CAMP - C Trí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
CAMP - The Next Generation - sa doiciméad seo leagtar amach an plean atá ann aistriú ó na hionaid reatha a ghlacann le glaonna éigeandála chuig córas náisiúnta amháin le trí lárionad, ag úsáid na teicneolaíochta is nua-aimseartha dá bhfuil ar fáil. Tá an córas atá ann faoi láthair 20 bliain d’aois. Ar chúiseanna teicniúla agus praiticiúla aistreoidh na seirbhísí dóiteáin chuig an ardán Náisiúnta Raidió Dhigitigh atá in úsáid ag seirbhísí éigeandála eile.
Seasann CAMP le haghaidh Computer Aided Mobilisation Project – a chuireann seirbhís freagartha 24 uair/365 lá ar fáil don phobal a théann i dteagmháil le seirbhísí dóiteáin i gcás éigeandála. Seolfaidh an t-oibreoir na seirbhísí dóiteáin agus tacaíochta cuí chuig suíomh na timpiste. Ó 1992, bhí údaráis dóiteáin i dtrí réigiún ag soláthar seirbhísí éifeachtach éifeachtúla faoi chóras CAMP. Tá córas CAMP déanta suas de thrí Ionad Réigiúnacha Cumarsáide (RCCs) - Luimneach (CAMP na Mumhan), Caisleán an Bharraigh (CAMP an Iarthair), agus Baile Átha Cliath (CAMP an Oirthir).
An 4 Meitheamh 2015, rinne an Stiúrthóireacht Náisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála athbhrandáil ar an tionscadal seo agus tugtar C Trí air anois.