Sláintecare Cúram Ceart, Áit Ceart, Am Ceart Seimineár Gréasáin
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá Sláintecare, i gcomhar leis an bhForas Idirnáisiúnta do Chúram Comhtháite (IFIC Ireland) agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) tar éis sraith de sheimineáir ghréasáin foghlama a fhorbairt chun scéalta a chomhroinnt maidir leis an mbealach atá tionscnaimh agus seirbhísí arna dtacú ag Ciste Lánpháirtíochta Sláintecare tar éis cur le seachadadh cúraim a chabhraíonn le daoine soghonta fanacht sláintiúil ina bpobail féin. Beidh spéis ar leith sna seimineáir ghréasán seo ag seirbhísí arna gcur ar fáil do na daoine is mó atá i mbaol Covid-19 a thógáil. Rinne roinnt mhaith de na tionscadail Sláintecare arna maoiniú faoin gCiste Lánpháirtíochta iad féin a oiriúnú chun a gcúram a sheachadadh i mbealaí nuálacha de bharr na mbearta rialaithe ionfhabhtuithe a tugadh isteach chun teagmháil shóisialta a sheachaint.
Éist siar leis an seimineár gréasáin Sláintecare: ‘Seirbhísí sláinte níos fearr a sholáthar d’othair agus don phobal, ar ár mbóthar chun Cúram Sláinte Uilechoiteann a sholáthar do chách’, a bhí ar siúl an 23 Bealtaine 2024.
Dhírigh an seimineár gréasáin seo ar Thuarascáil Sláintecare ar Dhul Chun Cinn 2021-2023 a d’fhoilsigh an tAire Sláinte an 30 Aibreán 2024. Sa tuarascáil sin cuirtear i dtábhacht an dul chun cinn nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe atá á dhéanamh maidir lenár seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta a athrú chun an Cúram Ceart a sholáthar, san Áit Cheart, ag an Am Ceart.
Le linn an tseimineáir ghréasáin, d'fhéachamar ar na Réigiúin Sláinte nua, ar na Conairí Cúraim Nuachóirithe agus ar Chúram Pobail Feabhsaithe. Tiocfaimid ar ais chuig cuid de na réimsí nach gclúdaítear, i seimineáir ghréasáin amach anseo.
I measc na gcainteoirí bhí Ard-Rúnaí na Roinne Sláinte, Robert Watt, a thug breac-chuntas ar na gnéithe is suntasaí den chlár athchóirithe seo go dtí seo, dar leis. Thug Grace O’Regan, ó Oifig Bainistíochta an Chláir Sláintecare, forléargas ar an dul chun cinn a rinneadh le trí bliana anuas. Labhair Tony Canavan, REO Thiar Thuaidh faoi na Réigiúin Sláinte nua. Thug an Dr Geraldine Comer, Otailmeolaí Leighis Comhairleach do Chúram Sláinte Pobail Iarthar na Gaillimhe agus Príomh-Otailmeolaí d'fhoireann Chúram Súl Comhtháite Pobail na Gaillimhe an t-eolas is déanaí dúinn maidir leis an gConair Cúraim Nuachóirithe Oftailmeolaíochta i nGaillimh. Roinn Alice McGinley, Ceannasaí Feidhmiúcháin Líonra Cúram Sláinte Pobail, cuid den dul chun cinn atá á dhéanamh maidir le Cúram Pobail Feabhsaithe a sholáthar. Roinn Alice McGinley, Ceannasaí Feidhmiúcháin Líonra Cúram Sláinte Pobail, cuid den dul chun cinn atá á dhéanamh maidir le Cúram Pobail Feabhsaithe a sholáthar.
Is féidir leat féachaint ar thaifeadadh iomlán an tseimineáir ghréasáin anseo.
Léirigh an seimineár gréasáin seo an Fhoireann Cúraim Phríomhúil Leanaí "Linn" atá maoinithe ag CúramSláinte. Tá sé mar aidhm ag foireann Linn creat uileghabhálach a chruthú chun seirbhísí cúraim phríomhúil feabhsaithe a sholáthar do leanaí agus do dhaoine óga i gCathair na Gaillimhe Thuaidh agus Thiar, Líonra 5, Cúram Sláinte Pobail Thiar.
Príomhfhócas na foirne seo is ea bogadh ar shiúl ó bhainistíocht cásanna a bhaineann go sonrach le disciplín go cur chuige ildisciplíneach foirne maidir le measúnú, cóireáil agus bainistiú leanaí agus a dteaghlaigh. Tá pointe iontrála amháin bunaithe chun rochtain a fháil ar fhoireann Cúram Príomhúil Leanaí Linn. Mar thoradh air sin, laghdaítear amanna feithimh chun rochtain a fháil ar idirghabhálacha cuí.
Le linn an tseimineáir ghréasáin cloisfimid ó bhaill na foirne a chuireann an tseirbhís seo ar fáil, chomh maith le teaghlaigh atá ag baint tairbhe as an tseirbhís. Is féidir leat féachaint ar thaifeadadh iomlán an tseimineáir ghréasáin anseo.
Ar 21 Márta 2024, Rinne Sláintecare an 22ú Seimineár gréasáin Right Care, Right Place, Right Time – Work-Able Solutions [Réitigh Chumasacha maidir leis an Obair] a óstáil.
Leis an tionscnamh píolótach “Réitigh Chumasacha maidir leis an Obair” tacaítear le daoine a bhfuil tinneas, gortú nó míchumas orthu leanúint den obair nó filleadh ar an obair tar éis dóibh a bheith as láthair. Tá an tionscnamh seo ar an gcéad cheann dá leithéid in Éirinn agus tá maoiniú á dhéanamh air ag Ciste Nuálaíochta Comhtháthaithe Sláintecare, ciste de chuid na Roinne Sláinte.
Is iad neamhoird mhatánchnámharlaigh agus airtríteas an chúis is mó atá le míchumas sealadach san ionad oibre, agus cailltear 7 milliún lá gach bliain mar gheall ar neamhláithreachas agus bíonn costais de bhreis is €750m ag státchiste na hÉireann dá mbarr. Tá sé cruthaithe go mbíonn toradh dearfach ag luath-idirghabhálacha maidir le tacú le daoine fásta in aois oibre a bhfuil na fadhbanna sláinte sin acu leanúint den obair.
Sa tionscnamh seo déanfar tástáil ar Sheirbhís Chúraim Chomhtháite phíolótach um Athshlánú Gairme agus um Teiripe Shaothair ar fud trí dhobharcheantar cúraim phríomhúil i mBaile Átha Cliath, i gCill Dara agus i bPort Láirge do dhaoine a bhfuil neamhoird Mhatánchnámharlaigh agus airtríteas orthu. Tá an tionscnamh seo á sheachadadh ag an gClár Cliniciúil Náisiúnta um Réamaiteolaíocht.
I rith an tseimineáir ghréasáin cloisfidh tú ó bhaill den fhoireann a bhfuil an tionscnamh seo á sheachadadh acu, agus ó othair a théann an tseirbhís chun tairbhe dóibh.
Is féidir an seimineár a aimsiú ina iomlán anseo.
Éist siar leis an seimineár gréasáin Sláintecare Right Care Right Place Right Time- “Forbairt den Fhoireann Réitigh Géarchéime (Meabhairshláinte)”, a tharla ar an Déardaoin 7 Nollaig 2023.
Díríonn an seimineár gréasáin seo ar Sheirbhísí Réitigh Géarchéime. Tacaíonn an tseirbhís seo le daoine a bhfuil géarchéim mheabhairshláinte acu fanacht sa bhaile, ag cur ar chumas na ndaoine sin teacht chucu féin, ina dtimpeallacht féin, ag baint úsáide as a dtaithí agus a láidreachtaí saoil. D'fhéadfadh sainseirbhísí den chineál seo a bheith mar réiteach eile ar líon othar cónaitheach a ísliú. Tacóidh na Seirbhísí Réitigh Géarchéime fosta le rannpháirtíocht ghníomhach teaghlaigh, cúramóirí agus páirtithe.
I rith an tseimineáir, bhí baill den fhoireann Seirbhísí Meabhairshláinte i Sligeach/ Liatroim i láthair, atá ar cheann de na cúig shuíomh foghlama náisiúnta chun Seirbhísí Réitigh Géarchéime a fhorbairt.
I measc na láithreoirí, tá an Dr Elizabeth Gethins, Síciatraí Comhairleach ann, chomh maith le comhghleacaithe altranais agus teiripeoirí saothair. Labhair an tOllamh Philip Dodd ón
Aonad um Bheartas Meabhairshláinte agus Speisialtóir Cliniciúil sa Roinn Sláinte freisin, faoina ról agus faoi spriocanna Sláintecare Right Care Right Place Right Time i Meabhairshláinte a bhaint amach.
Is féidir an seimineár a aimsiú ina iomlán anseo.
Éist leis an seimineár gréasáin Sláintecare Right Care Right Place Right Time arís - “Nuálaíocht agus Claochlú inár Seirbhísí Sláinte” a bhí ar siúl ar an Déardaoin 2ú Samhain 2023.
Is é fócas an seimineár gréasáin ná an Tionscadal SMILE 2 atá maoinithe ag Sláintecare a thaispeáint – ‘Déan tástáil ar Chúram Comhtháite Fíorúil agus Speisialaithe na nOthar le Galar Ainsealach Il-ghalaithe’.
Is seirbhís nuálaíoch í SMILE 2 a chuireann ar chumas daoine féinbhainistiú go réamhghníomhach a dhéanamh ar a sláinte agus a bhfolláine ón mbaile, le tacaíocht ó ardán digiteach agus cianmheasúnú agus triáiseáil faoi stiúir altra.
I measc na gcainteoirí tá Dr Orlaith O’Reilly, Ceannaire Cliniciúil do SMILE 2, Margaret Curran, Bainisteoir Ginearálta Caredoc agus altra SMILE agus sainfhoireann an mhoil galar ainsealach. Ina theannta sin, tugann rannpháirtithe an chláir a dtaithí phearsanta ar an tseirbhís agus an tionchar dearfach atá aige ar a sláinte.
Is féidir leat féachaint ar thaifeadadh iomlán an tseimineáir ghréasáin anseo.
Chuaigh an seimineár gréasáin um Chúram Ceart, Áit Cheart, Am Ceart de chuid Sláintecare “Ról Ardchleachtóirí Altranais agus Cnáimhseachais i gcur i bhfeidhm an chláir athchóirithe sláinte Sláintecare” beo ar an Déardaoin 8ú Nollaig 2022.
Bhí an seimineár gréasáin dírithe ar Sheirbhísí Ardchleachtóirí Altranais agus Cnáimhseachais a thaispeáint agus scrúdú a dhéanamh ar an bhfíorthionchar atá ag na seirbhísí seo ar chuid de na príomhdhúshláin sa tseirbhís sláinte.
D’óstáil Sláintecare Seimineár Gréasáin um Chúram Ceart, Áit Cheart, Am Ceart - ‘‘Tacaíocht a thabhairt dár lucht saothair chun Cúram Pobail Feabhsaithe a sholáthar” ar an 29ú Meán Fómhair 2022.
Ba é téama an tseimineáir seo ná ‘‘Tacaíocht a thabhairt dár lucht saothair chun Cúram Pobail Feabhsaithe a sholáthar”. D’oibrigh an Clár Cúraim Comhtháite chun Galar Ainsealach a chosc agus a bhainistiú i gcomhar le hInstitiúidí Ardoideachais in Éirinn 2016-2019 chun cur i bhfeidhm Curaclam Fochéime Caighdeánach Náisiúnta a fhorbairt agus a thosú chun Galar Ainsealach a chosc agus a bhainistiú.
Chuaigh an 17ú seimineár gréasáin Sláintecare Cúram Ceart Áit Ceart Am Ceart “Aois Shláintiúil Tithe Cairdiúla” beo Déardaoin 28 Aibreán 2022.
Is comhchlár de chuid Sláintecare agus Éire Aoisbháúil é Aois Shláintiúil Tithe Cairdiúla. Oibríonn sé le daoine scothaosta chun a gcoinníollacha maireachtála a fheabhsú trí rochtain ar thacaíochtaí leanúnacha sláinte agus cúraim shóisialta agus tacaíochtaí pobail saincheaptha. Is clár dhá bhliain é an tionscnamh a ritheann thar 9 gceantar Údaráis Áitiúil agus tá súil aige tacaíocht a thabhairt do suas le 4,500 duine scothaosta le linn na tréimhse seo.
Chuaigh an 16ú seimineár gréasáin Sláintecare Cúram Ceart Áit Cheart Am Ceart “Ceannaireacht agus Cáilíocht i gCúram Sláinte” beo ar an Déardaoin 27ú Eanáir 2022.
Sa seimineár gréasáin seo, i gcomhpháirtíocht speisialta le Coláiste Ríoga Lianna na hÉireann (RCPI), bhí tionscadail ón Dioplóma i gCeannaireacht agus Cáilíocht i gCúram Sláinte agus ó Chomhar CHO.
Dhírigh an 15ú seimineár Gréasáin Cúram Sláinte ar thionchar an Chiste Chomhtháthaithe Sláintecare ar othair. Tá na tionscadail seo ag tástáil bealaí nua inar féidir linn cúram a thabhairt níos gaire don bhaile, lena n-áirítear an t-othar a chur i gceartlár dearadh agus seachadadh seirbhíse. Léiríonn na tionscadail seo conas is féidir le smaointeoireacht agus oibriú i gcomhpháirtíocht cabhrú linn spriocanna Sláintecare a bhaint amach maidir le cúram a aistriú chuig an bpobal, agus eispéiris othar a fheabhsú.
Bhí an ceathrú seimineár déag de Sláintecare Care Care Right Place Right Time ar siúl Déardaoin an 18 Samhain ó 3.30pm go 5pm. Bhí an seimineár seo dírithe ar “Acmhainn agus scileanna a fheabhsú chun riochtaí ainsealacha a bhainistiú”. Labhair muid le tionscadail a bhí ag obair le gairmithe cúram sláinte chun riochtaí ainsealacha áirithe a aithint agus a chóireáil trí oideachas leanúnach, chomh maith le bealaí feabhsaithe a aithint agus a fhorbairt chun cúram comhtháite atá níos dírithe ar an othar a sholáthar. Tá tionscadail eile ag tabhairt scileanna agus faisnéise dá n-othar chun a riochtaí a bhainistiú níos fearr ionas gur féidir leo fanacht go maith sa bhaile níos faide.
Breathnaigh siar anseo:
Webinar 14: Enhancing capacity and skills for the management of chronic conditions Agenda
I mórán tionscadal de chuid Cistithe Imeascaidh Sláintecare, tá an bhéim ar ghalarchosc agus ar dhaoine agus pobail a chumasú chun go mbeidh páirt níos gníomhaí acu ina sláinte agus ina bhfolláine féin. Beidh an nuálaíocht agus an dea-chleachtas a léiríonn na tionscadail seo go léir an-luachmhar don obair atá ar bun i ngach contae chun Éire Shláintiúil a chur i bhfeidhm mar chuid lárnach den fhís atá ag Sláintecare.
Tá an rannpháirteachas agus cumhachtú an tsaoránaigh i gcroílár fhorbairt na seirbhíse sláinte maidir leis an gcineál seirbhíse sláinte a shainmhíniú agus a chomhdhearadh atá ag teastáil don daonra atá ag dul i méid.
Bhí an 12ú webinar Right Care Right Place Right Time de chuid Sláintecare ar siúl an 23 Meán Fómhair. Chuireamar an spotsolas ar dhaoine gairmiúla túslíne a bhí ag seachadadh nuálaíochtaí i gcúram dírithe ar an duine tríd an gCiste Comhtháthaithe Sláintecare. Tá obair i bhfoirne ildisciplíneacha ríthábhachtach chun na nuálaíochtaí is gá a sheachadadh chun cuspóirí Chiste Nuálaíochta Sláintecare a sheachadadh.
Bhí trí thionscadal Ciste um Chomhtháthú Sláinte sa Webinar seo, iad go léir ag cur béime ar an gcaoi ar féidir le gairmithe túslíne cúram pearsanta den scoth a sheachadadh.
An 24 Meitheamh 2021, d'óstáil Sláintecare an 11ú Seiminéar Gréasáin Cúram Ceart, Áit Cheart, Am Ceart – 'Cúram Pobail Feabhsaithe'
Príomhghné den Athbhreithniú ar Acmhainn na Seirbhíse Sláinte (2018) is ea aistriú cúraim amach ó ospidéil ghéarmhíochaine isteach sa phobal agus níos gaire do theach duine, nuair is féidir go sábháilte. Tá Cúram Pobail Feabhsaithe ag cinntiú an tionchar is mó do shaoránaigh maidir le hiontrálacha san ospidéal a sheachaint a mhéid is féidir trí thionscnaimh ina ndéantar cúram á sholáthar sa phobal, i dteach duine nó gar do theach an duine nuair is cuí.
Ar an Déardaoin 27 Bealtaine 2021, d’óstáil Sláintecare an 10ú seimineár gréasáin ina shraith seimineár gréasáin, dar teideal ‘Obair Chomhoibritheach um Nuálaíocht agus Athrú’.
Bhí an Dr. Gráinne Healy ina óstach ar an seimineár gréasáin seo agus ullmhaíodh é i gcomhpháirtíocht le IFIC Ireland (Cónaidhm Idirnáisiúnta um Chúram Comhtháite) agus le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Sa sheimineár gréasáin, roinneadh scéalta faoi thionscadail atá ag tabhairt daoine le chéile ó na hearnálacha sláinte, cúraim agus pobail le chéile. Thug sé an chéad amharc dúinn ar an Straitéis Cúraim Sláinte & Plean Gnímh 2021-2023 nua freisin.
Ar an 29 Aibreán 2021, reáchtáil Sláintecare an 9ú Seimineár Gréasáin - Cúram Ceart, Áit Cheart, Am Ceart - ‘‘Rochtain ar Chúram a Fheabhsú”
I rith an tseimineáir ghréasáin seo roinneadh scéalta maidir le tionscadail atá á maoiniú ag Sláintecare a bhfuil tionchar acu ar amanna feithimh/liostaí feithimh agus a bhfuil obair á déanamh acu chun eispéireas daoine a úsáideann ár seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta a fheabhsú.
Ar an 25 Márta 2021, reáchtáil Sláintecare an 8ú Seimineár Gréasáin - Cúram Ceart, Áit Cheart, Am Ceart - ‘‘Conairí Malartacha”
I rith an tSeimineáir Ghréasáin seo labhair Martin Dunne, Stiúrthóir na Seirbhíse Náisiúnta Otharcharranna faoi chonairí malartacha atá á soláthar ag an tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna, ar mhaithe le níos mó cúraim a chur ar fáil sa phobal.
Reáchtáil Sláintecare an seachtú Seimineár Gréasáin - Cúram Ceart, Áit Cheart, Am Ceart - ‘‘Cúram Duinelárnach ar Ardchaighdeán/Eispéireas othar agus úsáideoirí seirbhíse a fheabhsú” ar an 4 Feabhra, 2021.
Rinne Sláintecare ár séú Seimineár Gréasáin Cúram Ceart, Áit Cheart, Am Ceart dar teideal ‘Rannpháirteachas Pobail a Chothú’, a óstáil ar an 19 Samhain 2020.
Rinne Sláintecare ár gcúigiú Seimineár Gréasáin Cúram Ceart, Áit Cheart, Am Ceart dar teideal ‘Sláinte agus Folláine - Saoránaigh a Chumhachtú’ a óstáil ar an 22 Deireadh Fómhair 2020.
Rinne Sláintecare ár gceathrú Seimineár Gréasáin Cúram Ceart, Áit Cheart, Am Ceart dar teideal ‘Ríomhshláinte’ a óstáil ar an 10 Meán Fómhair 2020.
Rinne Sláintecare ár dtríú Seimineár Gréasáin Cúram Ceart, Áit Cheart, Am Ceart dar teideal ‘Bainistiú Galair Ainsealaigh ’ a óstáil ar an 30 Iúil 2020.
Rinne Sláintecare an dara Seimineár Gréasáin Cúram Ceart, Áit Cheart, Am Ceart dár gcuid, dar teideal ‘Bealaí Nua Oibre’, a óstáil ar an 16 Iúil 2020.
[youtube youtube https://youtu.be/nRwxqO5S9Ng ]
Rinne Sláintecare ár gcéad Sheimineár Gréasán Cúram Ceart, Áit Cheart, Am Ceart riamh dar teideal ‘Dea-chleachtais agus dea-phróisis um chúram daoine scothaosta’ a óstáil ar an 25 Meitheamh 2020.