Teacht Aniar agus Téarnamh COVID-19 2021 - An Bóthar Amach Romhainn
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
1 Márta | Scoileanna speisialta ag acmhainn 100% |
Naíonáin bheaga agus mhóra, ranganna 1 agus 2 ar ais ar scoil | |
Ranganna sa bhliain dheireanach den Ardteistiméireacht ar ais ar scoil | |
8 Márta | Tús le cur arís leis an gclár ECCE agus leanaí in aois ECCE ar ais ar scoil |
15 Márta | Ranganna 3, 4, 5 agus 6 sa bhunscoil |
Scoláirí iar-bhunscoile sa 5ú bliain ar ais ar scoil | |
29 Márta | Seirbhísí luathfhoghlama agus luathchúraim agus seirbhísí cúraim leanaí do leanaí in aois scoile le hoscailt arís |
12 Aibreán | An 1ú go dtí an 4ú bliain sna hiar-bhunscoileanna ar ais ar scoil |
An Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime | Síneadh curtha léi go dtí an 30 Meitheamh 2021 |
An Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta | Síneadh curtha léi go dtí an 30 Meitheamh 2021 |
Sochar Feabhsaithe Breoiteachta COVID-19 | Síneadh curtha leis go dtí an 30 Meitheamh 2021 |
Scéim Tacaíochta Shrianta Covid | Síneadh curtha léi go dtí an 30 Meitheamh 2021 |
Soláthair iomarcaíochta le cur ar fionraí | Síneadh curtha leo go dtí an 30 Meitheamh 2021 |
Tarscaoileadh rátaí tráchtála | Síneadh curtha leis go dtí an 30 Meitheamh 2021 |
Cineálacha nua den ghalar a bhainistiú | Déanfar monatóireacht chúramach ar chineálacha nua de réir mar a bheidh scoileanna agus seirbhísí cúraim leanaí ag oscailt arís |
Smacht a choinneáil ar an víreas | Beidh níos mó roghanna againn má laghdaítear uimhreacha den víreas |
Soláthar vacsaíní a fháil | Táimid ag obair leis an AE d'fhonn soláthar vacsaíní na hÉireann a fháil |
An líon daoine a chuirtear san ospidéal a laghdú | Ní mór dúinn an brú atá ar ár gcóras sláinte agus ar ár n-oibrithe túslíne a laghdú |
Tá sé socraithe ag an Rialtas inniu filleadh sábháilte ar oideachas ionscoile agus seirbhísí cúraim leanaí a éascú ar bhonn cúramach agus céimnithe le linn mhíonna Márta agus Aibreáin.
Déanfar sin taobh leis an dlús a chuirfear faoin gclár vacsaínithe i gcomhar le soláthar, ag cinntiú go ndéantar gach dáileog den vacsaín a thabhairt do spriocghrúpaí chomh luath agus is féidir.
Beidh na srianta reatha sláinte poiblí i bhfeidhm go dtí an 5 Aibreán agus déanfar athbhreithniú eile orthu an tráth sin.
Cuirfear síneadh eile le bearta chun tacú le gnólachtaí agus leo sin nach bhfuil ábalta a bheith ag obair mar gheall ar an bpaindéim.
Tá tionchar mór imeartha ag na srianta seo ar an ngeilleagar, ar fholláine fhisiciúil agus mheabhrach ár bpobal. Cuirfear €10 milliún eile i maoiniú ar fáil chun an t-ardú atá ar an éileamh ar sheirbhísí meabhairshláinte a shásamh, agus cuirfear breisiú eile €10 milliún ar fáil lena chur ar chumas seirbhísí criticiúla leanúint de na seirbhísí sin a chur ar fáil do ghrúpaí leochaileacha.
Leagtar amach sa phlean athbhreithnithe chun an víreas a bhainistiú - Téarnamh agus Teacht Aniar COVID-19 2021: An Bóthar Amach Romhainn - mar a thabharfar oideachas ionscoile agus seirbhísí cúraim leanaí ar ais ar bhonn céimnithe ón 1 Márta, agus tabharfar ar ais iad de réir a chéile ar feadh mhí Márta go dtí go mbeidh sin tugtha chun críche tar éis bhriseadh na Cásca an 12 Aibreán (Tá sonraí thíos).
Ba chinneadh deacair a bhí ann síneadh a chur le srianta Leibhéal 5 agus beidh tionchar ollmhór acu ar gach cuid dár ngeilleagar agus den tsochaí. Tá leibhéal ard nach féidir glacadh leis fós sa phobal áfach, agus ní mór dúinn leanúint den ghalar seo a chur faoi chos. De bharr go bhfuil na cineálacha nua den ghalar i bhfad níos tógálaí, beidh gá leis na srianta go léir eile a bheith i bhfeidhm de réir mar a bheidh na chéad seirbhísí seo ag oscailt arís.
Táthar ag glacadh leis an gcur chuige cúramach, tomhaiste seo d'fhonn:
Má éiríonn linn leibhéil inghlactha i ndáil le scaipeadh an víris a bhaint amach, má leantar leis an gclár vacsaínithe mar atá beartaithe agus má cheadaítear é faoi chomhairle sláinte poiblí, is iad na roghanna eile a ndéanfar iad a bhreithniú ón 5 Aibreán ná:
Beidh gá le tréimhse eile trí go ceithre seachtaine i ndáil le haon mhaolú eile a dhéanamh ar shrianta tar éis an 5 Aibreán d'fhonn measúnú a dhéanamh ar an tionchar atá ag na hathruithe.
Leanfar den riachtanas atá ann obair ón mbaile le linn na tréimhse seo murar obair bhunriachtanach maidir le cúrsaí sláinte, coimirce sóisialta nó seirbhís nó gníomhaíocht bhunriachtanach eile atá i gceist agus nach féidir í a dhéanamh ón mbaile.
Leanfar le cláir tacaíochta pobail agus folláine an rialtais agus cuirfear síneadh le tacaíochtaí fostaíochta agus gnó, go leor díobh go dtí mí an Mheithimh.
Tá an rialtas tugtha do threochlár soiléir maidir le filleadh ar ghníomhaíochtaí sna hearnálacha is mó atá buailte lena n-áirítear earnálacha na turasóireachta, an chultúir agus an spóirt a fhorbairt.
COVID-19 Teacht Aniar & Téarnamh 2021
Cuirfear an filleadh céimnithe ar oideachas ionscoile agus seirbhísí cúraim leanaí i bhfeidhm mar seo a leanas:
Cuirfear tús arís ar bhonn céimnithe le seirbhísí luathfhoghlama agus cúraim leanaí le linn na céimeanna seo a leanas:
Sa tréimhse seo romhainn, leanfaidh an rialtas de thacú le hoibrithe trí:
Ina theannta sin, leanfaidh an rialtas de chúnamh a thabhairt do ghnólachtaí trí: