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cáin nua is ea an Cháin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe atá dírithe ar sholáthar tithíochta a mhéadú trí thailte forbartha cónaithe criosaithe, seirbhísithe (lena n-áirítear tailte úsáide measctha) a ghníomhachtú le haghaidh tithíochta. Tá sé mar aidhm aige freisin úinéirí talún a dhreasú chun ceadanna pleanála reatha a úsáid le haghaidh tithíochta. Tá an cháin á tabhairt isteach mar chuid de Tithíocht do Chách, plean tithíochta an rialtais go dtí 2030. Tá an chéad dáta dliteanais don cháin curtha siar go dtí an 1 Feabhra 2025 chun deis eile a thabhairt do pháirtithe leasmhara aighneachtaí a dhéanamh maidir le talamh atá laistigh de raon feidhme na cánach, lena n-áirítear deis eile d’úinéirí talún iarratais athchriosaithe a chur isteach maidir le talamh den sórt sin, a sainaithnítear é ar dhréacht-léarscáileanna bliantúla atá le foilsiú ag údaráis áitiúla.
Beidh an cháin bhliantúil i bhfeidhm ó 2025 ar ráta 3% de luach margaidh na talún. Feidhmeoidh an cháin ar bhonn féinmheasúnaithe. Tá faisnéis níos mionsonraithe faoin gcáin ar fáil sa doiciméad ‘Do cheisteanna freagartha’ ar an leathanach seo.
Tá dhá chéim ann maidir le Cáin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe a chur chun feidhme:
Iad siúd a bhfuil tailte acu, arna sainaithint i léarscáileanna deiridh bliantúla na n-údarás áitiúil do 2025 arna bhfoilsiú an 31 Eanáir 2025 nó roimhe, ar tailte iad:
Ní bheidh ort an Cháin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe a íoc má tá áit chónaithe atá le feiceáil ar léarscáileanna Cáin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe na n-údarás áitiúil, ach atá faoi réir an Cáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) freisin.
Má tá áit chónaithe dá leithéid agat, áit a bhfuil an talamh/gairdíní/clóis atá ceangailte leis níos mó ná 0.4047 heicteár, beidh ort clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim don Cháin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe, ach ní bheidh ort an cháin a íoc. Beifear in ann clárú don cháin ó mhí na Nollag 2024 ar aghaidh.
D’fhéadfadh go mbeadh ort an cháin a íoc má tá áit chónaithe agat atá le feiceáil ar léarscáileanna Cáin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe na n-údarás áitiúil nach bhfuil faoi réir an CMÁ.
Foilseoidh údaráis áitiúla dréacht-léarscáileanna bliantúla um Cháin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe an 1 Feabhra 2024 ina sainaithneofar tailte a thagann faoi raon feidhme na cánach, chomh maith le tailte a bheartaíonn siad a eisiamh ó na léarscáileanna deiridh bliantúla do 2025. A luaithe a fhoilseofar na dréacht-léarscáileanna bliantúla, beidh go dtí an 1 Aibreán 2024 ag daoine chun aighneacht a dhéanamh chuig an údarás áitiúil ábhartha maidir le cibé an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann talamh ar an dréacht-léarscáil bliantúil seo na critéir chun a bheith faoi réir na cánach. Is féidir leis na haighneachtaí seo:
Féadfaidh úinéirí talún a iarraidh go n-athrófaí criosú a gcuid talún faoin 31 Bealtaine 2024, i gcás ina sainaithnítear an talamh sin ar an dréacht-léarscáil bliantúil.
Déanfaidh an t-údarás áitiúil na haighneachtaí agus na hiarratais athchriosaithe a mheas sula bhfoilseofar léarscáil deiridh bhliantúil an 31 Eanáir 2025 ag sainaithint na talún a bheidh faoi dhliteanas cánach an 1 Feabhra 2025.
Beidh tú in ann féachaint ar dhréacht-léarscáil bliantúil um Cháin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe d’údarás áitiúil ar shuíomh gréasáin d’údarás áitiúil nó ina n-oifigí. Soláthraíonn an liosta thíos naisc chuig leathanach gréasáin CTCC ábhartha gach údaráis áitiúil. Déan teagmháil le d’údarás áitiúil le haghaidh tuilleadh eolais faoi seo: