Tascfhórsa Geilleagair Oíche
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tugann an Tascfhórsa Geilleagair Oíche, a bhunaigh an tAire Catherine Martin an 30 Iúil 2020, deis do na páirtithe leasmhara cuí ón earnáil cultúir oíche cur chuige nuálach a fhorbairt chun tacú le geilleagar oíche bríomhar, éagsúil agus inbhuanaithe in Éirinn agus forbairt a dhéanamh air.
Rachaidh an Tascfhórsa i mbun comhairliúcháin leis na hearnálacha cuí agus na páirtithe leasmhara a bhfuil ról suntasach acu sa gheilleagar oíche chun a chinntiú go mbreithneofar gach dearcadh agus smaoineamh.
Cuirfidh an Tascfhórsa tuairisc faoi bhráid an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ina n-áireofar moltaí maidir leis an bealach is fearr chun freastal orthu siúd atá ag obair agus ar mhian leo páirt a ghlacadh i gcultúr oíche bríomhar.
Postálfar an t-eolas is déanaí faoi dhul chun cinn an Tascfhórsa Geilleagair Oíche anseo. Má tá aon cheist agat déan teagmháil le NTE@chg.gov.ie
Report of the Night-Time Economy Taskforce
Minutes of the Night-time Economy Taskforce meeting 29 September 2020
1. Fís atá éagsúil agus ionchuimsitheach a phlé agus a shainmhíniú i gcomhair éiceolaíocht oíche sna cathracha agus bailte móra atá againn.
2. Múnlaí idirnáisiúnta dea-chleachtais a aimsiú.
3. Próiseas tréan rannpháirteach do gheallsealbhóirí a reáchtáil leis na hearnálacha cuí agus le páirtithe leasmhara a bhfuil ról suntasach acu sa gheilleagar oíche chun a chinntiú go mbreithneofar gach dearcadh agus smaoineamh in obair an tascfhórsa. Áirítear sa phróiseas seo cruinnithe le geallsealbhóirí tábhachtacha agus iarratais ar aighneachtaí ó na páirtithe leasmhara.
4. Cleachtadh mionsonraithe ar mhapáil ionaid a reáchtáil leis na húdaráis áitiúla agus le comhpháirtithe san earnáil cultúir.
5. Eolas a aimsiú faoi chláir phíolótacha reatha (DCC agus CCC) agus iad a chomhlánú agus tús a chur le tuilleadh clár píolótach in áiteanna faoin tuath chun fáil amach faoi na dúshláin eile a d’fhéadfadh a bheith roimh na pobail thuaithe.
6. Bunaithe ar thaithí na gclár píolótach, féachaint an féidir coistí áitiúla a bhunú chun siamsaíocht oíche agus tairiscintí cruthaitheacha a chur chun cinn agus a fheabhsú i gceantair uirbeacha eile. Sa chomhthéacs sin, féachaint an féidir Ard-Mhéaraí Oíche a cheapadh i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh.
7. Athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar na rialacháin agus an creat beartais a rialaíonn an cultúr oíche ag leibhéal náisiúnta agus áitiúil.
8. Aird a tharraingt ar na dúshláin thábhachtacha eile a bhaineann leis na tionscadail phíolótacha agus na srianta reatha maidir le COVID-19 agus réitigh/gníomhartha tosaíochta a aimsiú lena n-áirítear an méid seo a leanas ach gan a bheith teoranta dó:
9. Moltaí a chur faoi bhráid an Aire maidir le forbairt Beartas Geilleagair Oíche.