Seimineár Gréasáin – “Ról Ardchleachtóirí Altranais agus Cnáimhseachais i gcur i bhfeidhm an chláir athchóirithe sláinte Sláintecare”
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuaigh an seimineár gréasáin um Chúram Ceart, Áit Cheart, Am Ceart de chuid Sláintecare “Ról Ardchleachtóirí Altranais agus Cnáimhseachais i gcur i bhfeidhm an chláir athchóirithe sláinte Sláintecare” beo ar an Déardaoin 8ú Nollaig 2022.
Bhí an seimineár gréasáin dírithe ar Sheirbhísí Ardchleachtóirí Altranais agus Cnáimhseachais a thaispeáint agus scrúdú a dhéanamh ar an bhfíorthionchar atá ag na seirbhísí seo ar chuid de na príomhdhúshláin sa tseirbhís sláinte.
Is mór an cuidiú an tsamhail chúraim a sholáthraíonn altraí agus cnáimhseacha i róil speisialaithe agus ardchleachtaidh chun a chinntiú go dtugann an duine ceart cúram, ag an am ceart agus san áit cheart, is é sin Sláintecare faoi lán seoil.
Cuireadh tús leis an seimineár gréasáin le teachtaireacht ó Kelly Mofflin, Leas-Phríomhoifigeach Altranais sa Roinn Sláinte. Ansin chualamar ó thriúr Ardchleachtóir Altranais agus Cnáimhseachais – Edel Carey (RAND), Maurice Healy (RAND) agus Ciara Coveney (RAMP), a thugann conairí malartacha d’othair agus atá ag feabhsú rochtain othar ar sheirbhísí. D’inis Bryan agus a pháirtí Úna dúinn conas atá siad ag baint tairbhe as freastal ar Sheirbhís Altranais Fhéileacán Bán.
Bhí Kelly Mofflin, Leas-Phríomhoifigeach Altranais, An Roinn Sláinte, an Dochtúir Geraldine Shaw , Stiúrthóir na Seirbhíse Altranais agus Cnáimhseachais (ONMSD), Paul Gallagher, Ceannasaí DON&M Ghrúpa Ospidéal Oirthear na hÉireann agus an Dochtúir Emer Ahern Comhairleoir Cliniciúil Náisiúnta & Ceannaire Grúpa Dearadh agus Nuálaíocht Chliniciúil do Dhaoine Scothaosta, FSS in éineacht linn le haghaidh díospóireacht phainéil faoi chathaoirleacht Gráinne Healy.
Is féidir leat féachaint ar thaifeadadh iomlán an tseimineáir ghréasáin anseo: